This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62025CN0601
Case C-601/25, Stowarzyszenie Artystów Wykonawców SAWP: Request for a preliminary ruling from the Sąd Okręgowy w Gdańsku (Poland) lodged on 9 September 2025 – Stowarzyszenie Artystów Wykonawców SAWP v E. sp. z o.o.
Cás C-601/25, Stowarzyszenie Artystów Wykonawców SAWP: Iarraidh ar réamhrialú ón Sąd Okręgowy w Gdańsku (an Pholainn) a taisceadh an 9 Meán Fómhair 2025 – Stowarzyszenie Artystów Wykonawców SAWP przeciwko E. sp. z o.o.
Cás C-601/25, Stowarzyszenie Artystów Wykonawców SAWP: Iarraidh ar réamhrialú ón Sąd Okręgowy w Gdańsku (an Pholainn) a taisceadh an 9 Meán Fómhair 2025 – Stowarzyszenie Artystów Wykonawców SAWP przeciwko E. sp. z o.o.
IO C, C/2025/6603, 22.12.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/6603/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/6603 |
22.12.2025 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Sąd Okręgowy w Gdańsku (an Pholainn) a taisceadh an 9 Meán Fómhair 2025 – Stowarzyszenie Artystów Wykonawców SAWP przeciwko E. sp. z o.o.
(Cás C-601/25, Stowarzyszenie Artystów Wykonawców SAWP)
(C/2025/6603)
Teanga an cháis: an Pholainnis
An chúirt a rinne an tarchur
Sąd Okręgowy w Gdańsku
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Stowarzyszenie Artystów Wykonawców SAWP
Cosantóir: E. sp. z o.o.
Na ceisteanna a tharchuirtear:
|
1) |
An bhfuil Airteagal 17 de Threoir 2014/26/AE (1), arna léamh i gcomhar le haithris 33 di, agus Airteagal 8(1) de Threoir 2004/48/CE (2), i gcomhar le hAirteagal 3(2) di, le léiriú sa chaoi go gcuirtear ar léiriú ar dhlí náisiúnta lena gceadaítear do chumainn bailithe dleachtanna a cheangal ar úsáideoirí faisnéis a sholáthar maidir le húsáid neamhdhleathach (is é sin, sárú) cóipchirt nó ceart gaolmhar, gan aon chomhthéacs in imeachtaí dlíthiúla maidir le héilimh a eascraíonn as sárú ar cheart maoine intleachtúla? |
|
2) |
An bhfuil Airteagal 17 de Threoir 2014/26/AE, arna léamh i gcomhar le haithris 33 di, le léiriú sa chaoi nach mór do chumann bailithe dleachtanna, agus ordú á lorg aige, in imeachtaí dlí i gcoinne úsáideora, lena gceanglaítear ar an úsáideoir faisnéis áirithe a sholáthar maidir le húsáid cóipchirt agus ceart gaolmhar, a chruthú nó a léiriú go bhfuil na sealbhóirí cirt dá ndéanann sé ionadaíocht i dteideal éilimh reachtúla nó chonarthacha, nó go bhfuil gá leis an bhfaisnéis sin chun na suimeanna atá dlite dóibh a dháileadh agus a íoc leo? |
(1) Treoir 2014/26/AE maidir le comhbhainistiú a dhéanamh ar chóipcheart agus ar chearta gaolmhara agus ar cheadúnú ilchríochach na gceart i saothair cheoil d’úsáid ar líne sa mhargadh inmheánach (IO 2014 L 84, lch. 72).
(2) Treoir 2004/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le cearta maoine intleachtúla a fhorfheidhmiú (IO 2004 L 157, lch. 45).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/6603/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)