This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62025CN0190
Case C-190/25, Zelabrich: Request for a preliminary ruling from the Oberlandesgericht Stuttgart (Germany) lodged on 10 March 2025 – LS v GT
Cás C-190/25, Zelabrich: Iarraidh ar réamhrialú ó Oberlandesgericht Stuttgart (an Ghearmáin) a taisceadh an 10 Márta 2025 – LS v GT
Cás C-190/25, Zelabrich: Iarraidh ar réamhrialú ó Oberlandesgericht Stuttgart (an Ghearmáin) a taisceadh an 10 Márta 2025 – LS v GT
IO C, C/2025/3393, 30.6.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/3393/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/3393 |
30.6.2025 |
Iarraidh ar réamhrialú ó Oberlandesgericht Stuttgart (an Ghearmáin) a taisceadh an 10 Márta 2025 – LS v GT
(Cás C-190/25, Zelabrich) (1)
(C/2025/3393)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Oberlandesgericht Stuttgart
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: LS
Cosaintóir: GT
Na ceisteanna a tharchuirtear:
|
1. |
An nós imeachta maidir le neamhniú pósta de réir bhrí Airteagal 19(1) de Rialachán (CE) Uimh. 2201/2003 (Rialachán An Bhruiséil IIa) (2) é nós imeachta na hIodáile maidir le himeachtaí éifeachtaí sibhialta os comhair an Corte d’Appello inniúil in Napoli, de bhun Airteagal 8(2) de Chomhaontú an 18 Feabhra 1984 idir an Suí Naofa agus Poblacht na hIodáile, lena leasaítear Comhaontú na Lataráine an 11 Feabhra 1929? |
|
2. |
I gcás go dtabharfar freagra dearfach ar cheist 1: An gceadaítear do chúirt sa Ghearmáin ar tugadh cásanna os a comhair den chéad uair chun colscaradh a fhógairt a himeachtaí a chur ar fionraí faoin dlí náisiúnta i bhfabhar na dara cúirte ar tugadh cásanna os a comhair agus a chaithfidh cinneadh a dhéanamh maidir le himeachtaí éifeachtaí sibhialta, contrártha le hAirteagal 19(1) de Rialachán An Bhruiséil IIa? |
(1) Is ainm bréige é ainm an cháis seo. Ní fhreagraíonn sé d’fhíorainm aon pháirtí sna himeachtaí.
(2) Rialachán (CE) Uimh. 2201/2003 ón gComhairle an 27 Samhain 2003 maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair maidir le pósadh agus le freagracht tuismitheora, lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1347/2000, (IO 2003 L 338, lch. 1).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/3393/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)