Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62025TN0653

Cás T-653/25: Caingean arna tabhairt an 15 Meán Fómhair 2025 – MS agus páirtithe eile v an Chomhairle

IO C, C/2025/6630, 22.12.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/6630/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/6630/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/6630

22.12.2025

Caingean arna tabhairt an 15 Meán Fómhair 2025 – MS agus páirtithe eile v an Chomhairle

(Cás T-653/25)

(C/2025/6630)

Teanga an cháis: an Bhulgáiris

Páirtithe

Iarratasóirí: MS agus 12 iarratasóir eile (ionadaí: P. Chenalova, Dlíodóir)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta go gcuirfí ar neamhní:

Cinneadh (AE) 2025/1407 ón gComhairle an 8 Iúil 2025 maidir le glacadh an euro ag an mBulgáir an 1 Eanáir 2026, (1)

Rialachán (AE) 2025/1408 ón gComhairle an 8 Iúil 2025 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 974/98 a mhéid a bhaineann leis an euro a thabhairt isteach sa Bhulgáir, (2) agus

Rialachán (AE) 2025/1409 ón gComhairle an 8 Iúil 2025 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2866/98 a mhéid a bhaineann leis an ráta comhshó chuig an euro i gcás na Bulgáire. (3)

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn na hiarratasóirí trí shaincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí lena n-éílítear: glacadh na trí chinneadh atá faoi chonspóid de shárú ar na Conarthaí (Airteagal 338(2), Airteagal 140 CFAE) agus ar rialacha dlí a bhaineann lena gcur chun feidhme (Prótacal 13 maidir leis na critéir um chóineasú, Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 (4) maidir le staidreamh Eorpach, Rialachán (AE) Uimh. 2016/792 (5) maidir le hinnéacsanna comhchuibhithe praghsanna do thomhaltóirí (ICPT) agus maidir leis an innéacs praghsanna tithe, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1148 (6) ón gCoimisiún, Cód Cleachtais an Staidrimh Eorpaigh).

Agus tuarascálacha cóineasaithe á bplé aici, ghlac Comhairle an Aontais Eorpaigh cur chuige foirmiúil, ag déanamh neamhairde ar na torthaí maidir le treochtaí diúltacha atá ag dul in olcas chomh maith le sonraí maidir le cúbláil an bhoinn staidrimh a úsáidtear chun an ráta boilscithe a chinneadh. Tá an measúnú ar cheanglais chóineasaithe na Bulgáire contrártha do staidreamh ICPT, táscairí praghais, táscairí fioscacha, agus réamh-mheastacháin BCE.

2.

An dara saincheist dlí lena n-éílítear: eisíodh na trí chinneadh atá faoi chonspóid de shárú ar cheanglais fhíor-riachtanacha nós imeachta.

Níl na gníomhartha réasúnaithe, sáraíodh prionsabail na deimhneachta dlíthiúla agus chosaint an ionchais dhlisteanaigh, na comhréireachta, an chomhair dhílis, an daonlathais agus na trédhearcachta, an dea-riaracháin, na coimhdeachta, na cothromaíochta institiúidí agus na bprionsabal daonlathach.

3.

An tríú saincheist dlí lena n-éílítear: mí-úsáid cumhachtaí.

Agus na gníomhartha, na cinntí agus na rialacháin atá faoi chonspóid á nglacadh aici, sháraigh an Chomhairle an dualgas scrúdú cúramach neamhchlaonta a dhéanamh. Theip ar an gComhairle a hoibleagáidí maidir le dícheallacht, oibiachtúlacht agus trédhearcacht a chomhlíonadh trí mhainneachtain seiceáil a dhéanamh nó a ordú ar chruinneas an staidrimh i gcás tuairiscí cúblála agus míchruinnis.


(1)  IO L, 2025/1407.

(2)  IO L, 2025/1408.

(3)  IO L, 2025/1409.

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le staidreamh Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1101/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tarchur sonraí atá faoi réir rúndacht staidrimh chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach, Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle maidir le Staidreamh Comhphobail, agus Cinneadh 89/382/CEE (IO 87 L 2009, lch. 164).

(5)  Rialachán (AE) 2016/792 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le hinnéacsanna comhchuibhithe praghsanna do thomhaltóirí agus maidir leis an innéacs praghsanna tithe, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2494/95 ón gComhairle (IO 135 L 2016, lch. 11).

(6)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1148 ón gCoimisiún an 31 Iúil 2020 lena leagtar síos na sonraíochtaí modheolaíochta agus teicniúla i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/792 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le hinnéacsanna comhchuibhithe praghsanna do thomhaltóirí agus maidir leis an innéacs praghsanna tithe (IO 252 L 2020, lch. 12).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/6630/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top