Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62025CN0022

Cás C-22/25, Intercos Europe: Iarraidh ar réamhrialú ó Tribunale di Milano (an Iodáil) a taisceadh an 16 Eanáir 2025 – SI v Intercos Europe SpA

IO C, C/2025/2179, 22.4.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/2179/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/2179/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/2179

22.4.2025

Iarraidh ar réamhrialú ó Tribunale di Milano (an Iodáil) a taisceadh an 16 Eanáir 2025 – SI v Intercos Europe SpA

(Cás C-22/25, Intercos Europe)

(C/2025/2179)

Teanga an cháis: an Iodáilis

An chúirt a rinne tarchur

Tribunale di Milano

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: SI

Cosantóir: Intercos Europe SpA

An cheist a tharchuirtear:

An bhfuil Airteagal 1(1) agus Airteagal 5(5) de Threoir 2008/104/CE (1) an 19 Samhain 2008 le léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc ar reachtaíocht náisiúnta amhail an chéad mhír d’Airteagal 31 den decreto legislativo n. 81 del 2015 (Foraithne Reachtach Uimh. 81 de 2015), lena gceadaítear oibrí gníomhaireachta sealadach a shannadh don úsáideoir céanna ar feadh tréimhse éiginnte, cé go bhforáiltear ann d’earcú buan ag an ngníomhaireacht shealadach, gan aon oibleagáid cúiseanna a thabhairt leis an gcinneadh an sannadh sin a fhoirceannadh?


(1)  Treoir 2008/104/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le hobair ghníomhaireachta shealadach (IO 2008 L 327, lch. 9).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/2179/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top