This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62025CJ0027
Judgment of the Court (Fourth Chamber) of 16 July 2026.#SU and Wild Ireland Defence CLG v An Coimisiún Pleanála, anciennement An Bord Pleanála and Others.#References for a preliminary ruling – Environment – Directive 92/43/EEC – Directive 2009/147/EC – Conservation of natural habitats and of wild fauna and flora – Special protection areas – Appropriate assessment of the implications of a plan or project likely to have an effect on a protected site in view of that site’s conservation objectives – Screening – Conservation objectives specific to a special protection area not set.#Case C-27/25.
Breithiúnas na Cúirte (An Ceathrú Dlísheomra) 2026 Iúil 16.
SU e.a. v An Coimisiún Pleanála, anciennement An Bord Pleanála e.a.
Tarchur chun réamhrialú – Comhshaol – Treoir 92/43/CEE – Treoir 2009/147/CE – Gnáthóga nádúrtha agus fauna agus flora fiáine a chaomhnú – Limistéir faoi chosaint speisialta – Measúnú iomchuí ar impleachtaí plean nó tionscadail ar dócha go mbeidh tionchar suntasach aige ar láithreán cosanta i bhfianaise chuspóirí maidir le caomhnú an láithreáin – Scagadh – Mainneachtain maidir le cuspóirí caomhnaithe a bhaineann go sonrach le limistéar faoi chosaint speisialta a bhunú.
Cásanna uamtha C-27/25 agus C-356/25.
Breithiúnas na Cúirte (An Ceathrú Dlísheomra) 2026 Iúil 16.
SU e.a. v An Coimisiún Pleanála, anciennement An Bord Pleanála e.a.
Tarchur chun réamhrialú – Comhshaol – Treoir 92/43/CEE – Treoir 2009/147/CE – Gnáthóga nádúrtha agus fauna agus flora fiáine a chaomhnú – Limistéir faoi chosaint speisialta – Measúnú iomchuí ar impleachtaí plean nó tionscadail ar dócha go mbeidh tionchar suntasach aige ar láithreán cosanta i bhfianaise chuspóirí maidir le caomhnú an láithreáin – Scagadh – Mainneachtain maidir le cuspóirí caomhnaithe a bhaineann go sonrach le limistéar faoi chosaint speisialta a bhunú.
Cásanna uamtha C-27/25 agus C-356/25.
ECLI identifier: ECLI:EU:C:2026:596
Eagrán sealadach
BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Ceathrú Dlísheomra)
16 Iúil 2026 (*)
(Tarchur chun réamhrialú – Comhshaol – Treoir 92/43/CEE – Treoir 2009/147/CE – Gnáthóga nádúrtha agus fauna agus flora fiáine a chaomhnú – Limistéir faoi chosaint speisialta – Measúnú iomchuí ar impleachtaí plean nó tionscadail ar dócha go mbeidh tionchar suntasach aige ar láithreán cosanta i bhfianaise chuspóirí maidir le caomhnú an láithreáin – Scagadh – Mainneachtain maidir le cuspóirí caomhnaithe a bhaineann go sonrach le limistéar faoi chosaint speisialta a bhunú)
I gCásanna Uamtha C‑27/25 agus C‑356/25,
DHÁ IARRAIDH ar réamhrialú faoi Airteagal 267 CFAE ón gCúirt Achomhairc (Éire) (C‑27/25) agus ón Ard-Chúirt (Éire) (C‑356/25), trí bhreitheanna an 13 Nollaig 2024 agus an 11 Aibreán 2025, a fuarthas ag an gCúirt an 17 Eanáir 2025 agus an 27 Bealtaine 2025 faoi seach, sna himeachtaí
SU,
Wild Ireland Defence CLG
v
An Coimisiún Pleanála, ar a dtugtaí An Bord Pleanála roimhe seo,
an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta,
Éire,
an tArd-Aighne,
idiragraithe:
Knocknamona Windfarm Limited (C‑27/25),
agus
Paddy Massey
v
An Coimisiún Pleanála, ar a dtugtaí An Bord Pleanála roimhe seo,
Éire,
an tArd-Aighne,
an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta,
idiragraí:
Curns Energy Limited (C‑356/25),
tugann AN CHÚIRT (an Ceathrú Dlísheomra),
agus í comhdhéanta mar seo a leanas: I. Jarukaitis, Uachtarán Dlísheomra, M. Condinanzi, N. Jääskinen, R. Frendo agus A. Kornezov (Rapóirtéir), Breithiúna,
Abhcóide Ginearálta: J. Kokott,
Cláraitheoir: C. Strömholm, Riarthóir,
ag féachaint don chuid i scríbhinn den nós imeachta agus tar éis éisteacht an 25 Márta 2026,
tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:
– SU, Wild Ireland Defence CLG, ag J. Devlin, Abhcóide Sinsir, M. Heavey, Abhcóide, agus B. Harrington, Aturnae,
– Paddy Massey, ag J. Devlin, Abhcóide Sinsir, M. Heavey, Abhcóide, agus B. Harrington, Aturnae,
– An Coimisiún Pleanála, ag F. Valentine, Abhcóide Sinsir, S. Hughes, Abhcóide, S O’Connor, Abhcóide, R. McDermott, A. McKenna, R. Minch, G. Murphy, A. O’Connor agus M. O’Leary, Aturnaetha,
– an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Éire, an tArd-Aighne agus Éire, ag M. Browne, A. Burke, H. Ignatova agus A. Joyce, i gcáil Gníomhairí, le cúnamh ó M. Gray, Abhcóide Sinsir, E. Synnott, Abhcóide, agus S. Keniry, Abhcóide,
– Knocknamona Windfarm Limited, ag N. Dunleavy, Abhcóide Sinsir, J. Fitzsimons, Abhcóide Sinsir, T. O’Sullivan, Abhcóide, M. Delargy agus J. Hurley, Aturnaetha,
– Curns Energy, ag S. Dodd, Abhcóide Sinsir, C. Hughes, Abhcóide, H. Gallagher, D. Nagle agus G. Tiernan, Aturnaetha,
– an Coimisiún Eorpach, ag B. Cullen agus N. Ruiz García, i gcáil Gníomhairí,
tar éis éisteacht le Tuairim an Abhcóide Ghinearálta ag éisteacht an 16 Aibreán 2026,
an Breithiúnas seo a leanas:
Breithiúnas
1 Baineann an dá iarraidh ar réamhrialú le léiriú Airteagal 6(3) de Threoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le gnáthóga nádúrtha agus fauna agus flora fiáine a chaomhnú (IO 1992 L 206, lch. 7, ‘an Treoir maidir le Gnáthóga’).
2 Rinneadh an dá iarraidh seo in dhá shraith imeachtaí idir, faoi seach, SU, duine nádúrtha, agus Wild Ireland Defence CLG, eagraíocht chomhshaoil, ar thaobh amháin (Cás C‑27/25), agus Paddy Massey, duine nádúrtha eile, ar an taobh eile (Cás C‑356/25), agus An Coimisiún Pleanála, ar a dtugtaí An Bord Pleanála (Éire) roimhe seo (‘an Bord’), an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta (Éire), Éire agus an tArd-Aighne (Éire), maidir le dlíthiúlacht dhá chinneadh, arna nglacadh ag an mBord Pleanála, lena ndeonaítear cead pleanála do thionscadail chun feirmeacha gaoithe a mhodhnú nó a fhorbairt.
An dlí lena mbaineann
Dlí an Aontais Eorpaigh
An Treoir maidir le hÉin
3 Foráiltear le hAirteagal 3 de Threoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le héin fhiáine a chaomhnú (IO 2010 L 20, lch. 7, ‘an Treoir maidir le hÉin’), i mír 1 de:
‘I bhfianaise na gceanglas dá dtagraítear in Airteagal 2, déanfaidh na Ballstáit na bearta uile is gá chun éagsúlacht agus limistéar gnáthóg leordhóthanach a chaomhnú, a chothabháil nó a athbhunú do na speicis éin uile dá dtagraítear in Airteagal 1.’
[Aistriúchán neamhoifigiúil]
4 Foráiltear le hAirteagal 4 den Treoir maidir le hÉin mar seo a leanas:
‘1. Beidh na speicis a luaitear in Iarscríbhinn I ina n‑ábhar do bhearta caomhnúcháin speisialta a bhaineann lena ngnáthóg chun marthanas agus atáirgeadh na speiceas sin ina limistéar dáileacháin a áirithiú. [...]
[...]
Go háirithe, déanfaidh na Ballstáit na críocha is oiriúnaí, maidir le líon agus méid go háirithe, a aicmiú mar limistéir faoi chosaint speisialta (“LFCSanna”) chun na speicis sin a chaomhnú sa limistéar geografach mara agus talún ina bhfuil feidhm ag an Treoir seo.
2. Déanfaidh na Ballstáit bearta comhchosúla i gcás speicis imirceacha a bhíonn i láthair go tráthrialta nach liostaítear in Iarscríbhinn I, agus ag coimeád i gcuimhne dóibh gá na speiceas sin le cosaint sa limistéar geografach mara agus talún ina bhfuil feidhm ag an Treoir seo, a mhéid a bhaineann lena limistéir phórúcháin, folta agus gheimhrithe agus lena n‑ionaid stad feadh na mbealaí imirce. Chuige sin, tabharfaidh na Ballstáit aird ar leith ar bhogaigh a chosaint agus go háirithe ar bhogaigh a bhfuil tábhacht idirnáisiúnta leo.
[...]
4. I leith na limistéar faoi chosaint dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2, déanfaidh na Ballstáit na bearta iomchuí chun go seachnófar truailliú nó meathlú gnáthóg, nó aon suaitheadh lena ndéanfar difear do na héin, a mhéid a bheidís sin suntasach ag féachaint do chuspóirí an Airteagail seo. Lasmuigh de na limistéir sin faoi chosaint, déanfaidh na Ballstáit a ndícheall freisin chun go seachnófar truailliú nó meathlú gnáthóg.’
[Aistriúchán neamhoifigiúil]
An Treoir maidir le Gnáthóga
5 Luaitear an méid seo a leanas in aithrisí 8 agus 10 sa bhrollach a ghabhann leis an Treoir maidir le Gnáthóga:
‘de bhrí gur gá, i ngach limistéar ainmnithe, na bearta is gá a chur chun feidhme ag féachaint do na cuspóirí caomhnaithe atá á saothrú;
[...]
de bhrí nach mór measúnú iomchuí a dhéanamh ar aon phlean nó clár ar dócha go mbeidh tionchar suntasach aige ar chuspóirí caomhnaithe láithreáin a ainmníodh nó a ainmneofar amach anseo’.
[Aistriúchán neamhoifigiúil]
6 Foráiltear leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 3(1) den Treoir sin:
Bunófar líonra éiceolaíoch Eorpach comhleanúnach de limistéir chaomhantais speisialta faoin teideal Natura 2000. Leis an líonra sin, atá comhdhéanta de láithreáin ina bhfuil na cineálacha gnáthóige nádúrtha a liostaítear in Iarscríbhinn I agus gnáthóga na speiceas a liostaítear in Iarscríbhinn II, beifear in ann na cineálacha gnáthóige nádúrtha agus na gnáthóga speiceas lena mbaineann a chothabháil nó, i gcás inarb iomchuí, a athchóiriú ar stádas caomhantais fabhrach ina raon nádúrtha.’
[Aistriúchán neamhoifigiúil]
7 Foráiltear le hAirteagal 4 den Treoir maidir le Gnáthóga:
‘1. Ar bhonn na gcritéar a leagtar amach in Iarscríbhinn III (Céim 1) agus ar bhonn faisnéis eolaíoch ábhartha, molfaidh gach Ballstát liosta láithreán lena léireofar na cineálacha gnáthóige nádúrtha in Iarscríbhinn I agus cé na speicis in Iarscríbhinn II atá dúchasach dá chríoch a bhfuil na láithreáin lonnaithe ann. [...]
Déanfar an liosta a tharchur chuig an gCoimisiún [Eorpach], laistigh de thrí bliana tar éis an Treoir seo a fhógairt, mar aon le faisnéis faoi gach láithreán. [...]
2. Ar bhonn na gcritéar a leagtar amach in Iarscríbhinn III (Céim 2) [...], déanfaidh an Coimisiún, i gcomhaontú le gach ceann de na Ballstáit, dréachtliosta ceantar a bhfuil tábhacht Chomhphobail leo a tharraingt suas, bunaithe ar liostaí na mBallstát, ina léireofar na ceantair ina bhfuil cineál gnáthóige nádúrtha tosaíochta amháin nó níos mó nó speiceas tosaíochta amháin nó níos mó.
[...]
Glacfaidh an Coimisiún an liosta láithreán a roghnófar mar láithreáin a bhfuil tábhacht Chomhphobail leo [...]
3. Bunófar an liosta dá dtagraítear i mír 2 laistigh de 6 bliana tar éis fógra a fháil faoin Treoir seo.
4. A luaithe a roghnófar láithreán a bhfuil tábhacht Chomhphobail leis i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos i mír 2, ainmneoidh an Ballstát lena mbaineann an láithreán sin mar limistéar caomhantais speisialta [(“LCS”)] a luaithe is féidir agus laistigh de 6 bliana ar a mhéad, agus leagfaidh sé tosaíochtaí síos i bhfianaise thábhacht na láithreán chun cineál gnáthóige nádúrtha a liostaítear in Iarscríbhinn I nó speiceas in Iarscríbhinn II a chothabháil nó a athchóiriú, ar stádas caomhantais fabhrach, agus ar mhaithe le comhleanúnachas Natura 2000, chomh maith leis na bagairtí díghrádaithe nó scriosta a dhéanann difear dóibh.
5. A luaithe a bheidh láithreán san áireamh sa liosta dá dtagraítear sa tríú fomhír de mhír 2, beidh sé faoi réir fhorálacha Airteagal 6(2), (3) agus (4).’
[Aistriúchán neamhoifigiúil]
8 Foráiltear le hAirteagal 6 den Treoir maidir le Gnáthóga mar seo a leanas:
‘1. Maidir le [LCSanna], leagfaidh na Ballstáit síos na bearta caomhnaithe is gá lena n‑áireofar, más gá, pleananna bainistíochta iomchuí arna ndéanamh go sonrach do na láithreáin nó arna gcomhtháthú i bpleananna forbartha eile, agus bearta iomchuí reachtúla, riaracháin nó conarthacha a fhreagraíonn do cheanglais éiceolaíocha na gcineálacha gnáthóige nádúrtha in Iarscríbhinn I agus na speicis in Iarscríbhinn II atá ar na láithreáin.
2. ‘Déanfaidh na Ballstáit bearta iomchuí, sna [LCSanna], chun meathlú gnáthóg nádúrtha agus ghnáthóga na speiceas a sheachaint chomh maith le cur isteach ar na speicis ar ainmníodh na limistéir ina leith, a mhéid a d’fhéadfadh an cur isteach sin a bheith suntasach i ndáil le cuspóirí na Treorach seo.
3. Beidh aon phlean nó tionscadal nach bhfuil baint dhíreach aige le bainistíocht an láithreáin nó nach bhfuil gá leis ach ar dócha go mbeidh tionchar suntasach aige air, ina aonar nó in éineacht le pleananna nó tionscadail eile, faoi réir measúnú iomchuí ar a impleachtaí don láithreán i bhfianaise chuspóirí maidir le caomhnú an láithreáin. I bhfianaise chonclúidí mheasúnú na n‑impleachtaí don láithreán agus faoi réir fhorálacha mhír 4, ní aontóidh na húdaráis náisiúnta inniúla leis an bplean nó leis an tionscadal go dtí go bhfionnfaidh siad nach ndéanfaidh sé dochar do shláine an láithreáin lena mbaineann agus, más iomchuí, tar éis tuairim a fháil ón bpobal i gcoitinne.
4. Más rud é, d’ainneoin measúnú diúltach ar na himpleachtaí don láithreán agus in éagmais réitigh mhalartacha, nach mór plean nó tionscadal a chur i gcrích mar sin féin ar mhórchúiseanna leasa phoiblí sháraithigh, lena n‑áirítear cúiseanna de chineál sóisialta nó eacnamaíoch, déanfaidh an Ballstát gach beart cúiteach is gá chun a áirithiú go gcosnófar comhleanúnachas foriomlán Natura 2000. Cuirfidh an Ballstát an Coimisiún ar an eolas faoi na bearta cúiteacha arna nglacadh.
[...]’
[Aistriúchán neamhoifigiúil]
9 Faoi Airteagal 7 den Treoir maidir le Gnáthóga:
‘Cuirfear oibleagáidí a eascraíonn as Airteagal 6(2), (3) agus (4) den Treoir seo in ionad aon oibleagáidí a eascraíonn as an gcéad abairt d’Airteagal 4(4) de Threoir 79/409/CEE [ón gComhairle an 2 Aibreán 1979 maidir le héin fhiáine a chaomhnú (IO 1979 L 103, lch. 1),] i ndáil le limistéir a aicmítear de bhun Airteagal 4(1) nó a aithnítear ar an gcaoi chéanna faoi Airteagal 4(2) di, amhail ó dháta chur chun feidhme na Treorach seo nó ó dháta aicmiúcháin nó aitheantais Ballstáit faoi Threoir 79/409/CEE i gcás inarb déanaí an dáta deireanach sin.’
[Aistriúchán neamhoifigiúil]
Dlí na hÉireann
10 Foráiltear le hAirteagal 177V(1) den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000, sa leagan is infheidhme maidir leis an díospóid sna príomhimeachtaí, go n‑áireofar i measúnú iomchuí cinneadh ón údarás inniúil, de réir Airteagal 6(3) den Treoir maidir le Gnáthóga, i dtaobh an ndéantar dochar le tionscadal forbartha do shláine láithreáin Eorpaigh, agus nach mór é a dhéanamh sula ndeonófar toiliú don tionscadal sin. Liostaítear in Airteagal 177V(2) na heilimintí nach mór don údarás inniúil a chur san áireamh agus measúnú iomchuí á dhéanamh aige, go háirithe aon fhaisnéis nó tuairim a fuair an t‑údarás inniúil nó a cuireadh ar fáil dó, chomh maith le haon fhaisnéis ábhartha eile. Luaitear in Airteagal 177V(5) nach mór don údarás inniúil fógra a thabhairt don iarratasóir ar an tionscadal forbartha faoina chinneadh maidir leis an measúnú iomchuí sin, agus na cúiseanna lena chinneadh á lua.
An díospóid sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú
Cás C‑37/25
11 An 28 Meán Fómhair 2022, ghlac an Bord cinneadh lenar deonaíodh cead pleanála do Knocknamona Windfarm Limited le haghaidh modhnú beartaithe ar fheirm ghaoithe, a údaraíodh in 2016 i gContae Phort Láirge (Éire). Leis an gcinneadh sin, tugadh de chumhacht don fhorbróir airde na dtuirbíní a mhéadú ó 126 mhéadar go 155 mhéadar (m), chomh maith le hairde an chrainn meitéareolaíochta a údaraíodh roimhe sin, ó chrann feadánach 80 m go crann mogaill suas le 99 m.
12 Sular ghlac sé an cinneadh sin, rinne an Bord measúnú iomchuí ar impleachtaí an tionscadail sin do chúig láithreán Eorpacha shainaitheanta ar dócha go ndéanfaidh sé difear dóibh, lena n‑áirítear an LFCS Blackwater Callows, atá ainmnithe amhlaidh i gcomhréir leis an Treoir maidir le hÉin, atá suite i gcontaetha Chorcaí (Éire) agus Phort Láirge, 13 chiliméadar (km) ón bhfeirm ghaoithe lena mbaineann.
13 Tá comhthuiscint ann, ar an dáta a glacadh an cinneadh sin, nach raibh cuspóirí caomhnaithe a bhaineann go sonrach leis an LFCS sin leagtha síos ag Éirinn.
14 Bunaithe go háirithe ar thuarascáil a chigire, tháinig an Bord ar an gconclúid go raibh roinnt speiceas san áireamh i leasanna incháilithe an láithreáin lena mbaineann, lena n‑áirítear eala ghlórach (Cygnus cygnus). A mhéid a bhaineann leis na speicis eile, mheas an Bord go bhféadfaí aon éifeacht dhíobhálach ar shláine an láithreáin sin a chur as an áireamh ós rud é nach raibh an limistéar a chumhdaítear leis an tionscadal sin oiriúnach d’aon cheann de na speicis eile sin. A mhéid a bhaineann leis an eala ghlórach, níor aimsigh an Bord fianaise go raibh sí sa limistéar sin nó gar dó agus dá bhrí sin tháinig sí ar an gconclúid nach ndéanfadh toisí nua an chrainn, na dtuirbíní agus na rótar dochar do shláine an láithreáin sin maidir leis an speiceas sin. Dá bhrí sin, mheas an Bord nach ndéanfadh an tionscadal céanna dochar do shláine an limistéir sin.
15 Rinne SU agus Wild Ireland Defence agóid i gcoinne dhlíthiúlacht chinneadh an Bhoird os comhair na hArd-Chúirte (Éire). Áitíonn siad, in éagmais cuspóirí caomhnaithe arna leagan síos ag Éirinn go sonrach don LFCS Blackwater Callows, nach bhféadfadh an Bord measúnú iomchuí a tharraingt suas go bailí ar éifeachtaí comhshaoil an tionscadail chéanna ar an LFCS sin.
16 Le cinneadh an 28 Feabhra 2024, dhíbh an Ard-Chúirt an chaingean a thug SU agus Wild Ireland Defence. De réir na cúirte sin, go bunúsach, cé go bhfuil gá, i bprionsabal, le cuspóirí caomhnaithe a bhaineann go sonrach leis an LFCS lena mbaineann a shocrú chun measúnú iomchuí a dhéanamh ar impleachtaí plean nó tionscadail don láithreán faoi chosaint, sa chás seo, bhí an measúnú, a rinneadh ar bhonn cuspóirí ginearálta caomhnaithe, bailí mar sin féin, ós rud é gur léir ó na sonraí eolaíocha nach raibh tionchar ag an tionscadal atá i gceist sna príomhimeachtaí ar an eala ghlórach, gan beann ar na cuspóirí caomhnaithe a leagadh síos go sonrach don LFCS lena mbaineann.
17 Rinne na hiarratasóirí sna príomhimeachtaí achomharc i gcoinne chinneadh na hArd-Chúirte os comhair na Cúirte Achomhairc (Éire), arb í an chúirt a rinne an tarchur í i gCás C‑27/25. Áitíonn siad go gceanglaítear le foclaíocht Airteagal 6(3) den Treoir maidir le Gnáthóga go ndéanfar measúnú iomchuí ar impleachtaí na n‑athruithe atá beartaithe don láithreán lena mbaineann ‘i bhfianaise chuspóirí maidir le caomhnú an láithreáin’, agus mar thoradh air sin nach féidir measúnú den sórt sin a dhéanamh go bailí ach amháin má glacadh cuspóirí caomhnaithe sonracha roimhe sin don LFCS atá i gceist. Dá bhrí sin, ní leor cuspóirí ginearálta caomhnaithe a bheith ann.
18 I gcomhthéacs an nós imeachta sin, measann an Bord, an tAire Tithíochta, Údarás Áitiúil agus Oidhreachta agus an tArd-Aighne, ar an taobh eile, cé nach mór do na cuspóirí caomhnaithe a bhaineann go sonrach leis an LFCS atá i gceist a bheith ina bpointe tagartha éigeantach i gcás inarb ann dóibh, nach bhfuil aon bhacainn iomlán ar scrúdú agus ar mheasúnú iomchuí a dhéanamh ar impleachtaí plean nó tionscadail don láithreán lena mbaineann in éagmais na gcuspóirí sin. Ní chuirtear bac leis an Treoir maidir le Gnáthóga ar mheasúnú den sórt sin a dhéanamh gan cuspóirí caomhnaithe a bhaineann go sonrach leis an LFCS atá i gceist a ghlacadh. Cuireann siad in iúl gurb é príomhchuspóir Airteagal 6(3) den Treoir maidir le Gnáthóga a áirithiú nach mbeidh aon éifeacht dhíobhálach ar shláine na láithreán sin.
19 Fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gceanglaítear leis an Treoir maidir le Gnáthóga gur glacadh cuspóirí caomhnaithe a bhaineann go sonrach le LFCS ar leith chun go mbeidh údarás náisiúnta in ann measúnú iomchuí a dhéanamh go bailí ar impleachtaí plean nó tionscadail don láithreán lena mbaineann, agus scrúdú á dhéanamh aige ar iarratas ar údarú an phlean nó an tionscadail sin.
20 Sna himthosca sin, chinn an Chúirt Achomhairc bac a chur ar na himeachtaí agus an cheist seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais le haghaidh réamhrialú:
‘An réamhriachtanais do dhlínse an údaráis inniúil chun measúnú iomchuí bailí a dhéanamh faoi Airteagal 6(3) [den Treoir maidir le Gnáthóga] iad cuspóirí caomhnaithe bailí le haghaidh [LFCS] nuair atá iarratas ar thoiliú forbartha á mheas? ’
Cás C‑356/25
21 An 8 Eanáir 2021, rinne Curns Energy Limited iarratas ar thoiliú chun tionscadal feirme gaoithe agus bonneagar gaolmhar a fhorbairt. Is éard atá sa tionscadal sin 17 dtuirbín gaoithe, roinnte ina dhá ghrúpa, eadhon 11 thuirbín gaoithe atá le suiteáil i gContae Phort Láirge agus 6 i gContae Chorcaí, cábla bailithe faoi thalamh atá thart ar 3.3 km ar fad, fostáisiún ag a bhfuil nasc lúibe i líne 110 cileavolta (kV) Chnoc Rátha. – Tigh na Coille trí dhá líne lastuas 40 m agus saoráid stórála ceallraí ian litiam atá suite ag an suíomh céanna leis an bhfostáisiún sin. Le cinneadh an 8 Samhain 2023, dheonaigh an Bord cead pleanála don tionscadal atá i gceist sna príomhimeachtaí. Tá an tionscadal 9.9 km ón LFCS Blackwater Callows.
22 Mar is amhlaidh i gCás C‑27/25, níl aon díospóid ann, ar an dáta a glacadh an cinneadh sin, nach raibh cuspóirí caomhnaithe a bhaineann go sonrach leis an LFCS lena mbaineann glactha go fóill ag Éirinn.
23 Thug Massey caingean os comhair na hArd-Chúirte, ar an gcéad dul síos, chun an cinneadh sin a neamhniú agus, ar an dara dul síos, chun faoiseamh dearbhaitheach a fháil lena n‑iarrtar dearbhú gur cheart an scagadh ar éifeachtaí comhshaoil an tionscadail atá i gceist sna príomhimeachtaí ar an LFCS Blackwater Callows a dhéanamh agus na cuspóirí caomhnaithe agus/nó na bearta caomhnaithe a bhaineann go sonrach leis an limistéar sin á gcur san áireamh, cuspóirí agus/nó bearta nach raibh easnamhach ar chor ar bith nuair a glacadh an cinneadh sin.
24 Dhiúltaigh an chúirt sin don iarratas sin ar neamhniú. Mar sin féin, tá iarratas Massey ar fhaoiseamh dearbhaitheach fós os a comhair.
25 Fiafraíonn an Ard-Chúirt, go bunúsach, i gcomhréir leis an Treoir maidir le Gnáthóga, an gcuirtear cosc le heaspa cuspóirí caomhnaithe agus/nó beart caomhnaithe a bhaineann go sonrach leis an LFCS lena mbaineann ar údarás náisiúnta a bheith in ann scagadh a dhéanamh ar éifeachtaí comhshaoil an phlean nó an tionscadail atá i gceist ar an láithreán cosanta chun a chinneadh an gá measúnú iomchuí a dhéanamh ar na héifeachtaí sin.
26 Sna himthosca sin, chinn an Ard-Chúirt bac a chur ar na himeachtaí agus an cheist seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais le haghaidh réamhrialú:
‘An bhfuil sé d’éifeacht ag Airteagal 6(3) [den Treoir maidir le Gnáthóga] arna chur i bhfeidhm maidir [leis an Treoir maidir le hÉin] d’Airteagal 7 den Treoir [maidir le Gnáthóga], nach mór cinneadh ó údarás inniúil Ballstáit maidir le cé acu is dócha nó nach dócha go mbeidh tionchar suntasach ag plean nó tionscadal nach bhfuil nasctha go díreach nó riachtanach do bhainistiú aon láithreáin chun críocha [na Treorach maidir le hÉin] ar aon láithreán den sórt sin, ina aonar nó in éineacht le pleananna nó tionscadail eile, a dhéanamh trí thagairt do chuspóirí agus/nó do bhearta caomhnaithe arna mbunú d’aon láithreán lena mbaineann agus/nó go háirithe d’aon láithreán a bheartaítear a scagadh as breithniú mar láithreán nach dócha go ndéanfar difear suntasach dó?’
An nós imeachta os comhair na Cúirte
27 Le hordú ó Uachtarán na Cúirte an 20 Márta 2025, diúltaíodh d’iarraidh na cúirte a rinne an tarchur go ndéileálfaí le Cás C‑27/25 faoin nós imeachta brostaithe dá bhforáiltear in Airteagal 105 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais agus tugadh tosaíocht don chás sin de bhun Airteagal 53(3) de na Rialacha Nós Imeachta.
28 Le cinneadh ó Uachtarán na Cúirte an 22 Deireadh Fómhair 2025, uamadh Cásanna C‑27/25 agus C‑356/25 chun críocha na coda ó bhéal den nós imeachta agus an bhreithiúnais.
Inghlacthacht na hiarrata ar réamhrialú i gCás C‑356/25
29 Áitíonn an Coimisiún go bhfuil an iarraidh ar réamhrialú i gCás C‑356/25 do-ghlactha ar an bhforas gur dhiúltaigh an chúirt a rinne an tarchur cheana féin don iarratas ar neamhniú an chinnidh atá i gceist sna príomhimeachtaí sa chás sin. A mhéid atá feidhm res judicata faighte ag breithiúnas na cúirte sin lena ndiúltaítear don iarratas sin ar neamhniú, tá an díospóid sna príomhimeachtaí socraithe go cinntitheach, agus mar thoradh air sin ní hamháin nach bhfuil aon chuspóir ag an gceist a tharchuirtear sa chás sin, ach nach mbaineann sí le toradh na díospóide sin ach oiread.
30 Sa chás seo, rinne an Ard-Chúirt an iarraidh sin ar réamhrialú in imeachtaí ina raibh dhá chuid, ceann amháin ina raibh, go bunúsach, iarratas ar neamhniú an chinnidh atá i gceist sna príomhimeachtaí, agus an ceann eile in iarratas ar fhaoiseamh dearbhaitheach lena n‑iarrtar dearbhú gur cheart an scagadh ar éifeachtaí comhshaoil an tionscadail atá i gceist sna príomhimeachtaí ar an láithreán lena mbaineann a dhéanamh agus na cuspóirí caomhnaithe agus/nó na bearta caomhnaithe a bhaineann go sonrach leis an LFCS Blackwater Callows á gcur san áireamh. Is léir ón ordú tarchuir, cé raibh an chéad chuid den díospóid sna príomhimeachtaí cinnte ag an gcúirt a rinne an tarchur, go bhfuil an dara cuid fós ar feitheamh os a comhair. Deir an chúirt sin nach bhfuil cuspóir na díospóide sin teoranta don cheist maidir le bailíocht an chinnidh atá i gceist sna príomhimeachtaí, ach go gclúdaítear leis freisin an t‑iarratas ar fhaoiseamh dearbhaitheach a rinne Massey, nach bhfuil rialú tugtha aici air fós.
31 Sna himthosca sin, coinníonn an díospóid sna príomhimeachtaí a cuspóir, sa mhéid is go bhfuil iarratas Massey ar fhaoiseamh dearbhaitheach fós os comhair na cúirte a rinne an tarchur.
32 Ní chuirtear bac le cineál dearbhaitheach na caingne sna príomhimeachtaí ar an gCúirt rialú a thabhairt ar cheist a tharchuirtear chun réamhrialú i gcás ina bhforáiltear don chaingean sin leis an dlí náisiúnta agus ina bhfreagraíonn an cheist sin do riachtanas oibiachtúil chun an díospóid a tugadh go dleathach os comhair na cúirte a rinne an tarchur a réiteach (breithiúnas an 10 Nollaig 2018, Wightman agus páirtithe eile, C‑621/18, EU:C:2018:999, mír 31 agus an cásdlí dá dtagraítear).
33 Is amhlaidh an cás anseo. Ar thaobh amháin, níl aon díospóid ann gur caingean dlí dá bhforáiltear le dlí na hÉireann é iarratas ar fhaoiseamh dearbhaitheach.
34 Ar an taobh eile, ba cheart a mheabhrú, de réir cásdlí socair, go bhfuil toimhde ábharthachta ag ceisteanna maidir le léiriú dhlí an Aontais arna dtarchur ag cúirt náisiúnta sa chomhthéacs fíorasach agus reachtach a bhfuil an chúirt sin freagrach as a shainiú, agus nach faoin gCúirt atá sé a chruinneas a chinneadh. Ní féidir leis an gCúirt diúltú rialú a thabhairt ar iarraidh ar réamhrialú ó chúirt náisiúnta ach amháin má dhealraíonn sé go follasach nach bhfuil baint ar bith ag an léiriú arna iarraidh ar dhlí an Aontais le fíorais iarbhír nó le cuspóir na díospóide sna príomhimeachtaí, más fadhb de chineál hipitéiseach í, nó mura bhfuil an fhaisnéis fhíorasach agus dhlíthiúil is gá ag an gCúirt chun freagra úsáideach a thabhairt ar na ceisteanna a chuirtear uirthi (breithiúnas an 13 Bealtaine 2026, Korfin agus Sempiola Invest, C‑225/25, EU:C:2026:401, mír 21 agus an cásdlí dá dtagraítear).
35 I ndáil leis sin, is léir ón ordú tarchuir go mbraitheann toradh an iarratais ar fhaoiseamh dearbhaitheach ar fhreagra na Cúirte ar an gceist a tarchuireadh, sa chaoi, dá dtabharfadh an Chúirt freagra dearfach ar an gceist sin, go gcinnfeadh an chúirt a rinne an tarchur gur cheart an scagadh ar éifeachtaí comhshaoil an tionscadail atá i gceist sna príomhimeachtaí ar an LFCS Blackwater Callows a dhéanamh agus na cuspóirí caomhnaithe agus/nó na bearta caomhnaithe a bhaineann go sonrach leis an limistéar sin á gcur san áireamh. Má tá an freagra diúltach, bheadh ar an gcúirt sin ansin diúltú don iarratas ar fhaoiseamh dearbhaitheach.
36 Dá réir sin, ní léir nach bhfuil aon bhaint ag an léiriú atá á lorg ar an Treoir maidir le Gnáthóga le fíricí iarbhír ná le cuspóir na díospóide sna príomhimeachtaí.
37 Leanann sé ón méid sin go bhfuil an iarraidh ar réamhrialú i gCás C‑356/25 inghlactha.
Na ceisteanna a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú
38 Lena gceisteanna faoi seach, ar cheart iad a scrúdú le chéile, fiafraíonn na cúirteanna a rinne an tarchur, go bunúsach, an gá Airteagal 6(3) den Treoir maidir le Gnáthóga a léiriú sa chaoi, in éagmais cuspóirí caomhnaithe a bhaineann go sonrach leis an LFCS lena mbaineann, go bhféadfaidh údarás náisiúnta scagadh agus/nó measúnú iomchuí a dhéanamh go bailí, agus scrúdú á dhéanamh aige ar iarratas ar thoiliú plean nó tionscadail, ar impleachtaí an phlean nó an tionscadail sin do shláine an LFCS sin.
39 De réir cásdlí socair, agus foráil de dhlí an Aontais á léiriú, is gá machnamh a dhéanamh ní hamháin ar a foclaíocht ach ar an gcomhthéacs ina bhfuil sí agus ar na cuspóirí a shaothraítear leis na rialacha ar cuid díobh í (breithiúnas an 23 Aibreán 2026, NOI–Blagoevgrad, C‑116/25, EU:C:2026:336, mír 31 agus an cásdlí dá dtagraítear).
40 Is cásdlí socair é freisin nach mór brí agus raon feidhme na dtéarmaí nach dtugtar aon sainmhíniú orthu i ndlí an Aontais agus nach ndéantar tagairt iontu do dhlí na mBallstát a chinneadh trí bhreithniú a dhéanamh ar a ngnáthbhrí sa ghnáthchaint, agus an comhthéacs ina dtarlaíonn siad agus na cuspóirí a shaothraítear leis na rialacha ar cuid díobh iad á gcur san áireamh (breithiúnas an 12 Feabhra 2026, Stichting Koskea, C‑490/24, EU:C:2026:89, mír 24).
41 Maidir le foclaíocht na forála a n‑iarrtar a léiriú, ba cheart a mheabhrú go bhforáiltear le hAirteagal 6(3) den Treoir maidir le Gnáthóga go mbeidh aon phlean nó tionscadal nach bhfuil baint dhíreach aige le bainistíocht an láithreáin nó nach bhfuil gá leis ach ar dócha go mbeidh tionchar suntasach aige air, ina aonar nó in éineacht le pleananna nó tionscadail eile, faoi réir measúnú iomchuí ar a impleachtaí don láithreán sin i bhfianaise chuspóirí maidir le caomhnú an láithreáin.
42 Luaitear freisin in Airteagal 6(3) den Treoir maidir le Gnáthóga, i bhfianaise chonclúidí mheasúnú na n‑impleachtaí plean nó tionscadail don láithreán lena mbaineann agus faoi réir fhorálacha Airteagal 6(4), ní aontóidh na húdaráis náisiúnta inniúla leis an bplean sin nó leis an tionscadal sin go dtí go bhfionnfaidh siad nach ndéanfaidh sé dochar do shláine an láithreáin sin agus, más iomchuí, tar éis tuairim a fháil ón bpobal i gcoitinne.
43 Ar an gcéad dul síos, maidir leis an gcoincheap ‘measúnú iomchuí’, de réir bhrí Airteagal 6(3) den Treoir maidir le Gnáthóga, ba cheart a thabhairt faoi deara nach sainmhínítear leis an bhforáil sin aon mhodh ar leith chun measúnú den sórt sin a dhéanamh. Mar sin féin, de réir fhoclaíocht na forála sin, ní mór measúnú iomchuí a dhéanamh ar na himpleachtaí do láithreán cosanta plean nó tionscadail sula bhformheasfar é agus na héifeachtaí carnacha a eascraíonn as an bplean nó an tionscadal sin a chomhcheangal le pleananna nó tionscadail eile a chur san áireamh, i bhfianaise chuspóirí maidir le caomhnú an láithreáin (breithiúnas an 7 Meán Fómhair 2004, Waddenvereniging agus Vogelbeschermingsvereniging, C‑127/02, EU:C:2004:482, míreanna 52 agus 53).
44 Ar an dara dul síos, leanann sé freisin ó fhoclaíocht na forála sin nach mór an measúnú iomchuí ar impleachtaí plean nó tionscadail do láithreán a dhéanamh ‘i bhfianaise’ chuspóirí maidir le caomhnú ‘an láithreáin’.
45 Ar an gcéad dul síos, ní mór a thuiscint go gceanglaítear leis na focail ‘i bhfianaise’, de réir a ngnáthbhrí sa ghnáthchaint, an measúnú iomchuí a dhéanamh i bhfianaise chuspóirí maidir le caomhnú an láithreáin lena mbaineann.
46 Dá bhrí sin, shonraigh an Chúirt gur i bhfianaise chuspóirí maidir le caomhnú láithreáin faoi chosaint nach mór raon feidhme na hoibleagáide measúnú iomchuí a dhéanamh ar impleachtaí plean nó tionscadail don láithreán sin a chinneadh. Ina theannta sin, ceanglaítear leis an Treoir maidir le Gnáthóga ar an údarás inniúil náisiúnta gach gné den phlean nó den tionscadal sin a d’fhéadfadh tionchar a bheith acu ar chuspóirí maidir le caomhnú an láithreáin sin a shainaithint agus a mheasúnú sula ndeonaítear an toiliú atá i gceist (breithiúnas an 17 Nollaig 2020, an Coimisiún v an Ghréig, C‑849/19, EU:C:2020:1047, mír 51).
47 Chuige sin, chinn an Chúirt freisin go luaitear in Airteagal 6(3) agus (4) den Treoir maidir le Gnáthóga, a bhfuil feidhm acu freisin maidir le LFCS i gcomhréir le hAirteagal 7 den Treoir sin, agus faoina gceanglaítear ar na Ballstáit measúnú ex ante a dhéanamh agus pleananna nó tionscadail ar dócha go mbeidh tionchar suntasach acu ar na láithreáin lena mbaineann a chur faoi réir réamhúdarú, gur ‘pointe tagartha éigeantach’ iad cuspóirí maidir le caomhnú an láithreáin faoi chosaint le haghaidh na measúnuithe iomchuí is gá (féach, chuige sin, breithiúnas an 12 Meán Fómhair 2024, Elliniki Ornithologiki Etaireia agus páirtithe eile, C‑66/23, EU:C:2024:733, mír 42).
48 Ar an dara dul síos, léirítear leis an tagairt in Airteagal 6(3) den Treoir maidir le Gnáthóga do chuspóirí maidir le caomhnú ‘an láithreáin sin’ nach mór na cuspóirí caomhnaithe sin a bheith sonrach do gach láithreán faoi chosaint.
49 Thug an Chúirt faoi deara, i ndáil leis sin, nach féidir leis na cuspóirí caomhnaithe sin a bheith ginearálta agus neamhbheacht, ach nach mór dóibh, os a choinne sin, a bheith sonrach agus beacht agus leasanna sonracha na limistéar lena mbaineann a chur san áireamh, rud a thugann le tuiscint go mbaineann siad leis na príomhchineálacha gnáthóg nádúrtha agus speiceas atá laistigh de LCS lena mbaineann agus atá chun leasa an Aontais Eorpaigh (féach, chuige sin, breithiúnais an 17 Nollaig 2020, an Coimisiún v an Ghréig, C‑849/19, EU:C:2020:1047, míreanna 58 agus 59, agus an 21 Meán Fómhair 2023, an Coimisiún v an Ghearmáin (Limistéir chaomhantais speisialta a chosaint), C‑116/22, EU:C:2023:687, mír 107 agus an cásdlí dá dtagraítear).
50 Dá bhrí sin, is léir ó fhoclaíocht shoiléir agus aonchiallach Airteagal 6(3) den Treoir maidir le Gnáthóga nach mór an measúnú iomchuí a dhéanamh chun tacú leis na cuspóirí caomhnaithe a bhaineann go sonrach leis an láithreán. In éagmais cinneadh ar na cuspóirí sin, ní féidir measúnú den sórt sin a dhéanamh go bailí, agus mar thoradh air sin ní féidir cuspóirí caomhnaithe a mheas mar chuspóirí roghnacha nó ní gá iad a chur san áireamh ach amháin i gcás inarb ann dóibh.
51 Tacaítear leis an léiriú sin le comhthéacs reachtach Airteagal 6(3) den Treoir maidir le Gnáthóga.
52 Ar an gcéad dul síos, de réir an ochtú haithris sa bhrollach a ghabhann leis an Treoir maidir le Gnáthóga, is gá, i ngach limistéar ainmnithe, na bearta is gá a chur chun feidhme i bhfianaise na gcuspóirí caomhnaithe atá á saothrú. Luaitear in aithris 10 den bhrollach a ghabhann leis an Treoir sin gur cheart measúnú iomchuí a dhéanamh ar aon phlean nó ar aon chlár ar dócha go mbeadh tionchar suntasach aige ar chuspóirí maidir le caomhnú láithreáin a ainmníodh nó a ainmneofar amach anseo. Mar a chinn an Chúirt, is léir ón gcéad abairt d’Airteagal 6(3) den Treoir maidir le Gnáthóga, arna léamh i gcomhar leis an deichiú haithris sin, go bhfuil measúnú le déanamh ar thábhacht na n‑impleachtaí do láithreán plean nó tionscadail nach bhfuil baint dhíreach aige le bainistiú an láithreáin sin nó nach bhfuil gá leis i ndáil le cuspóirí maidir le caomhnú an láithreáin sin. Dá bhrí sin, i gcás ina bhfuil an baol ann go gcuirfidh plean nó tionscadal na cuspóirí sin i mbaol, ní mór a mheas gur dócha go mbeidh tionchar suntasach aige ar an suíomh sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 7 Meán Fómhair 2004, Waddenvereniging agus Vogelbeschermingsvereniging, C‑127/02, EU:C:2004:482, míreanna 46 agus 49).
53 Ag féachaint do phrionsabal an réamhchúraim, go háirithe, meastar baol den sórt sin a bheith ann i gcás nach féidir a chur as an áireamh, ag féachaint don eolas eolaíoch is fearr sa réimse, go bhféadfadh an plean nó an tionscadal atá i gceist tionchar suntasach a bheith acu ar chuspóirí maidir le caomhnú an láithreáin. Ní mór an measúnú ar an mbaol sin a dhéanamh i bhfianaise, inter alia, na saintréithe agus na ndálaí comhshaoil a bhaineann go sonrach leis an láithreán sin (breithiúnas an 15 Meitheamh 2023, Eco Advocacy, C‑721/21, EU:C:2023:477, mír 37 agus an cásdlí dá dtagraítear).
54 Dá bhrí sin, ní ceanglas foirmiúil amháin é an ceanglas an measúnú iomchuí is gá a dhéanamh i bhfianaise chuspóirí maidir le caomhnú an láithreáin faoi chosaint. Is gné dhílis é an ceanglas sin de chineál measúnaithe den sórt sin, arb é is cuspóir dó a chinneadh an dócha go ndéanfaidh an plean nó an tionscadal lena mbaineann dochar do shláine an láithreáin sin, nach féidir a mheasúnú ach amháin i bhfianaise chuspóirí maidir le caomhnú an láithreáin féin.
55 I ndáil leis sin, shonraigh an Chúirt nach féidir bearnaí a bheith sa mheasúnú a dhéantar faoi Airteagal 6(3) den Treoir maidir le Gnáthóga agus nach mór torthaí agus conclúidí iomlána, beachta agus cinntitheacha a bheith ann lenar féidir deireadh a chur le gach amhras eolaíoch réasúnta maidir le héifeachtaí na saothar atá beartaithe ar an láithreán faoi chosaint lena mbaineann (breithiúnas an 15 Meitheamh 2023, Eco Advocacy, C‑721/21, EU:C:2023:477, mír 39 agus an cásdlí dá dtagraítear). Dá bhrí sin, in éagmais sainchuspóirí caomhnaithe a leagan síos roimh an measúnú iomchuí is gá a dhéanamh, ní féidir a mheas go gcomhlíontar le measúnú iomchuí den sórt sin na ceanglais sin maidir le hiomláine, beachtas agus cinntitheacht.
56 Ar an dara dul síos, chinn an Chúirt go gciallaíonn na hoibleagáidí a bhaineann le bainistiú LFCSanna, a leagtar síos in Airteagal 4 den Treoir maidir le hÉin, arna léamh i bhfianaise Airteagal 6 den Treoir maidir le Gnáthóga, nach mór do na Ballstáit cuspóirí caomhnaithe a leagan síos do na limistéir sin. Shoiléirigh an Chúirt nach mór cuspóirí caomhnaithe den sórt sin a áireamh i stádas dlíthiúil LFCS (féach, chuige sin, breithiúnas an 12 Meán Fómhair 2024, Elliniki Ornithologiki Etaireia agus páirtithe eile, C‑66/23, EU:C:2024:733, mír 46).
57 Chinn an Chúirt freisin nach mór Airteagal 4(1) agus (2) den Treoir maidir le hÉin agus Airteagal 6(2) go (4) den Treoir maidir le Gnáthóga a léiriú sa chaoi go gceanglaítear ar na Ballstáit cuspóirí agus bearta caomhnaithe a bhaineann le gach speiceas faoi chosaint agus lena ngnáthóg a shainiú le haghaidh gach LCS a bhreithnítear ina n‑aonar. Agus an méid sin á dhéanamh acu, is faoi na Ballstáit atá sé tosaíochtaí a leagan síos de réir thábhacht na mbeart sin chun cuspóirí caomhnaithe na speiceas sin go léir a bhaint amach (breithiúnas an 12 Meán Fómhair 2024, Elliniki Ornithologiki Etaireia agus páirtithe eile, C‑66/23, EU:C:2024:733, mír 59).
58 Le hAirteagal 4(4) den Treoir maidir le Gnáthóga, ceanglaítear ar údaráis inniúla an Bhallstáit lena mbaineann, agus LCS á ainmniú acu, tosaíochtaí a bhunú ar bhonn thábhacht na láithreán chun cineál gnáthóige nádúrtha áirithe nó speiceas áirithe a chothabháil nó a athchóiriú, ar stádas caomhantais fabhrach, agus ar mhaithe le comhleanúnachas líonra Natura 2000, agus de réir na mbagairtí díghrádaithe nó scriosta a bhfuil na láithreáin sin neamhchosanta orthu. Is gá go dtugtar le tuiscint le bunú na dtosaíochtaí sin gur socraíodh cuspóirí maidir le caomhnú na láithreán sin roimh ré (breithiúnas an 17 Nollaig 2020, an Coimisiún v an Ghréig, C‑849/19, nár foilsíodh, EU:C:2020:1047, mír 46).
59 Dá bhrí sin, is réamhriachtanas é na cuspóirí caomhnaithe sin a chinneadh i gcomhthéacs bhunú na dtosaíochtaí agus na mbeart caomhnaithe sin (breithiúnas an 29 Meitheamh 2023, an Coimisiún v Éire (Limistéir chaomhantais speisialta a chosaint), C‑444/21, EU:C:2023:524, mír 156 agus an cásdlí dá dtagraítear).
60 Leanann sé ón méid sin roimhe seo go bhfuil coinníoll sna cuspóirí caomhnaithe a bunaíodh roimhe seo agus a bhaineann go sonrach le gach láithreán faoi chosaint maidir le sainiú na mbeart caomhnaithe is infheidhme maidir le láithreán faoi chosaint agus sainiú na dtosaíochtaí maidir leis an speiceas agus an láithreán sin a chosaint agus maidir leis an measúnú iomchuí a dhéanamh ar impleachtaí pleananna agus tionscadal do láithreán den sórt sin.
61 Dá réir sin, ní mór a mheas gur réamhchéim fhíor-riachtanach é cinneadh na gcuspóirí caomhnaithe sin i gcur chun feidhme an nós imeachta measúnaithe dá bhforáiltear in Airteagal 6(3) den Treoir maidir le Gnáthóga.
62 Ní chaitear amhras ar an léiriú sin mar gheall ar an bhfíric, ar a bhfuil Éire ag brath, go bhfuil tréimhse sé bliana ag na Ballstáit, faoi Airteagal 4(4) den Treoir sin, chun LCSanna a ainmniú.
63 Is fíor go dtarlaíonn an próiseas chun na láithreáin sin a ainmniú i dtrí chéim dá bhforáiltear in Airteagal 4 den Treoir maidir le Gnáthóga, eadhon an togra ó gach Ballstát maidir le liosta láithreán, liosta láithreán a bhfuil tábhacht Chomhphobail leo a tharraingt suas ag an gCoimisiún, agus ansin na láithreáin sin a ainmniú go foirmiúil mar LCSanna laistigh d’uastréimhse 6 bliana, lena mbunaítear na tosaíochtaí agus na bearta caomhnaithe is gá (féach, chuige sin, breithiúnas an 12 Meitheamh 2019, CFE, C‑43/18, EU:C:2019:483, mír 37).
64 Mar sin féin, níl aon fhoráil choibhéiseach sa Treoir maidir le hÉin, is infheidhme maidir leis an LCS atá i gceist sna príomhimeachtaí, lena leagtar síos teorainn ama den sórt sin le haghaidh LFCSanna. Ba cheart a thabhairt faoi deara go bhfuil na rialacha maidir le LCSanna agus LFCSanna a ainmniú, faoi seach, éagsúil ó thaobh struchtúir de, cé go dtagann a gcuspóirí le chéile laistigh de líonra Natura 2000. Dá bhrí sin, de bhua na tagartha a dhéantar d’Airteagal 7 den Treoir maidir le Gnáthóga, cuirtear na hoibleagáidí a eascraíonn as míreanna 2, 3 agus 4 d’Airteagal 6 den Treoir sin in ionad na n‑oibleagáidí a eascraíonn as Airteagal 4(4) den Treoir maidir le hÉin agus tá feidhm acu maidir le LFCSanna a luaithe a aicmíonn na Ballstáit iad amhlaidh.
65 In aon chás, is léir ón gcomhad atá os comhair na Cúirte gur ainmníodh Blackwater Callows mar LFCS de réir bhrí na Treorach maidir le hÉin in 2010. Tá comhthuiscint ann, ar dháta glactha na gcinntí atá i gceist sna príomhimeachtaí, in 2022 agus 2023 faoi seach, nár ghlac Éire cuspóirí caomhnaithe a bhaineann go sonrach leis an limistéar sin.
66 Ba cheart a mheabhrú i ndáil leis sin gurb ionann mainneachtain Ballstáit cuspóirí caomhnaithe sonracha agus beachta a ghlacadh do láithreáin a thagann faoi líonra Natura 2000 agus mainneachtain a oibleagáidí faoi Airteagal 4(4) den Treoir maidir le Gnáthóga a chomhlíonadh (breithiúnas an 29 Meitheamh 2023, an Coimisiún v Éire (Limistéir chaomhantais speisialta a chosaint), C‑444/21, EU:C:2023:524, mír 158 agus an cásdlí dá dtagraítear). Mar is léir ó mhír 64 den bhreithiúnas seo, tá feidhm ag na hoibleagáidí sin freisin maidir le LFCSanna a luaithe a aicmíonn na Ballstáit iad amhlaidh.
67 Tacaítear freisin le léiriú Airteagal 6(3) den Treoir maidir le Gnáthóga, a leagtar amach i míreanna 60 agus 61 den bhreithiúnas seo, leis na cuspóirí a shaothraítear leis an Treoir sin.
68 Mar is léir ón gcéad fhomhír d’Airteagal 3(1) den Treoir maidir le Gnáthóga, tugann struchtúr líonra Natura 2000 le tuiscint go gcomhlíonann gach láithreán feidhm shonrach ann, ionas go gcuireann sé le comhleanúnachas foriomlán an líonra sin agus, dá bhrí sin, leis an gcuspóir ginearálta a bhaint amach maidir le stádas caomhantais fabhrach a áirithiú do gach speiceas agus cineál gnáthóige a liostaítear in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann leis an Treoir maidir le Gnáthóga.
69 Baintear an cuspóir ginearálta sin amach, a mhéid a bhaineann le láithreáin faoi chosaint, trí chuspóirí caomhnaithe a bhunú lena sainítear an stádas atá le baint amach do na speicis agus do na cineálacha gnáthóige sin laistigh de na láithreáin lena mbaineann. Leag an Chúirt béim cheana féin ar a thábhachtaí atá sé na láithreáin lena mbaineann a chaomhnú ar stádas caomhantais fabhrach, lena mbaineann cothabháil bhuan shaintréithe bunaidh an láithreáin lena mbaineann, atá nasctha le cineál gnáthóige nádúrtha nó speiceas a bheith ann a raibh údar maith lena chuspóir caomhnaithe an láithreán sin a ainmniú ar an liosta láithreán a bhfuil tábhacht Chomhphobail leo, de réir bhrí na Treorach sin (féach, cuige sin, breithiúnas an 24 Meitheamh 2021, an Coimisiún v an Spáinn (Meathlú limistéar nádúrtha Doñana), C‑559/19, EU:C:2021:512, mír 166 agus an cásdlí dá dtagraítear).
70 Dá bhrí sin, is iad na gníomhaíochtaí agus na sásraí nithiúla atá le cur i bhfeidhm chun na cuspóirí caomhnaithe a leagtar síos don láithreán lena mbaineann a bhaint amach na bearta caomhnaithe is infheidhme maidir le láithreán faoi chosaint a shainiú agus tosaíochtaí a shainiú maidir le speicis agus láithreáin faoi chosaint a chosaint agus an measúnú iomchuí a dhéanamh ar impleachtaí pleananna agus tionscadal do láithreán den sórt sin.
71 Dá bhrí sin, mar gheall ar shainiúlacht agus beachtas na gcuspóirí caomhnaithe arna leagan síos ag an mBallstát lena mbaineann, is féidir a fháil amach an bhfuil na bearta caomhnaithe atá bunaithe ar na cuspóirí sin iomchuí chun stádas caomhnaithe inmhianaithe an láithreáin atá i gceist a bhaint amach (féach, chuige sin, breithiúnas an 21 Meán Fómhair 2023, an Coimisiún v an Ghearmáin (Limistéir chaomhantais speisialta a chosaint), C‑116/22, EU:C:2023:687, míreanna 115 agus 116). Is amhlaidh atá i gcás an mheasúnaithe iomchuí a dhéanamh ar impleachtaí pleananna agus tionscadal do láithreán faoi chosaint.
72 In éagmais cuspóirí caomhnaithe a bhaineann go sonrach leis an láithreán a bunaíodh roimhe seo, is gá go mbeadh an measúnú iomchuí atá le déanamh ag na húdaráis náisiúnta bunaithe ar bhonn nach bhfuil beacht ná iomlán go leor, mar a cuireadh in iúl cheana i mír 55 den bhreithiúnas seo, a mbeadh sé d’éifeacht aige an baol a mhéadú go n‑údaródh na húdaráis náisiúnta sin pleananna nó tionscadail nach bhfuil baint dhíreach acu le bainistiú an láithreáin sin nó nach bhfuil gá leo ach lena ndéantar dochar dá shláine, rud a dhéanfadh damáiste éiceolaíoch suntasach, nó fiú doleasaithe, don láithreán sin.
73 Ina theannta sin, chuirfeadh mainneachtain den sórt sin deireadh leis an nós imeachta measúnaithe iomchuí ar an intuarthacht agus an deimhneacht dhlíthiúil is gá chun é a chur chun feidhme i ndálaí atá oiriúnach chun a áirithiú go mbainfear amach na cuspóirí a shaothraítear leis na Treoracha maidir le Gnáthóga agus Éin. I ndáil leis sin, ba cheart a mheabhrú nach mór oibleagáidí na mBallstát faoi Airteagal 6 den Treoir maidir le Gnáthóga a chur chun feidhme go héifeachtach agus trí bhearta iomlána, soiléire agus beachta (breithiúnas an 12 Meán Fómhair 2024, Elliniki Ornithologiki Etaireia agus páirtithe eile, C‑66/23, EU:C:2024:733, mír 56 agus an cásdlí dá dtagraítear).
74 Dá bhrí sin, tá an baol ann go gcuirfí isteach ar na cuspóirí a shaothraítear le hAirteagal 6(3) den Treoir maidir le Gnáthóga agus, ar deireadh, cuspóirí na Treorach sin féin, le measúnú iomchuí ar impleachtaí plean nó tionscadail le haghaidh láithreán faoi chosaint a dhéantar gan na cuspóirí caomhnaithe a bhaineann go sonrach leis an láithreán a ghlacadh ar dtús.
75 Leanann sé ó na breithnithe go léir roimhe seo gurb ionann glacadh, ag na húdaráis náisiúnta inniúla, roimh ré cuspóirí caomhnaithe a bhaineann go sonrach leis an láithreán lena mbaineann agus coinníoll maidir le dlíthiúlacht an mheasúnaithe iomchuí is gá, de réir bhrí Airteagal 6(3) den Treoir maidir le Gnáthóga.
76 Maidir le céim an scagtha ar éifeachtaí comhshaoil an phlean nó an tionscadail atá i gceist ar an láithreán faoi chosaint, arb é is ábhar don cheist a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú i gCás C‑356/25, ba cheart a mheabhrú gur réamhchéim í an chéim sin lena bhféachtar lena chinneadh an gá measúnú iomchuí a dhéanamh, ina dhiaidh sin, ar impleachtaí an phlean nó an tionscadail sin ar an láithreán lena mbaineann (féach, chuige sin, breithiúnas an 12 Aibreán 2018, People Over Wind agus Sweetman, C‑323/17, EU:C:2018:244, mír 40).
77 I ndáil leis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara go leagtar amach go soiléir le hAirteagal 6(3) den Treoir maidir le Gnáthóga go bhfuil an oibleagáid measúnú den sórt sin a dhéanamh faoi réir an dá choinníoll charnacha seo a leanas, eadhon nach mór nach mbeadh baint ag an bplean nó an tionscadal atá i gceist le bainistíocht an láithreáin lena mbaineann ná nach mbeadh sé riachtanach chuige sin, agus nach mór gur dócha go mbeidh tionchar suntasach aige ar an láithreán sin (breithiúnas an 12 Aibreán, 2018, People Over Wind agus Sweetman, C‑323/17, EU:C:2018:244, mír 32).
78 Is é is cuspóir do chéim an scagtha, go sonrach, mar réamhchéim chun a chinneadh an bhfuil gá le measúnú iomchuí, a chinneadh an gcomhlíontar na coinníollacha sin.
79 Níl sé i gceist leis an gcéim scagtha sin anailís a dhéanamh atá chomh hiomlán agus chomh beacht leis an anailís nach mór a dhéanamh i gcomhthéacs an mheasúnaithe iomchuí ar impleachtaí plean nó tionscadail don láithreán lena mbaineann. Chinn an Chúirt nach mór an anailís ar bhearta a d’fhéadfadh aon éifeachtaí suntasacha ar an láithreán lena mbaineann a sheachaint nó a laghdú a dhéanamh ní ag céim an scagtha sin, ach ag céim an mheasúnaithe iomchuí sin. Dar leis an gCúirt, dá gcuirfí bearta den sórt sin san áireamh ag an gcéim scagtha chéanna, d’fhéadfaí an bonn a bhaint d’éifeachtacht na Treorach maidir le Gnáthóga, go ginearálta, agus den mheasúnú iomchuí sin, go háirithe, ós rud é go gcaillfeadh an chéim dheireanach sin a cuspóir agus go mbeadh baol ann go rachfaí timpeall uirthi, rud atá, mar sin féin, ina ráthaíocht bhunriachtanach dá bhforáiltear leis an Treoir sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 15 Meitheamh 2023, Eco Advocacy, C‑721/21, EU:C:2023:477, míreanna 46 agus 47 agus an cásdlí dá dtagraítear).
80 Maidir leis an gcéad cheann de na coinníollacha dá dtagraítear i mír 77 den bhreithiúnas seo, ní mór a mheas go mbaineann an cheist an bhfuil baint dhíreach ag an bplean nó ag an tionscadal atá i gceist le bainistiú an láithreáin lena mbaineann nó an bhfuil gá leis le bainistiú an láithreáin sin le saintréithe an phlean nó an tionscadail sin a bhreithnítear ann féin. Dá bhrí sin, ní féidir glacadh cuspóirí caomhnaithe a bhaineann go sonrach leis an láithreán faoi chosaint a mheas mar chuspóirí fíor-riachtanacha ina leith sin.
81 Maidir leis an dara ceann de na coinníollacha sin, baineann sé, inter alia, leis na láithreáin faoi chosaint a bhféadfadh an plean nó an tionscadal atá i gceist difear a dhéanamh dóibh a shainaithint, agus na héifeachtaí a d’fhéadfadh acu á gcur san áireamh. Ní féidir a chur as an áireamh go bhféadfaí sainaithint den sórt sin a dhéanamh, gan é a bheith riachtanach na cuspóirí caomhnaithe a bhaineann go sonrach le gach ceann de na láithreáin faoi chosaint a chur san áireamh. D’fhéadfadh sé sin a bheith amhlaidh i gcás ina bhfágann teorannú an limistéir gheografaigh ar dócha go mbeidh tionchar ag an bplean nó an tionscadal air gur féidir aon bhaol go ndéanfar difear do láithreáin áirithe faoi chosaint a eisiamh, leis an gcinnteacht a cheanglaítear faoi phrionsabal an réamhchúraim, ar bhonn critéir oibiachtúla, amhail an t‑achar idir an plean nó an tionscadal céanna agus na láithreáin faoi chosaint agus cibé acu atá nó nach bhfuil conairí sochreidte tionchair ann, gan beann ar chuspóirí sonracha caomhnaithe na láithreán sin.
82 Os a choinne sin, a mhéid a bhaineann le láithreáin faoi chosaint sa limistéar geografach ar dócha go ndéanfaidh an plean nó an tionscadal sin difear dó, ní féidir an measúnú ar an dóchúlacht nó ar an mbaol go mbeidh tionchar suntasach ag an bplean nó ag an tionscadal sin ar na láithreáin sin a dhéanamh gan na cuspóirí caomhnaithe a bhaineann go sonrach leis an láithreán a chur san áireamh. I ndáil leis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara, mar is léir ó mhíreanna 76 go 79 den bhreithiúnas seo, nach bhfuil sé i gceist leis an measúnú sin anailís chomh hiomlán agus chomh beacht céanna a dhéanamh ar impleachtaí an phlean nó an tionscadail lena mbaineann don láithreán faoi chosaint mar an measúnú iomchuí féin, ach measúnú a dhéanamh, i bhfianaise na gcuspóirí caomhnaithe a bhaineann go sonrach leis an láithreán, an féidir nó nach féidir an dóchúlacht nó an baol go mbeidh tionchar suntasach ag an bplean nó ag an tionscadal sin ar an láithreán sin a eisiamh.
83 I bhfianaise an mhéid sin roimhe seo, ní mór a mheas, i gcomhthéacs chéim an scagtha, nach féidir a chur as an áireamh go bhféadfaí an limistéar geografach ar dócha go ndéanfaidh plean nó tionscadal difear dó a shainiú, gan é a bheith riachtanach na cuspóirí caomhnaithe a bhaineann go sonrach le gach ceann de na láithreáin faoi chosaint a chur san áireamh. Os a choinne sin, ní féidir an measúnú ar an dóchúlacht nó ar an mbaol go mbeidh tionchar suntasach ag plean nó tionscadal den sórt sin ar láithreán faoi chosaint laistigh den limistéar geografach sin a dhéanamh gan na cuspóirí caomhnaithe a bhaineann go sonrach leis an láithreán sin a chur san áireamh.
84 I bhfianaise na mbreithnithe go léir roimhe seo, is é an freagra ar na ceisteanna a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú nach mór Airteagal 6(3) den Treoir maidir le Gnáthóga a léiriú sa chaoi nach féidir le húdarás náisiúnta, in éagmais glacadh roimh ré le cuspóirí sonracha caomhnaithe arna mbunú don LFCS lena mbaineann, measúnú iomchuí a dhéanamh go bailí ar impleachtaí plean nó tionscadail ar shláine an limistéir sin, i gcomhthéacs scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar thoiliú forbartha a bhaineann leis an bplean nó leis an tionscadal sin. I gcomhthéacs chéim an scagtha, ní féidir a chur as an áireamh go bhféadfaí an limistéar geografach a shainiú ar dócha go ndéanfaidh plean nó tionscadal difear dó, gan é a bheith riachtanach na cuspóirí caomhnaithe a bhaineann go sonrach le gach ceann de na láithreáin faoi chosaint a chur san áireamh. Os a choinne sin, ní féidir an measúnú ar an dóchúlacht nó ar an mbaol go mbeidh tionchar suntasach ag plean nó tionscadal den sórt sin ar láithreán faoi chosaint laistigh den limistéar geografach sin a dhéanamh gan na cuspóirí caomhnaithe a bhaineann go sonrach leis an láithreán sin a chur san áireamh.
Teorainn a chur le héifeachtaí ama an bhreithiúnais seo
85 Ag an éisteacht, d’iarr Éire ar an gCúirt teorainn a chur le héifeachtaí ama an bhreithiúnais seo.
86 I ndáil leis sin, ba cheart a mheabhrú go soiléirítear agus go sainítear sa léiriú a thugann an Chúirt do rialacha dhlí an Aontais, i bhfeidhmiú na dlínse a thugtar di le hAirteagal 267 CFAE, brí agus raon feidhme na rialacha sin toisc nach mór nó gur cheart iad a thuiscint agus a chur i bhfeidhm ó dháta a dteacht i bhfeidhm. Is ar bhonn eisceachtúil amháin a spreagfar an Chúirt, agus prionsabal ginearálta na deimhneachta dlíthiúla a bhaineann go dlúth le dlíchóras an Aontais á chur i bhfeidhm aici, chun srian a chur ar an deis d’aon duine lena mbaineann a bheith ag brath ar fhoráil atá léirithe aici, d’fhonn amhras a chaitheamh ar chaidrimh dhlíthiúla a bunaíodh de mheon macánta. Chun teorainn den sórt sin a fhorchur, ní mór dhá chritéar fhíor-riachtanacha a chomhlíonadh, eadhon gur cheart dóibh siúd lena mbaineann gníomhú de mheon macánta agus gur cheart baol deacrachtaí tromchúiseacha a bheith ann, agus na critéir sin ina gcritéir charnacha (breithiúnas an 19 Márta 2026, DB InfraGO agus DB RegioNetz Infrastruktur, C‑770/24, EU:C:2026:218, mír 61 agus an cásdlí dá dtagraítear).
87 Dá bhrí sin, níor ghlac an Chúirt an chéim sin ach amháin in imthosca an‑sonrach, go háirithe i gcás ina raibh baol ann go mbeadh iarmhairtí tromchúiseacha eacnamaíocha ann mar gheall, go háirithe, ar líon mór na gcaidreamh dlíthiúil a rinneadh de mheon macánta ar bhonn rialacha a measadh a bheith i bhfeidhm go bailí agus i gcás inar cosúil gur ghlac daoine aonair agus údaráis náisiúnta cleachtais nár comhlíonadh le dlí an Aontais mar gheall ar éiginnteacht oibiachtúil shuntasach maidir le raon feidhme fhorálacha de dhlí an Aontais (breithiúnas an 19 Márta 2026, DB InfraGO agus DB RegioNetz Infrastruktur, C‑770/24, EU:C:2026:218, mír 62 agus an cásdlí dá dtagraítear).
88 Sa chás seo, ní cosúil gur léirigh Éire go bhfuil baol ann go mbeidh deacrachtaí tromchúiseacha ann. Os a choinne sin, ós rud é gur ghlac an Ballstát sin ar deireadh, in 2024, cuspóirí caomhnaithe a bhaineann go sonrach le gach LFCSanna atá suite ar a chríoch agus, i gcomhréir le prionsabal na deimhneachta dlíthiúla, nach gceanglaítear le dlí an Aontais go mbeadh sé d’oibleagáid ar údarás riaracháin, i bprionsabal, cinneadh riaracháin a athoscailt atá tagtha chun bheith críochnaitheach ar dhul in éag teorainneacha ama réasúnta chun imeachtaí a thionscnamh nó trí leigheasanna dlí a ídiú (breithiúnas an 19 Márta 2026, DB InfraGO agus DB RegioNetz Infrastruktur, C‑770/24, EU:C:2026:218, mír 65 agus an cásdlí dá dtagraítear), is cosúil go n‑eisiatar baol den sórt sin.
89 Ós rud é nach gcomhlíontar an dara critéar a luaitear i mír 86 den bhreithiúnas seo, ní gá a fháil amach an gcomhlíontar an critéar maidir le meon macánta na ndaoine lena mbaineann.
90 Leanann sé ón méid sin roimhe seo nach iomchuí éifeachtaí ama an bhreithiúnais seo a theorannú.
Costais
91 Ós rud é, a mhéid a bhaineann sé leis na páirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte a rinne an tarchur, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a cuireadh faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe.
Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt (an Ceathrú Dlísheomra) mar seo a leanas:
Maidir le hAirteagal 6(3) de Threoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le gnáthóga nádúrtha agus fauna agus flora fiáine a chaomhnú,
ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:
ní féidir le húdarás náisiúnta, in éagmais glacadh roimh ré le cuspóirí sonracha caomhnaithe arna mbunú don limistéar faoi chosaint speisialta lena mbaineann, measúnú iomchuí a dhéanamh go bailí ar impleachtaí plean nó tionscadail ar shláine an limistéir sin, i gcomhthéacs scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar thoiliú forbartha a bhaineann leis an bplean nó leis an tionscadal sin. I gcomhthéacs chéim an scagtha, ní féidir a chur as an áireamh go bhféadfaí an limistéar geografach a shainiú ar dócha go ndéanfaidh plean nó tionscadal difear dó, gan é a bheith riachtanach na cuspóirí caomhnaithe a bhaineann go sonrach le gach ceann de na láithreáin faoi chosaint a chur san áireamh. Os a choinne sin, ní féidir an measúnú ar an dóchúlacht nó ar an mbaol go mbeidh tionchar suntasach ag plean nó tionscadal den sórt sin ar láithreán faoi chosaint laistigh den limistéar geografach sin a dhéanamh gan na cuspóirí caomhnaithe a bhaineann go sonrach leis an láithreán sin a chur san áireamh.
[Sínithe]
* Teanga an cháis: an Béarla.