Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62025TA0412

Cás T-412/25: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 17 Meitheamh 2026 – Parkster v EUIPO – Ühisteenused (PARKNER) (Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí freasúra – Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh PARKNER – Focalmharc níos luaithe de chuid an Aontais Eorpaigh PARKSTER – Marc fíortha náisiúnta níos luaithe Parkster – Foras coibhneasta le diúltú – Dóchúlacht mearbhaill – Cosúlacht na n-earraí agus na seirbhísí – Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001)

IO C, C/2026/3848, 27.7.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/3848/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/3848/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2026/3848

27.7.2026

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 17 Meitheamh 2026 – Parkster v EUIPO – Ühisteenused (PARKNER)

(Cás T-412/25)  (1)

(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí freasúra - Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh ‘PARKNER’ - Focalmharc níos luaithe de chuid an Aontais Eorpaigh ‘PARKSTER’ - Marc fíortha náisiúnta níos luaithe Parkster - Foras coibhneasta le diúltú - Dóchúlacht mearbhaill - Cosúlacht na n-earraí agus na seirbhísí - Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001)

(C/2026/3848)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Parkster AB (Lund, an tSualainn) (ionadaithe: J. Norderyd, C. Sundén agus J. Nilsson, avocats)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: M. Eberl, Gníomhaire)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO, ag idiragairt os comhair na Cúirte Ginearálta: Ühisteenused AS (Taillinn, an Eastóin) (ionadaí: T. Toomela, avocat)

Ábhar

Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfaí an cinneadh ón Dara Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 6 Bealtaine 2025 (Cás R 1944/2024-2) a chur ar neamhní agus a athrú.

An chuid oibríochtúil

1)

Cuirtear cinneadh an Dara Bord Achomhairc de chuid Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 6 Bealtaine 2025 (Cás R 1944/2024-2) ar neamhní.

2)

Díbhtear an chuid eile den chaingean.

3)

Ordaítear do EUIPO a costais féin agus na costais arna dtabhú ag Parkster AB chun críocha na n-imeachtaí os comhair na Cúirte Ginearálta a íoc.

4)

Ordaítear do Ühisteenused AS a costais féin arna dtabhú chun críocha na n-imeachtaí os comhair na Cúirte Ginearálta a íoc.


(1)   IO C, C/2025/4477, 18.8.2025.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/3848/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top