Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62025TN0818

Cás T-818/25: Caingean arna tabhairt an 27 Samhain 2025 NYKY v EUIPO – OOFOS (OOFWEAR)

IO C, C/2026/661, 9.2.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/661/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/661/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2026/661

9.2.2026

Caingean arna tabhairt an 27 Samhain 2025 NYKY v EUIPO – OOFOS (OOFWEAR)

(Cás T-818/25)

(C/2026/661)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: NYKY Srl (Silea, an Iodáil) (ionadaithe: F. le Divelec Lemmi, E. Cammareri agus B. Marone, Dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: OOFOS, Inc. (Braintree, Massachusetts, na Stáit Aontaithe)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Dílseánach an trádmhairc faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta

Trádmharc atá faoi cheist: Marc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh OOFWEAR – Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 18 281 500

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí cealaithe

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCeathrú Bord Achomhairc de EUIPO an 15 Meán Fómhair 2025 i gCás R 47/2025-4

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní agus, dá bhrí sin, a cheadú do chlárú trádmhairc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 18 281 500 cosaint a choinneáil i ndáil leis na hearraí agus na seirbhísí go léir a éilítear nó, ar deireadh, a iarraidh ar EUIPO scrúdú a dhéanamh arís ar an achomharc a thaisc an páirtí eile sna himeachtaí;

a ordú don pháirtí eile sna himeachtaí na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagail 60(1)(a) agus 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

Sárú ar Airteagail 263 agus 296 i gcomhar le hAirteagal 94(1) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/661/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top