Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62025TA0081

Cás T-81/25: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 10 Nollaig 2025 – LTV Leuchten & Lampen v EUIPO – XAL (Fearais Solais) ( Dearadh an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí neamhbhailíochta – Dearadh cláraithe de chuid an Aontais Eorpaigh lena léirítear fearais solais – Dearaí a bhí ann níos luaithe – Foras neamhbhailíochta – Neamhnochtadh na ndearaí roimhe seo – Dearaí a cuireadh isteach níos luaithe tar éis an t-iarratas ar dhearbhú neamhbhailíochta a chomhdú – Neamhrialtachtaí nós imeachta os comhair an Rannáin Cealúcháin – Diúltú d’iarrataí an iarratasóra ar bhearta fiosrúcháin agus ar éisteacht a dheonú – Mí-úsáid cumhachtaí )

IO C, C/2026/648, 9.2.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/648/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/648/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2026/648

9.2.2026

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 10 Nollaig 2025 – LTV Leuchten & Lampen v EUIPO – XAL (Fearais Solais)

(Cás T-81/25)  (1)

(Dearadh an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí neamhbhailíochta - Dearadh cláraithe de chuid an Aontais Eorpaigh lena léirítear fearais solais - Dearaí a bhí ann níos luaithe - Foras neamhbhailíochta - Neamhnochtadh na ndearaí roimhe seo - Dearaí a cuireadh isteach níos luaithe tar éis an t-iarratas ar dhearbhú neamhbhailíochta a chomhdú - Neamhrialtachtaí nós imeachta os comhair an Rannáin Cealúcháin - Diúltú d’iarrataí an iarratasóra ar bhearta fiosrúcháin agus ar éisteacht a dheonú - Mí-úsáid cumhachtaí)

(C/2026/648)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir: LTV Leuchten & Lampen Vertriebs GmbH (Brunn am Gebirge, an Ostair) (ionadaí: C. Pilz, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) (iondaí: E. Markakis, Gníomhaire)

Páirtí eile os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO, ag idiragairt os comhair na Cúirte Ginearálta: XAL GmbH (Graz, an Ostair) (ionadaí: D. Jestaedt, Dlíodóir)

Ábhar

Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfaí an cinneadh ón Tríú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 9 Nollaig 2024 (Cás R 2289/2023-3) a athrú nó, ar a laghad, a chur ar neamhní.

An chuid oibríochtúil

1)

Díbhtear an chaingean.

2)

Ordaítear do LTV Leuchten & Lampen Vertriebs GmbH a costais féin agus na costais arna dtabhú ag XAL Gmb, a íoc.

3)

Ordaítear d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) a costais féin a íoc.


(1)   IO C, C/2025/1663, 24.3.2025.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/648/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top