Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62025TB0260

Cás T-260/25: Ordú na Cúirte Ginearálta an 9 Feabhra 2026 – Leidos agus páirtithe eile v an Coimisiún (Caingean le haghaidh neamhniú – Comhfhogasú dlíthe – Speictream raidió comhchuibhithe – Easpa locus standi – Easpa cúraim dhírigh – Gníomh nach féidir agóid a dhéanamh ina choinne – Gníomh ullmhúcháin – Do-ghlacthacht – Iarratas ar urghaire – Easpa dlínse)

IO C, C/2026/2252, 27.4.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/2252/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/2252/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2026/2252

27.4.2026

Ordú na Cúirte Ginearálta an 9 Feabhra 2026 – Leidos agus páirtithe eile v an Coimisiún

(Cás T-260/25)  (1)

(Caingean le haghaidh neamhniú - Comhfhogasú dlíthe - Speictream raidió comhchuibhithe - Easpa locus standi - Easpa cúraim dhírigh - Gníomh nach féidir agóid a dhéanamh ina choinne - Gníomh ullmhúcháin - Do-ghlacthacht - Iarratas ar urghaire - Easpa dlínse)

(C/2026/2252)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóirí: Leidos, Inc. (Wilmington, Delaware, na Stáit Aontaithe), Leidos Security Detection & Automation, Inc. (Wilmington, Delaware), Leidos Security Detection & Automation UK Ltd (Bedford, an Ríocht Aontaithe) (ionadaithe: K. van Haastrecht, J. van den Biggelaar, M. de Graef, J. Schouten agus W. Seinen, Dlíodóirí)

Cosantóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: G. Conte agus O. Gariazzo, Gníomhairí)

Ábhar

Lena gcaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann na hiarratasóirí, go príomha, go gcuirfí Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/105 ón gCoimisiún an 22 Eanáir 2025 lena leasaítear Cinneadh 2006/771/CE lena nuashonraítear coinníollacha teicniúla comhchuibhithe i réimse na húsáide speictrim raidió le haghaidh gairis gearr-raoin agus lena n-aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme 2014/641/AE maidir le coinníollacha teicniúla comhchuibhithe i ndáil le húsáid speictrim raidió i dtaifeadadh clár fuaime gan sreang agus ag trealamh le haghaidh imeachtaí speisialta san Aontas (IO L, 2025/105) ar neamhní, nó, de rogha air sin, go gcuirfí Tuarascáil 85 ó Chomhdháil Eorpach na Riarachán Poist agus Teileachumarsáide agus Tuarascáil 344 ón gCoiste um Chumarsáid Leictreonach (ECC) ar neamhní agus go n-ordófaí don Choimisiún Eorpach ‘iad a áireamh sna meithleacha’.

An chuid oibríochtúil

1.

Diúltaítear don chaingean i bpáirt toisc é a bheith do-ghlactha agus i bpáirt mar gheall ar easpa dlínse.

2.

Ordaítear do Leidos Inc., Leidos Security Detection & Automation, Inc. Agus Leidos Security Detection & Automation UK Ltd a gcostais féin agus na costais arna dtabhú ag an gCoimisiún Eorpach a íoc.


(1)   IO C, C/2025/3080, 10.6.2025.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/2252/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top