Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62025TB0158

Cás T-158/25: Ordú na Cúirte Ginearálta an 18 Feabhra 2026 – EFPIA v an Pharlaimint agus an Chomhairle (Fuíolluisce uirbeach II) (Caingean le haghaidh neamhniú – Comhshaol – Cóireáil fuíolluisce uirbigh – Airteagail 1, 2, 9, 10 agus 30 de Threoir (AE) 2024/3019 agus Iarscríbhinn III a ghabhann léi – Freagracht leathnaithe táirgeora as táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine agus as táirgí cosmaideacha – Seasamh chun imeachtaí a thionscnamh – Easpa cúram aonair – Do-ghlacthacht)

IO C, C/2026/2245, 27.4.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/2245/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/2245/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2026/2245

27.4.2026

Ordú na Cúirte Ginearálta an 18 Feabhra 2026 – EFPIA v an Pharlaimint agus an Chomhairle (Fuíolluisce uirbeach II)

(Cás T-158/25)  (1)

(Caingean le haghaidh neamhniú - Comhshaol - Cóireáil fuíolluisce uirbigh - Airteagail 1, 2, 9, 10 agus 30 de Threoir (AE) 2024/3019 agus Iarscríbhinn III a ghabhann léi - Freagracht leathnaithe táirgeora as táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine agus as táirgí cosmaideacha - Seasamh chun imeachtaí a thionscnamh - Easpa cúram aonair - Do-ghlacthacht)

(C/2026/2245)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Fédération européenne d’associations et d’industries pharmaceutiques (EFPIA) (Lucsamburg, Lucsamburg) (ionadaithe: C. García Molyneux, Z. Bertrand, Dlíodóirí, agus B. Kelly, Aturnae)

Cosantóirí: Parlaimint na hEorpa (ionadaithe: L. Taïeb, W. Kuzmienko agus A. Droin, Gníomhairí), Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: A. Maceroni agus O. Segnana, Gníomhairí)

Maidir le:

Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir, go príomha, go gcuirfí Airteagal 1, Airteagal 2(19), (20) agus (26), Airteagail 9 agus 10, agus pointí (c) agus (g) den dara fomhír d’Airteagal 30(1) de Threoir (AE) 2024/3019 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2024 maidir le cóireáil fuíolluisce uirbigh (IO L, 2024/3019) agus, mar mhalairt air sin, go gcuirfí an Treoir sin ar neamhní ina hiomláine.

An chuid oibríochtúil

1.

Déantar an chaingean a dhíbhe mar chaingean neamh-inghlactha.

2.

Ní gá a thuilleadh breithniú a dhéanamh ar na hiarratais ar idiragairt a rinne Farmindustria, Association of the European Self-Care Industry (AESGP), Novo Nordisk A/S, Sanofi Winthrop Industrie, Boehringer Ingelheim International GmbH, Novartis Pharma GmbH, Les Entreprises du Médicament (Leem), an Coimisiún Eorpach, Bundesverband der Energie- und Wasserwirtschaft (BDEW) eV agus Verband Kommunaler Unternehmen (VKU) eV.

3.

Ordaítear do Fédération européenne d’associations et d’industries pharmaceutiques (EFPIA) na costais a íoc.

4.

Ordaítear do Farmindustria, AESGP, Novo Nordisk, Sanofi Winthrop Industrie, Boehringer Ingelheim International, Novartis Pharma, Leem, an Coimisiún, BDEW agus VKU a gcostais féin a bhaineann leis na hiarratais ar idiragairt a íoc.


(1)   IO C, C/2025/2674, 19.5.2025.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/2245/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top