This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62025TN0029
Case T-29/25: Action brought on 21 January 2025 – Zhejiang Geely Automobile and Others v Commission
Cás T-29/25: Caingean arna tabhairt an 21 Eanáir 2025 – Zhejiang Geely Automobile agus páirtithe eile v an Coimisiún
Cás T-29/25: Caingean arna tabhairt an 21 Eanáir 2025 – Zhejiang Geely Automobile agus páirtithe eile v an Coimisiún
IO C, C/2025/1249, 3.3.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/1249/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
                
             | 
            
                Iris Oifigiúil   | 
            
                GA Sraith C  | 
         
| 
                C/2025/1249  | 
            
                3.3.2025  | 
         
Caingean arna tabhairt an 21 Eanáir 2025 – Zhejiang Geely Automobile agus páirtithe eile v an Coimisiún
(Cás T-29/25)
(C/2025/1249)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóirí: Zhejiang Geely Automobile Co. Ltd (Ningbo, an tSín), Zhejiang Haoqing Automobile Manufacturing Co. Ltd (Taizhou, an tSín), Asia Euro Automobile Manufacture (Taizhou) Co. Ltd (Pengjie, an tSín), Chongqing Lifan Passenger Vehicle Co. Ltd (Chongqing, an tSín), Fengsheng Automobile (Jiangsu) Co. Ltd (Rugao, an tSín), Shanxi New Energy Automobile Industry Co. Ltd (Jinzhong, an tSín), Zhongjia Automobile Manufacturing (Chengdu) Co. Ltd (Chengdu, an tSín) (ionadaithe: S. De Knop, M. Meulenbelt agus A. Moroni, Dlíodóirí)
Cosantóir: an Coimisiún Eorpach
An t-ordú atá á lorg
Iarrann na hiarratasóirí ar an gCúirt Ghinearálta:
| 
                   —  | 
               
                   A dhearbhú go bhfuil an t-iarratas inghlactha;  | 
            
| 
                   —  | 
               
                   Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2754 ón gCoimisiún an 29 Deireadh Fómhair 2024 lena bhforchuirtear dleacht frithchúitimh chinntitheach ar allmhairí feithiclí ceallra-leictreacha nua atá ceaptha chun daoine de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne a iompar (1) (‘an Rialachán atá faoi chonspóid’) a chur ar neamhní; agus  | 
            
| 
                   —  | 
               
                   A ordú don Choimisiún na costais a íoc.  | 
            
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca leis an gcaingean, maíonn na hiarratasóirí trí shaincheist dlí.
| 
                   1.  | 
               
                   An chéad saincheist dlí lena n-éilítear earráid fhollasach measúnaithe agus sárú ar Airteagail 2(b), 3, 4(2), 5, 6(d), 7, 15(1) agus 28 de Rialachán (AE) 2016/1037 (2) (‘an Bun-Rialachán’) agus Airteagal 291(2) CFAE agus fóirdheontais in-fhrithchúitithe líomhnaithe á gcinneadh agus á ríomh.  | 
            
| 
                   2.  | 
               
                   An dara saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar an gceart chun cosanta agus ar an oibleagáid cúiseanna a lua maidir leis an measúnú ar bhagairt díobhála faoi Airteagal 8(8) den bhun-Rialachán.  | 
            
| 
                   3.  | 
               
                   An tríú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar phrionsabal na comhréireachta agus pléadáil neamhdhleathachta de bhun Airteagal 277 CFAE, agus earráid fhollasach measúnaithe agus sárú ar Airteagail 15(1) agus 31 den bhun-Rialachán agus ar phrionsabal na comhréireachta trí mhainneachtain riail na dleachta níos lú a chur i bhfeidhm.  | 
            
(1) IO L, 2024/2754, 29.10.2024.
(2) Rialachán (AE) 2016/1037 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí ar tugadh fóirdheontas ina leith, ar allmhairí iad ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/1249/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)