Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62025TB0657

Cás T-657/25: Ordú na Cúirte Ginearálta an 20 Aibreán 2026 – Mowi Poland v EFSA (Rochtain ar dhoiciméid – Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 – Doiciméid a bhaineann le dréachtú Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/1141 – Diúltú rochtana intuigthe – Cinneadh sainráite arna tuairisciú tar éis don chaingean a bheith tionscnaithe – Cás nach dtéann ar aghaidh chun breithiúnais)

IO C, C/2026/3071, 15.6.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/3071/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/3071/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2026/3071

15.6.2026

Ordú na Cúirte Ginearálta an 20 Aibreán 2026 – Mowi Poland v EFSA

(Cás T-657/25)  (1)

(Rochtain ar dhoiciméid - Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 - Doiciméid a bhaineann le dréachtú Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/1141 - Diúltú rochtana intuigthe - Cinneadh sainráite arna tuairisciú tar éis don chaingean a bheith tionscnaithe - Cás nach dtéann ar aghaidh chun breithiúnais)

(C/2026/3071)

Teanga an cháis: an Pholainnis

Páirtithe

Iarratasóir: Mowi Poland S.A. (Ustka, an Pholainn) (ionadaithe: Z. Kiedacz agus K. Puchalska, Dlíodóirí)

Cosantóir: An tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (ionadaithe: D. Detken, S. Gabbi agus B. Lavitola, i gcáil Gníomhairí, le cúnamh ó A. Guillerme agus L. Marchal, Dlíodóirí)

Ábhar

Lena chaingean faoi Airteagal 263 TFUE, iarrann an t-iarratasóir, go príomha, go gcuirfí ar neamhní cinneadh intuigthe ón Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (EFSA) an 15 Iúil 2025 lena ndiúltaíodh dá iarratas deimhnitheach ar rochtain ar roinnt doiciméad a bhaineann, go bunúsach, le dréachtú Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/1141 ón gCoimisiún an 14 Nollaig 2023, lena leasaítear Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais shonracha sláinteachais i gcás feola, táirgí iascaigh, táirgí déiríochta agus uibheacha áirithe (IO L, 2024/1141).

An chuid oibríochtúil

1)

Ní gá breith a thabhairt ar an gcaingean a thuilleadh.

2)

Ordaítear don Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (EFSA) na costais a íoc.


(1)   IO C, C/2025/5863, 10.11.2025.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/3071/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top