Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62025TN0328

Cás T-328/25: Caingean arna tabhairt an 26 Bealtaine 2025 – Aven v an Chomhairle

IO C, C/2025/3917, 21.7.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/3917/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/3917/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/3917

21.7.2025

Caingean arna tabhairt an 26 Bealtaine 2025 – Aven v an Chomhairle

(Cás T-328/25)

(C/2025/3917)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: Petr Aven (Klauģulejas, an Laitvia) (ionadaithe: T. Marembert agus A. Bass, Dlíodóirí)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Cinneadh (CBES) 2025/528 ón gComhairle an 14 Márta 2025 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, a chur ar neamhní a mhéid a bhaineann sé leis an iarratasóir;

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/527 ón gComhairle an 14 Márta 2025 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, a chur ar neamhní a mhéid a bhaineann sé leis an iarratasóir; agus

a ordú don Chomhairle na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir trí shaincheist dlí dhéag.

1.

An chéad saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar cheanglais fhíor-riachtanach nós imeachta, ar Airteagal 3 de Chinneadh 2014/145/CBES agus ar an oibleagáid athbhreithniú tréimhsiúil a dhéanamh. Maíonn an t-iarratasóir go gcuireann diúltú Phoblacht na Laitvia athbhreithniú a dhéanamh ar staid an iarratasóra na bearta a rinneadh ó bhail.

2.

An dara saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar cheanglais fhíor-riachtanach nós imeachta. Maíonn an t-iarratasóir gur sáraíodh an oibleagáid athbhreithniú tréimhsiúil a dhéanamh trí líomhaintí a choinneáil ar bun a bhfuil sé faighte ag foinsí an Chomhairle féin go bhfuil siad imithe i léig agus trí mhainneachtain argóintí láidre an iarratasóra a chur san áireamh.

3.

An tríú saincheist dlí, lena n-éilítear earráid mheasúnaithe i ndáil le critéir (a) agus (d). De réir an iarratasóra, tá na líomhaintí uile i ndáil le cuideachta AlfaStrakhovanie mícheart, toisc nach bhfuil aon bhaint ag an iarratasóir leis an gcuideachta sin a thuilleadh.

4.

An ceathrú saincheist dlí, lena n-éilítear earráid mheasúnaithe i ndáil le critéar (a). De réir an iarratasóra, tá an líomhain go ‘soláthraíonn an chuideachta árachais AlfaStrakhovanie, fochuideachta den Alfa Group Consortium, árachas d’fheithiclí Sheirbhís Chónaidhme Gharda Náisiúnta Chónaidhm na Rúise (Rosgvardia), a n-oibríonn a n-aonaid sna réigiúin atá faoi fhorghabháil san Úcráin atá faoi rialú na Rúise’ mícheart.

5.

An cúigiú saincheist dlí, lena n-éilítear earráid mheasúnaithe i ndáil le critéar (a). Maíonn an t-iarratasóir go bhfuil an líomhain gur ‘chuir AlfaStrakhovanie árachas ar fáil freisin do chuideachtaí mar shampla JSC Kalashnikov Concern agus Central Scientific-Research Institute for Precision Machine Engineering (TsNIITochMash), a bhfuil a n-airm á n-úsáid go forleathan ag míleata na Rúise san Úcráin, lena n-áirítear le linn na n-ainghníomhartha in Bucha’ mícheart.

6.

An séú saincheist dlí, lena n-éilítear earráid mheasúnaithe i ndáil le critéar (a). Maíonn an t-iarratasóir go bhfuil an líomhain go ‘[g]comhoibríonn X5 Retail Group, cuideachta eile de Alfa Group Consortium, le JSC Voentorg’ mícheart.

7.

An seachtú saincheist dlí, lena n-éilítear earráid mheasúnaithe. Maíonn an t-iarratasóir go bhfuil an líomhain i ndáil le cuideachta A1 mícheart agus nach féidir leis in aon chás, údar a thabhairt leis na critéir dá dtagraítear.

8.

An t-ochtú saincheist dlí, lena n-éilítear earráid mheasúnaithe i ndáil le critéar (g) (pearsa ghnó atá rannpháirteach in earnáil eacnamaíoch a sholáthraíonn ioncam suntasach do rialtas Chónaidhm na Rúise). Maíonn an t-iarratasóir nár léirigh an Chomhairle gur pearsa ghnó é ‘atá rannpháirteach in earnáil eacnamaíoch ar foinse shuntasach ioncaim í do rialtas Chónaidhm na Rúise’.

9.

An naoú saincheist dlí, lena n-éilítear earráid mheasúnaithe i ndáil le critéar (g) (príomhphearsa ghnó). De réir an iarratasóra, níor léirigh an Chomhairle gur phearsa gnó é a bhfuil tionchar aige ar rialtas na Rúise.

10.

An deichiú saincheist dlí, lena n-éilítear earráid mheasúnaithe i ndáil le critéar (g) (mórphearsa ghnó). De réir an iarratasóra, níor léirigh an Chomhairle gur ‘mór[phearsa]’ ghnó é.

11.

An t-aonú saincheist dlí dhéag, lena n-éilítear earráid mheasúnaithe i ndáil le critéar (j). Maíonn an t-iarratasóir go bhfuil an líomhain ‘in 2024, rinne údaráis na Rúise cuideachtaí sealbhaíochta de chuid an Aontais a dhíshealbhú as cearta maoine i gcuideachta sealbhaíochta Rúiseach Alfa Bank, JSC AB Holding, agus d’fhoráil siad go mbeadh scairshealbhóirí indíreacha, mar shampla Aven, le bheith ina scairshealbhóirí díreacha sa chuideachta sealbhaíochta Rúiseach mícheart agus nach féidir leis an oibríocht trínar fhág an t-iarratasóir earnáil baincéireachta na Rúise, in aon chás, a bheith ina saintréith den critéar dá dtagraítear.

12.

An dara saincheist dlí dhéag, lena n-éilítear earráid mheasúnaithe i ndáil le critéar (h)(ii). Maíonn an t-iarratasóir go bhfuil an líomhain gur ‘[d]híol Aven a chearta maoine díreacha nua le tríú páirtí ina dhiaidh sin, agus fuair sé íocaíocht shuntasach sa Rúis’ mícheart agus nach féidir leis an oibríocht trínar fhág an t-iarratasóir earnáil baincéireachta na Rúise, in aon chás, a bheith ina saintréith den critéar dá dtagraítear.

13.

An tríú saincheist dlí dhéag, lena n-éilítear earráid mheasúnaithe i ndáil le critéar (d). Maíonn an t-iarratasóir go bhfuil an líomhain go ‘soláthraíonn an chuideachta árachais AlfaStrakhovanie, […] árachas d’fheithiclí […] a úsáideann gardaí cosanta Uachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin’ mícheart.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/3917/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top