Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62025TA0030

Cás T-30/25: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 29 Aibreán 2026 – HI v an Pharlaimint (Státseirbhís – Oifigigh – Breithmheas – Nós imeachta um measúnú foirne 2022 – Tuarascáil Foirne – Neamhchlaontacht – Dualgas cúraim – Cosaint sonraí pearsanta – Airteagal 43 de na Rialacháin Foirne – Rialacha inmheánacha maidir le tuarascálacha foirne – Earráid fhollasach mheasúnaithe)

IO C, C/2026/3058, 15.6.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/3058/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/3058/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2026/3058

15.6.2026

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 29 Aibreán 2026 – HI v an Pharlaimint

(Cás T-30/25)  (1)

(Státseirbhís - Oifigigh - Breithmheas - Nós imeachta um measúnú foirne 2022 - Tuarascáil Foirne - Neamhchlaontacht - Dualgas cúraim - Cosaint sonraí pearsanta - Airteagal 43 de na Rialacháin Foirne - Rialacha inmheánacha maidir le tuarascálacha foirne - Earráid fhollasach mheasúnaithe)

(C/2026/3058)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: HI (ionadaithe: S. Rodrigues agus A. Champetier, Dlíodóirí)

Cosantóir: Parlaimint na hEorpa (ionadaithe: S. Seyr, K. Zejdová agus M. Marescaux, Gníomhairí)

Ábhar

Lena chaingean de bhun Airteagal 270 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí ar neamhní, ar an gcéad dul síos, a tuarascáil foirne do 2022 agus, ar an dara dul síos, cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Feabhra 2024 pointe fiúntais a bhronnadh uirthi do 2022 agus, ar an tríú dul síos, a mhéid is gá, cinneadh ó Ardrúnaí Pharlaimint na hEorpa an 7 Deireadh Fómhair 2024 lena ndiúltaítear dá gearán i gcoinne na ngníomhartha atá faoi chonspóid.

An chuid oibríochtúil

1)

Díbhtear an chaingean.

2)

Ordaítear do HI na costais a íoc.


(1)   IO C, C/2025/1549, 17.3.2025.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/3058/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top