This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62025CN0414
Case C-414/25, Sedrata: Request for a preliminary ruling from the Corte suprema di cassazione (Italy) lodged on 24 June 2025 – Ministero dell’Interno, Questura di Roma v S.H., A.H.
Cás C-414/25, Sedrata: Iarraidh ar réamhrialú ón Corte suprema di cassazione (an Chúirt Uachtarach um Achomharc Deiridh, an Iodáil) a taisceadh an 24 Meitheamh 2025 – Ministero dell’Interno, Questura di Roma v S.H., A.H.
Cás C-414/25, Sedrata: Iarraidh ar réamhrialú ón Corte suprema di cassazione (an Chúirt Uachtarach um Achomharc Deiridh, an Iodáil) a taisceadh an 24 Meitheamh 2025 – Ministero dell’Interno, Questura di Roma v S.H., A.H.
IO C, C/2025/4441, 18.8.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/4441/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/4441 |
18.8.2025 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Corte suprema di cassazione (an Chúirt Uachtarach um Achomharc Deiridh, an Iodáil) a taisceadh an 24 Meitheamh 2025 – Ministero dell’Interno, Questura di Roma v S.H., A.H.
(Cás C-414/25, Sedrata (1) )
(C/2025/4441)
Teanga an cháis: an Iodáilis
An chúirt a rinne tarchur
Corte suprema di cassazione
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóirí: Ministero dell’Interno, Questura di Roma
Cosantóirí: S.H., A.H.
Na ceisteanna a tharchuirtear
|
1. |
An gcuirtear cosc le Treoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin choiteanna agus nósanna imeachta coiteanna sna Ballstáit i ndáil le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh (2) agus, go háirithe le hAirteagail 3, 6, 8, 15, 16 agus di, ar chur i bhfeidhm reachtaíochta náisiúnta (Airteagal 3(2) de Dhlí Uimh. 14 an 21 Feabhra 2024) lena gceadaítear daoine a thabhairt go dtí na limistéir dá dtagraítear in Airteagal 1(1)(c) den Phrótacal idir Rialtas Phoblacht na hIodáile agus Comhairle Airí Phoblacht na hAlbáine chun an comhar a neartú i réimse na himirce, arna thabhairt i gcrích sa Róimh an 6 Samhain 2023, atá faoi réir bearta coinneála arna mbailíochtú nó arna leathnú de bhun Airteagal 14 d’Fhoraithne Reachtach Uimh. 286 de 1998, in éagmais aon ionchas um fhilleadh réamhchinntithe agus inaitheanta? |
|
2. |
Má thugtar freagra diúltach ar an gceist sin, an gcuirtear cosc le hAirteagal 9(1) de Threoir 2013/32/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le nósanna imeachta coiteanna chun stádas cosanta idirnáisiúnta a dheonú agus a tharraingt siar (3) ar chur i bhfeidhm reachtaíochta náisiúnta (Dlí Uimh. 14 an 21 Feabhra 2024) lena bhféadfar a ordú, mar gheall ar nádúr ríthábhachtach líomhnaithe an iarratais ar chosaint, go gcoinneofaí, i gceann de na limistéir dá dtagraítear in Airteagal 1(1)(c) den Phrótacal idir Rialtas Phoblacht na hIodáile agus Comhairle Airí Phoblacht na hAlbáine chun an comhar a neartú i réimse na himirce, arna thabhairt i gcrích sa Róimh an 6 Samhain 2023, an t-imirceach atá faoi réir ordú díbeartha agus a chuir iarratas den sórt sin isteach tar éis dó a bheith tugtha chuig na ceantair sin? |
(1) Is ainm bréige é ainm an cháis seo. Ní fhreagraíonn sé d’fhíorainm aon pháirtí sna himeachtaí.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/4441/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)