Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62025TA0326

Cás T-326/25: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 11 Márta 2026 – Kiss Nail Products v EUIPO (IMPRESS) (Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh IMPRESS – Dearbhfhoras le diúltú – Easpa sainiúlachta – Airteagal 7(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 – Deimhneacht dhlíthiúil – Cóir chomhionann – Prionsabal an dea-riaracháin)

IO C, C/2026/2239, 27.4.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/2239/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/2239/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2026/2239

27.4.2026

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 11 Márta 2026 – Kiss Nail Products v EUIPO (IMPRESS)

(Cás T-326/25)  (1)

(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh IMPRESS - Dearbhfhoras le diúltú - Easpa sainiúlachta - Airteagal 7(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 - Deimhneacht dhlíthiúil - Cóir chomhionann - Prionsabal an dea-riaracháin)

(C/2026/2239)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Kiss Nail Products, Inc. (Port Washington, Nua-Eabhrac, Stáit Aontaithe Mheiriceá) (ionadaí: S. Pedersen, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) (ionadaí: T. Klee, Gníomhaire)

Ábhar

Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí an cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 26 Márta 2025 (Cás R 2302/2024-5) ar neamhní.

An chuid oibríochtúil

1)

Díbhtear an chaingean.

2)

Ordaítear do Kiss Nail Products, Inc agus d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) a gcostais féin a íoc.


(1)   IO C, C/2025/3915, 21.7.2025.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/2239/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top