Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62025CN0765

Cás C-765/25, Voking: Iarraidh ar réamhrialú ón Fővárosi Törvényszék (an Ungáir) a taisceadh an 27 Samhain 2025 – LN v Országos Idegenrendészeti Főigazgatóság

IO C, C/2026/1188, 9.3.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1188/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1188/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2026/1188

9.3.2026

Iarraidh ar réamhrialú ón Fővárosi Törvényszék (an Ungáir) a taisceadh an 27 Samhain 2025 – LN v Országos Idegenrendészeti Főigazgatóság

(Cás C-765/25, Voking  (1) )

(C/2026/1188)

Teanga an cháis: an Ungáiris

An chúirt a rinne an tarchur

Fővárosi Törvényszék

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: LN

Cosantóir: Országos Idegenrendészeti Főigazgatóság

An cheist a tharchuirtear

An bhfuil Airteagal 8(1) agus (2) de Threoir 2011/98/AE (2) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le léiriú sa chaoi nach gcuirtear cosc leo ar chleachtas Ballstáit ina scoireann ceadúnas aonair de bheith bailí ar fhoirceannadh na fostaíochta, i bhfianaise fógra ón bhfostóir, gan cinneadh réasúnaithe aonair maidir le tarraingt siar an cheadúnais arna ghlacadh ag na húdaráis inimirce agus gan ráthaíocht a bheith ann maidir le deis an cinneadh sin a achomharc?


(1)  Is ainm bréige é ainm an cháis seo. Ní fhreagraíonn sé d’fhíorainm aon pháirtí sna himeachtaí.

(2)  Treoir 2011/98/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le nós imeachta um iarratas aonair le haghaidh ceadúnas aonair do náisiúnaigh tríú tír chun cónaí agus obair a dhéanamh ar chríoch Ballstáit agus maidir le tacar de chearta comhchoiteanna d’oibreoirí tríú tír a chónaíonn go dlíthiúil i mBallstát (IO L 343, 23.12.2011, lch. 1).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1188/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top