Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62025TN0704

Cás T-704/25: Caingean arna tabhairt an 9 Deireadh Fómhair 2025 – van der Linde v Europol

IO C, C/2025/6396, 8.12.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/6396/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/6396/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/6396

8.12.2025

Caingean arna tabhairt an 9 Deireadh Fómhair 2025 – van der Linde v Europol

(Cás T-704/25)

(C/2025/6396)

Teanga an cháis:an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Frank van der Linde (an Ísiltír) (ionadaithe: T. van der Sommen agus E. Jurjens, Dlíodóirí)

Cosantóir: Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

a chinneadh go bhfuil Europol faoi dhliteanas faoi Airteagail 268 agus 340 CFAE agus Airteagail 49(3) agus 50(1) de Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) as an damáiste a rinne sé do Van der Linde trí shárú a dhéanamh ar a oibleagáidí faoi Rialachán 2016/794 agus faoi Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’) lena dtugtar cearta do Van der Linde mar a chumhdaítear in Airteagail 7, 8, 41 agus 47 den Chairt agus in Airteagail 36 agus 37 de Rialachán 2016/794;

a ordú do Europol an damáiste a bhain do Van der Linde mar thoradh díreach ar iompar neamhdhleathach Europol ina iomláine a chúiteamh, arb ionann é agus EUR 50 000 i ndamáiste neamhábhartha agus EUR 26 250 i ndamáiste ábhartha, amhail ón 9 Deireadh Fómhair 2025, a mhéadófar leis an ús dlite ar dháta na híocaíochta, mar a leagtar amach san iarratas, nó i bpáirt de réir mar a chinnfidh an Chúirt Ghinearálta;

a chinneadh go bhfuil Europol faoi dhliteanas i leith gach damáiste nach eol fós a rinneadh do Van der Linde mar thoradh ar iompar neamhdhleathach Europol;

a ordú do Europol na costais arna dtabhú ag Van der Linde le haghaidh na n-imeachtaí reatha a íoc mar aon le hús;

beidh siad uile le híoc laistigh de dhá sheachtain tar éis an breithiúnas a thabhairt agus méadófar iad le hús in aghaidh gach lae a chuirtear moill ar an íocaíocht.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Trína chaingean le haghaidh damáistí faoi Airteagail 268 agus 340 CFAE agus Airteagail 49(3) agus 50(1) de Rialachán (AE) 2016/794; iarrann an t-iarratasóir cúiteamh in ndáil le a shonraí pearsanta a phróiseáil, a mhaíonn sé a rinneadh go mídhleathach ag Europol agus ag údaráis Ríocht na hÍsiltíre.

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir sé shaincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear nár mheas Europol an raibh próiseáil shonraí pearsanta (íogaire) an iarratasóra i gcomhréir le sainordú Europol mar a cheanglaítear faoi Airteagail 18(1), 18(2) agus 30(2) de Rialachán 2016/794.

2.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear gur phróiseáil Europol sonraí pearsanta (íogaire) an iarratasóra de shárú ar Airteagail 28(1), 30(2), 30(3), 38(3) agus 38(4) de Rialachán 2016/794 agus Airteagail 7 agus 8 den Chairt.

3.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear gur dhiúltaigh Europol d’iarraidh an iarratasóra ar rochtain ar a shonraí pearsanta de shárú ar Airteagail 36(1), 36(2), 36(4), 36(5), 36(6), 36(7) agus 40(1) de Rialachán 2016/794 agus Airteagal 41 den Chairt.

4.

An ceathrú saincheist dlí lena n-éilítear gur chuir Europol cosc ar an iarratasóir a chearta a fheidhmiú go tráthúil maidir le sonraí pearsanta a bhaineann leis atá ina sheilbh ag Europol a cheartú agus a léirscriosadh de shárú ar Airteagal 37 de Rialachán 2016/794 agus Airteagal 8(2) den Chairt.

5.

An cúigiú saincheist dlí lena n-éilítear go ndearna Europol sonraí pearsanta (íogaire) an iarratasóra a stóráil níos faide ná mar a bhí riachtanach agus comhréireach agus gur scrios sé a shonraí ina dhiaidh sin ar feitheamh a iarratais ar rochtain ar shonraí, rud a rinne dochar dá leasanna de shárú ar Airteagail 31(1) agus 31(6) de Rialachán 2016/794

6.

An séú saincheist dlí lena n-éilítear gur chuir Europol bac ar éifeacht phraiticiúil cheart rochtana an iarratasóra ar a shonraí pearsanta de shárú ar Airteagail 41 agus 47 den Chairt.


(1)  Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus lena n-aisghairtear Cinntí 2009/371/CGB, 2009/934/CGB, 2009/935/CGB, 2009/936/CGB agus 2009/968/CGB ón gComhairle agus a ghabhann ionad na gCinntí sin (IO 2016 L 135, lch. 53).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/6396/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top