Šis dokuments ir izvilkums no tīmekļa vietnes EUR-Lex.
Dokuments 62025CJ0010
Judgment of the Court (Eighth Chamber) of 5 March 2026.#Elettronica Industriale SpA v Ministero delle Imprese e del Made in Italy.#Request for a preliminary ruling from the Tribunale Amministrativo Regionale per il Lazio.#Reference for a preliminary ruling – Electronic communications networks and services – Directive 2002/20/EC – Article 13 – Fees for rights of use for digital television frequencies – Directive 2002/21/EC – Article 8 – General objectives – Proportionality – Criterion for assessing fees linked to the collection of a predetermined amount of annual revenue with a financial objective.#Case C-10/25.
Breithiúnas na Cúirte (An tOchtú Dlísheomra) 2026 Márta 5.
Elettronica Industriale SpA v Ministero delle Imprese e del Made in Italy.
Tarchur chun réamhrialú – Líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí – Treoir 2002/20/CE – Airteagal 13 – Táillí ceart úsáide minicíochtaí teilifíse digití – Treoir 2002/21/CE – Airteagal 8 – Cuspóirí ginearálta – Comhréireacht – Critéar táillí a mheas i dtaca le méid réamhshocraithe d’ioncam bliantúil le cuspóir airgeadais a bhailiú.
Cás C-10/25.
Breithiúnas na Cúirte (An tOchtú Dlísheomra) 2026 Márta 5.
Elettronica Industriale SpA v Ministero delle Imprese e del Made in Italy.
Tarchur chun réamhrialú – Líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí – Treoir 2002/20/CE – Airteagal 13 – Táillí ceart úsáide minicíochtaí teilifíse digití – Treoir 2002/21/CE – Airteagal 8 – Cuspóirí ginearálta – Comhréireacht – Critéar táillí a mheas i dtaca le méid réamhshocraithe d’ioncam bliantúil le cuspóir airgeadais a bhailiú.
Cás C-10/25.
Eiropas judikatūras identifikators (ECLI): ECLI:EU:C:2026:156
Eagrán sealadach
BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an tOchtú Dlísheomra)
5 Márta 2026 (*)
(Tarchur chun réamhrialú – Líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí – Treoir 2002/20/CE – Airteagal 13 – Táillí ceart úsáide minicíochtaí teilifíse digití – Treoir 2002/21/CE – Airteagal 8 – Cuspóirí ginearálta – Comhréireacht – Critéar táillí a mheas i dtaca le méid réamhshocraithe d’ioncam bliantúil le cuspóir airgeadais a bhailiú)
I gCás C‑10/25,
IARRAIDH ar réamhrialú de bhun Airteagal 267 CFAE, ó Tribunale amministrativo regionale per il Lazio (an Chúirt Riaracháin Réigiúnach le haghaidh Lazio, an Iodáil), trí bhreith an 23 Nollaig 2024, a fuarthas ag an gCúirt an 9 Eanáir 2025, sna himeachtaí
Elettronica Industriale SpA
v
Ministero delle Imprese e del Made in Italy
idiragraí
Persidera SpA,
tugann AN CHÚIRT (an tOchtú Dlísheomra),
agus í comhdhéanta mar seo a leanas: O. Spineanu-Matei, Uachtarán Dlísheomra, C. Lycourgos (Rapóirtéir), Uachtarán an Tríú Dlísheomra, ag gníomhú dó mar Bhreitheamh den Ochtú Dlísheomra, agus S. Rodin, Breitheamh,
Abhcóide Ginearálta: M. Campos Sánchez-Bordona,
Cláraitheoir: A. Calot Escobar,
ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn,
tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha a tíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:
– Elettronica Industriale SpA, ag D. Franzini, M. Molino agus G. Rossi, avvocati,
– Rialtas na hIodáile, ag S. Fiorentino, i gcáil Gníomhaire, le cúnamh ó E. De Bonis agus F. Montanaro, avvocati dello Stato,
– an Coimisiún Eorpach, G. Conte agus O. Gariazzo, i gcáil Gníomhairí,
tar éis cinneadh a dhéanamh, i ndiaidh an tAbhcóide Ginearálta a éisteacht, breith a thabhairt ar an gcás gan Tuairim,
an Breithiúnas seo a leanas:
Breithiúnas
1 Baineann an iarraidh ar réamhrialú le léiriú Airteagal 13 de Threoir 2002/20/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Márta 2002 maidir le húdarú líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí (an Treoir um ‘Údarú’) (IO 2002 L 108, lch. 21), arna leasú le Treoir 2009/140/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 (IO 2009 L 337, lch. 37) (‘an Treoir “um Údarú”’), d’Airteagal 8 de Threoir 2002/21/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Márta 2002 maidir le comhchreat rialála i gcomhair líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí (An Treoir ‘Réime’) (IO 2002 L 108, lch. 33), arna leasú le Treoir 2009/140 (‘An Treoir ‘Réime’), mar aon le prionsabal na comhréireachta.
2 Rinneadh an iarraidh seo in imeachtaí idir Elettronica Industriale SpA agus an Ministero delle Imprese e del Made in Italy (an Aireacht Fiontar agus Made in Italy, an Iodáil) maidir le bailíocht dhá fhoraithne a d’eisigh an aireacht sin lena leagtar síos na táillí ceart úsáide minicíochtaí teilifíse digití, ina mbaineann an chéad cheann de na foraitheanta sin leis na blianta 2014, 2015 agus 2016 agus an dara ceann leis an mbliain 2017.
An dlí lena mbaineann
Dlí an Aontais
An Treoir um ‘Údarú’
3 De réir aithris 32 den Treoir um ‘Údarú’:
‘De bhreis ar mhuirir riaracháin, féadfar táillí a ghearradh as úsáid minicíochtaí raidió agus uimhreacha chun an úsáid is fearr is féidir a bhaint as acmhainní a áirithiú. Níor cheart go gcuirfeadh na táillí sin bac ar fhorbairt seirbhísí nuálacha ná ar iomaíocht sa mhargadh. Tá an Treoir seo gan dochar don chuspóir atá le táillí ar chearta úsáide. Féadfar, mar shampla, na táillí sin a úsáid chun gníomhaíochtaí na n‑údarás rialála náisiúnta a mhaoiniú nach féidir iad a chumhdach le muirir riaracháin. [...]’
[Aistriúchán neamhoifigiúil]
4 Foráiltear mar a leanas in Airteagal 1(1) den Treoir sin:
‘Tá sé d’aidhm ag an Treoir seo margadh inmheánach a bhunú do líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí trí na rialacha agus na coinníollacha údaraithe a chomhchuibhiú agus a shimpliú, chun a soláthar ar fud an Chomhphobail a éascú.’
[Aistriúchán neamhoifigiúil]
5 In Airteagal 2(2) den Treoir sin, sainmhínítear ‘údarú ginearálta’ mar a leanas ‘creat dlíthiúil arna bhunú ag Ballstát lena n‑áirithítear cearta chun líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthar agus oibleagáidí earnáilsonracha a leagan síos, ar oibleagáidí iad a héadfaidh a bheith i bhfeidhm maidir le gach cineál nó le cineálacha sonracha líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí, i gcomhréir leis an [an Treoir um “Údarú”]’.
[Aistriúchán neamhoifigiúil]
6 Foráiltear mar a leanas le hAirteagal 13 den Treoir chéanna, dar teideal ‘Táillí ar chearta úsáide agus ar chearta chun áiseanna a shuiteáil’:
‘Féadfaidh na Ballstáit cead a thabhairt don údarás inniúil táille a ghearradh ar na cearta úsáide le haghaidh minicíochtaí raidió nó uimhreacha, nó ar na cearta chun áiseanna a shuiteáil ar mhaoin phoiblí nó phríobháideach, os a cionn nó fúithi, d’fhonn an gá atá ann úsáid optamach a bhaint as na hacmhainní sin a áirithiú. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil bonn cirt oibiachtúil leis na táillí sin agus go mbeidh siad trédhearcach, neamh-idirdhealaitheach, agus comhréireach ó thaobh na haidhme atá leo agus go gcuirfear san áireamh leo na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 8 den [“Treoir Réime”].’
[Aistriúchán neamhoifigiúil]
An Treoir‘Réime’
7 Is mar a leanas atá Airteagal 8 den Treoir ‘Réime’, dar teideal ‘Cuspóirí beartais agus prionsabail rialála’:
‘1. Áiritheoidh na Ballstáit, agus na cúraimí rialála a shonraítear sa Treoir seo agus sna Treoracha Sonracha á gcur i gcrích acu, go ndéanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta gach beart réasúnta atá dírithe ar na cuspóirí a leagtar amach i míreanna 2, 3 agus 4 a bhaint amach. Beidh bearta den sórt sin i gcomhréir leis na cuspóirí sin.
[...]
2. Cuirfidh na húdaráis rialála náisiúnta an iomaíocht chun cinn i ndáil le soláthar líonraí cumarsáide leictreonaí, seirbhísí cumarsáide leictreonaí agus áiseanna agus seirbhísí gaolmhara, tríd an méid seo a leanas a dhéanamh, inter alia:
(a) á áirithiú go mbainfidh na húsáideoirí, lena n‑áirítear úsáideoirí atá faoi mhíchumas, daoine scothaosta agus úsáideoirí a bhfuil riachtanais shóisialta speisialta acu, an tairbhe is mó i dtéarmaí rogha, praghais agus cáilíochta;
(b) á áirithiú nach ndéantar an iomaíocht a shaobhadh agus nach gcuirtear bac uirthi san earnáil cumarsáide leictreonaí, lena n‑áirítear chun ábhar a tharchur;
[...]
(d) úsáid agus bainistíocht éifeachtúil na minicíochtaí raidió agus na n‑acmhainní digiteacha á gcur chun cinn.
3. Rannchuideoidh na húdaráis rialála náisiúnta le forbairt an mhargaidh inmheánaigh, inter alia:
(a) trí dheireadh a chur leis na bacainní atá fós ann maidir le líonraí cumarsáide leictreonaí, le saoráidí agus seirbhísí gaolmhara agus le seirbhísí cumarsáide leictreonaí ar leibhéal na hEorpa;
(b) trí shuiteáil agus forbairt líonraí tras-Eorpacha agus idir-inoibritheacht na seirbhísí tras-Eorpacha, agus nascacht ó cheann go ceann a spreagadh;
[...]’
[Aistriúchán neamhoifigiúil]
Dlí na hIodáile
8 Foráladh le hAirteagal 35 de decreto legislativo Uimh. 259 – Codice delle comunicazioni elettroniche (Foraithne Reachtach Uimh. 259 lena mbunaítear an Cód Cumarsáide Leictreonaí), an 1 Lúnasa 2003 (GURI Uimh. 214, an 15 Meán Fómhair 2003, gnáthfhorlíonadh Uimh. 150), sa leagan is infheidhme maidir leis an díospóid sna príomhimeachtaí, maidir le táillí i leith deonú ceart úsáide agus suiteála bonneagair, go bunúsach, gurb é an Ministero dello Sviluppo Economico (an Aireacht um Fhorbairt Eacnamaíoch, an Iodáil), arb é an Aireacht Fiontair agus Made in Italy) anois é, a shocraíonn na táillí chun cearta úsáide le haghaidh minicíochtaí raidió nó uimhreacha a dheonú, ar bhonn na gcritéar arna leagan síos ag an Autorità per le Garanzie nelle Comunicazioni (an tÚdarás um Rialáil Cumarsáide, an Iodáil) agus go mbeidh na táillí trédhearcach, go mbeidh údar oibiachtúil leo, go mbeidh siad comhréireach leis an sprioc atá á saothrú, go mbeidh siad neamh-idirdhealaitheach agus go gcuirfear san áireamh leo na cuspóirí in Airteagal 13 den Treoir um ‘Údarú’.
9 Le hAirteagal 1, míreanna 172 go 174, de legge uimh. 208 – Disposizioni per la formazione del bilancio annuale e pluriennale dello Stato (legge di stabilità 2016) [Dlí Uimh. 208, a bhfuil forálacha ann maidir le hullmhú bhuiséad bliantúil agus ilbhliantúil an Stáit (Dlí Cobhsaíochta 2016)], an 28 Nollaig 2015 (GURI Uimh. 302, an 30 Nollaig 2015, gnáthfhorlíonadh Uimh. 70, ‘Dlí Uimh. 208/2015 ’), foráiltear:
‘172. An méid i gcomhair táillí ceart úsáide minicíochtaí teilifíse digití atá iníoctha ag oibreoirí líonra ar leibhéal náisiúnta nó áitiúil, cinnfear é le foraithne ón Aireacht um Fhorbairt Eacnamaíoch, [...] ar bhealach atá trédhearcach, comhréireach leis an gcuspóir atá á shaothrú, neamh-idirdhealaitheach agus oibiachtúil i bhfianaise chumhdach geografach na gceadúnas údaraithe, luach na minicíochtaí ar an margadh, agus sásraí chun aistriú minicíochtaí d’fhonn iomaíocht agus úsáid teicneolaíochtaí nuálacha a spreagadh á gcur san áireamh.
173. Beidh feidhm ag an gcóras táillí dá dtagraítear i mír 172 freisin maidir le blianta nach bhfuil méid na dtáillí dlite socraithe ina leith.
174. Maidir le méid na dtáillí dá dtagraítear i mír 172 agus na costais riaracháin arna dtabhú ag oibreoirí náisiúnta agus áitiúla a bhfuil údarú ginearálta acu do ghníomhaíocht an oibreora líonra teilifíse digití trastíre agus d’úsáid minicíochtaí raidió le haghaidh naisc raidió [...] ní mór dóibh ioncam bliantúil iomlán de EUR 32.8 milliún ar a laghad a ghiniúint do bhuiséad an Stáit.’
An díospóid sna príomhimeachtaí agus an cheist a tharchuirtear
10 Thionscain Elettronica Industriale, oibreoir Iodálach líonra teileachumarsáide ar an leibhéal náisiúnta, caingean os comhair an Tribunale amministrativo regionale per il Lazio (an Chúirt Riaracháin Réigiúnach le haghaidh Lazio, an Iodáil), arb í an chúirt a rinne an tarchur í, ag lorg neamhniú na bhforaitheanta de chuid na hAireachta Fiontar agus Made in Italy an 4 Lúnasa 2016 agus an 13 Aibreán 2017, lena socraítear na táillí ceart úsáide minicíochtaí teilifíse digití, faoi seach, i gcás an chéad cheann de na foraitheanta sin, do na blianta 2014, 2015 agus 2016, agus, i gcás an dara ceann, don bhliain 2017. Glacadh na foraitheanta thuasluaite ar bhonn fhorálacha Dhlí Uimh. 208/2015. Dar leis an oibreoir sin, tá na foraitheanta céanna sin ar neamhréir leis na ceanglais a eascraíonn, go háirithe, ón Treoir um ‘Údarú’.
11 Dheimhnigh an chúirt sin, ar an gcéad dul síos, go gcuireann na foraitheanta atá i gceist sna príomhimeachtaí an cuspóir atá leagtha amach in Airteagal 1(172) de Dhlí Uimh. 208/2015 i bhfeidhm, is é sin an margadh a oscailt d’oibreoirí nua agus an iomaíocht a chur chun cinn, trí na táillí chun cearta úsáide le haghaidh minicíochtaí teilifíse digití a ríomh i bhfianaise chlúdach geografach na gceadúnas údaraithe agus luach na minicíochtaí ar an margadh, agus sásraí chun aistriú na minicíochtaí d’fhonn iomaíocht agus úsáid teicneolaíochtaí nuálacha a spreagadh á gcur san áireamh. I ndáil leis sin, foráiltear sna foraitheanta sin do laghdú céatadáin athraithigh ar an táille d’oibreoirí líonra nach bhfuil comhtháite go hingearach nó a d’aistrigh a minicíochtaí chuig tríú páirtithe nach mbaineann leis an ngrúpa comhlachtaí céanna leo féin, le linn na bliana roimh an mbliain a mbaineann an táille léi.
12 Tá údar leis na foraitheanta atá i gceist, dá bhrí sin, i bhfianaise cheanglais na Treorach um ‘Údarú’ agus na Treorach ‘Réime’, a mhéid atá siad i gcomhréir, go háirithe, leis na cuspóirí arna leagan amach in Airteagal 8(2)(b) den Treoir dheireanach sin.
13 Dá bhrí sin, dar leis an gcúirt a rinne an tarchur, d’fhéadfaí Airteagal 1(174) de Dhlí Uimh. 208/15, a mhéid a cheanglaítear leis ‘ioncam bliantúil iomlán de EUR 32.8 milliún ar a laghad’, a léiriú sa chaoi go bhfuil sé contrártha do na Treoracha sin agus do phrionsabal na comhréireachta, mar a léiríonn an Chúirt é.
14 Go bunúsach, leis an bhforáil sin, ceanglaítear ar na húdaráis earnála ioncam bliantúil sonrach a ghiniúint, trí tháillí a bhailiú as úsáid minicíochtaí teilifíse digití, chun cuspóirí airgeadais a bhaint amach, gan aon oibleagáid a leagan síos chun an t‑ioncam sin a athúsáid ar mhaithe le baint amach na gcuspóirí atá leagtha amach i reachtaíocht an Aontais. Dá bhrí sin, d’fhéadfaí a mheas go leagtar síos leis an bhforáil sin táillí ‘eile’ ar sholáthar líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí seachas na cinn dá bhforáiltear in Airteagal 13 den Treoir um ‘Údarú’, an rud díreach a mbeadh sé d’aidhm ag Airteagal 13 a chosc.
15 Dar leis an gcúirt a rinne an tarchur, socraítear leis na foraitheanta atá i gceist sna príomhimeachtaí an táille ar bhealach treallach agus gan údar, táille a bhfuil sé d’aidhm aici, de réir dealraimh, ioncam de chineál airgeadais a bhailiú a bhfuil a méid socraithe roimh ré le dlí. Dá bhrí sin, tá sé socraithe ag reachtóir na hIodáile, ex ante, go mbainfí amach toradh eacnamaíoch áirithe trí na táillí a ghearradh ar oibreoirí na teilifíse digití, go neamhspleách ar bhunú sásra d’fhonn a fhíorú, ex post, an raibh na cuspóirí arna saothrú ag an Treoir um ‘Údarú’ agus ag an Treoir ‘Réime’ bainte amach.
16 Ina theannta sin, tá amhras ar an gcúirt sin gur féidir comhlíonadh phrionsabal na comhréireachta, mar a éilítear le hAirteagal 13 den Treoir um ‘Údarú’, a chur i gcrích nuair nach ionann an tagarmharc agus méid na dtáillí a ghearrtar ar gach oibreoir, ach an t‑iomlán bliantúil, réamhshainithe ag an dlí náisiúnta, nach mór do na táillí sin go léir a ghiniúint.
17 Sna cúinsí sin, chinn an Tribunale amministrativo regionale per il Lazio (an Chúirt Riaracháin Réigiúnach le haghaidh Lazio) bac a chur ar na himeachtaí agus an cheist seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt le haghaidh réamhrialú:
‘An gcuirtear cosc le hAirteagal 13 de Threoir 2002/20/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Márta 2002 maidir le húdarú líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí, i gcomhar le hAirteagal 8 de Threoir 2002/21/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Márta 2002 maidir le comhchreat rialála i gcomhair líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí, mar aon le prionsabal na comhréireachta [i ndlí an Aontais], ar thabhairt isteach critéir, ag reachtas Ballstáit chun “táillí chun cearta úsáide agus cearta chun áiseanna a shuiteáil” a fhorchuirtear ar oibreoirí d’fhonn ioncam cánach foriomlán sonrach a ghiniúint agus a bhaineann le spriocanna ginearálta airgeadais phoiblí, beag beann ar an ngá le feidhmiú cuí an mhargaidh cumarsáide leictreonaí agus cosaint úsáideoirí a áirithiú agus an gá don chúirt náisiúnta gan an fhoráil sin a chur i bhfeidhm?’
Breithniú ar an gceist a tharchuirtear
18 Leis an gceist seo, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an bhfuil Airteagal 13 den Treoir um ‘Údarú’, agus é á léamh i gcomhar le hAirteagal 8 den Treoir ‘Réime’, agus prionsabal na comhréireachta, le léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leis ar reachtaíocht náisiúnta lena leagtar síos critéar maidir le ríomh na dtáillí ceart úsáide minicíochtaí teilifíse digití, a chinntear ar bhonn méid réamhshainithe d’ioncam bliantúil atá le teacht as na táillí sin agus, dá bhrí sin, ar bhonn cuspóirí ginearálta de chineál airgeadais.
19 Má tá freagra dearfach ar an gceist seo, tá amhras ar an gcúirt a rinne an tarchur an bhfuil sé de cheangal uirthi an reachtaíocht náisiúnta seo a fhágáil gan feidhm.
20 De réir Airteagal 1 den Treoir um ‘Údarú’, tá sé d’aidhm ag an Treoir sin margadh inmheánach a bhunú do líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí trí na rialacha agus na coinníollacha údaraithe a chomhchuibhiú agus a shimpliú, ar mhaithe lena soláthar ar fud an Aontais Eorpaigh a éascú.
21 Chuige sin, leagtar síos sa Treoir sin, ní hamháin rialacha maidir leis na nósanna imeachta chun údaruithe ginearálta nó cearta úsáide a dheonú do mhinicíochtaí raidió nó digití agus maidir lena n‑inneachar, ach rialacha freisin maidir le nádúr agus méid na dtáillí airgeadais a bhaineann leis na nósanna imeachta sin a fhéadfaidh na Ballstáit a ghearradh ar fhiontair in earnáil na cumarsáide leictreonaí (breithiúnais an 4 Meán Fómhair 2014, Belgacom agus Mobistar, C‑256/13 agus C‑264/13, EU:C:2014:2149, mír 29, agus an 6 Deireadh Fómhair 2020, Vodafone España, C‑443/19, EU:C:2020:798, mír 29).
22 Go háirithe, i gcomhréir le hAirteagal 13 den Treoir, dar teideal ‘Táillí chun cearta úsáide agus cearta chun áiseanna a shuiteáil’ féadfaidh na Ballstáit cead a thabhairt don údarás inniúil táille a ghearradh ar na cearta úsáide le haghaidh minicíochtaí raidió nó uimhreacha, nó ar na cearta chun áiseanna a shuiteáil ar mhaoin phoiblí nó phríobháideach, os a cionn nó fúithi, d’fhonn an gá atá ann úsáid optamach a bhaint as na hacmhainní sin a áirithiú. Leanann sé ón Airteagal 13 céanna nach mór do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil bonn cirt oibiachtúil lena leithéid de tháillí, go bhfuil siad trédhearcach, neamh-idirdhealaitheach agus comhréireach leis an úsáid a bhfuil siad dírithe uirthi agus cuspóirí Airteagal 8 den Treoir ‘Réime’ á gcur san áireamh, arb iad, go háirithe, cur chun cinn na hiomaíochta agus úsáid éifeachtach na minicíochtaí raidió (breithiúnais an 21 Márta 2013, Belgacom agus páirtithe eile, C‑375/11, EU:C:2013:185, mír 46, chomh maith leis an 6 Deireadh Fómhair 2020, Vodafone España, C‑443/19, EU:C:2020:798, mír 50).
23 Tugtar le tuiscint, maidir leis sin, d’fhonn an aidhm go ndéanfaidh oibreoirí an úsáid is fearr is féidir as na hacmhainní ganna a bhfuil rochtain acu orthu, amhail minicíochtaí teilifíse digití, a chinntiú, ní mór méid an táille sin a shocrú ag leibhéal cuí a léiríonn, go háirithe, luach na gceart chun na hacmhainní sin a úsáid, rud a éilíonn go ndéanfaí an staid eacnamaíoch agus theicneolaíoch sa mhargadh lena mbaineann a chur san áireamh (féach, chuige sin, breithiúnais an 10 Márta 2011, Telefónica Móviles España, C‑85/10, EU:C:2011:141, mír 28, agus an 6 Deireadh Fómhair 2020, Vodafone España, C‑443/19, EU:C:2020:798, mír 53).
24 Rialaigh an Chúirt dá réir sin gur dócha go ndéanfadh leibhéal iomarcach táille den sórt sin úsáid na n‑acmhainní ganna atá i gceist a dhíspreagadh agus go mbeidh tearc-úsáid á baint astu dá bharr (breithiúnas an 10 Márta 2011, Telefónica Móviles España, C‑85/10, EU:C:2011:141, mír 29).
25 Mar sin féin, le hAirteagal 13 den Treoir um ‘Údarú’, leagtar amach na ceanglais nach mór do na Ballstáit a chomhlíonadh agus méid na táille á chinneadh acu má chinneann siad táille a ghearradh chun cearta úsáide d’acmhainn ghann, gan, áfach, modh sonrach a sholáthar chun an méid sin a chinneadh (féach, chuige sin, breithiúnas an 21 Márta 2013, Belgacom agus páirtithe eile, C‑375/11, EU:C:2013:185, mír 49).
26 Ina theannta sin, mar a dheimhnítear le haithris 32 den Treoir sin, níl aon fhoráil inti lena socraítear an úsáid atá le baint as an ioncam ó na táillí a bhailítear ó na cearta úsáide le haghaidh minicíochtaí raidió.
27 Sa chás seo, foráiltear le hAirteagal 1(172) den Dlí Uimh. 208/2015, atá, dar leis an gcúirt a rinne an tarchur, á chur i bhfeidhm trí na forálacha atá i gceist sna príomhimeachtaí, go ndéantar méid na dtáillí do na cearta chun minicíochtaí teilifíse digití a úsáid a chinneadh ‘ar bhealach atá trédhearcach, comhréireach leis an gcuspóir atá á shaothrú, neamh-idirdhealaitheach agus oibiachtúil i bhfianaise chumhdach geografach na gceadúnas údaraithe, luach na minicíochtaí ar an margadh, agus sásraí chun aistriú minicíochtaí d’fhonn iomaíocht agus úsáid teicneolaíochtaí nuálacha a spreagadh á gcur san áireamh’.
28 I bhfianaise fhoclaíocht na forála sin, dealraíonn sé go ndéantar léi Airteagal 13 den Treoir um ‘Údarú’ a thrasuí isteach i ndlí na hIodáile, faoi mar a léirítear le cásdlí na Cúirte é.
29 É sin ráite, cuireann an chúirt a rinne an tarchur in iúl nach mór do na foraitheanta atá i gceist sna príomhimeachtaí cloí freisin le hAirteagal 1(174) de Dhlí Uimh. 208/2015, lena gceanglaítear go n‑áiritheodh na táillí a leagtar síos sna foraitheanta sin ioncam bliantúil do Stát na hIodáile de EUR 32.8 milliún ar a laghad. Dar leis an gcúirt sin, ós rud é go bhfuil cuspóir airgeadais á shaothrú le forchur na dtáillí sin, is é sin a chinntiú go mbeidh íosmhéid ioncaim bhliantúil ag an Stát, ciallaíonn sé sin gur fhorchuir an reachtas náisiúnta táillí ‘eile’ a bhailiú seachas na táillí a leagtar amach sa Treoir um ‘Údarú’, rud atá contrártha do chásdlí na Cúirte maidir le hAirteagal 13 den Treoir sin.
30 Maidir leis sin, sa chéad áit, rialaigh an Chúirt nach bhféadfaidh na Ballstáit, faoin Treoir sin, muirir ná táillí a ghearradh ar sholáthar líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí seachas iad siúd atá leagtha amach sa Treoir sin (breithiúnais an 17 Nollaig 2015, Proximus, C‑454/13, EU:C:2015:819, mír 20, agus an 6 Deireadh Fómhair 2020, Vodafone España, C‑443/19, EU:C:2020:798, mír 32).
31 I gcomhthéacs na mbreithiúnas a luaitear sa mhír roimhe seo, dhírigh measúnú na Cúirte ar raon feidhme Airteagal 13 den Treoir um ‘Údarú’ agus é ag díriú ar na fíricí as ar eascair na muirir i gceist sna cásanna inar tugadh na breithiúnais sin.
32 Chinn an Chúirt dá réir sin, chun go mbeadh forálacha na Treorach um ‘Údarú’ infheidhme maidir le muirear náisiúnta, nach mór don teagmhas inchánach don mhuirear sin a bheith nasctha leis an nós imeachta maidir le húdarú ginearálta, a ráthaíonn, de réir Airteagal 2(2) den Treoir sin, an ceart líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthar (féach, chuige sin, breithiúnas an 17 Nollaig 2015, Proximus, C‑454/13, EU:C:2015:819, mír 21).
33 Dá bhrí sin, tagann táillí a ghearrtar ar oibreoirí a sholáthraíonn seirbhísí cumarsáide leictreonaí i gcomaoin an chirt chun minicíochtaí teilifíse digití a úsáid, amhail na minicíochtaí atá i gceist sna príomhimeachtaí, laistigh de raon feidhme Airteagal 13 den Treoir um ‘Údarú’.
34 Dá bhrí sin, ní féidir an tátal a bhaint, nuair a bhí na táillí céanna á socrú, agus cuspóir airgeadais á shaothrú ag an reachtas náisiúnta, sa bhreis ar na cuspóirí maidir leis an iomaíocht a chur chun cinn agus úsáid éifeachtúil na minicíochtaí teilifíse digití, go raibh an reachtas sin ag éileamh táillí seachas na táillí sin a dtagraítear dóibh in Airteagal 13, de réir bhrí an chásdlí a luaitear i mír 30 den bhreithiúnas seo.
35 D’fhonn freagra úsáideach a thabhairt don chúirt a rinne an tarchur, is gá, sa dara háit, a chinneadh an gceadaítear le hAirteagal 13 cuspóir breise den sórt sin de chineál airgeadais a shaothrú trí íosmhéid bliantúil a shocrú nach mór a bheith ráthaithe ag an ioncam a eascraíonn as na táillí a ghearrtar faoin Airteagal 13 céanna.
36 Maidir leis sin, ar an gcéad dul síos, is léir ó mhíreanna 25 agus 26 den bhreithiúnas seo go gceadaítear leis an Treoir um ‘Údarú’ do na Ballstáit, agus na táillí sin á socrú acu, cuspóir a shaothrú atá sa bhreis ar na cinn a dtagraítear dóibh in Airteagal 13 den Treoir sin, agus atá nasctha leis an ioncam ó na táillí a ghearrtar i gcomhréir le hAirteagal 13.
37 Mar a rialaigh an Chúirt cheana féin maidir le Treoir 97/13/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Aibreán 1997 maidir le creat comhchoiteann d’údaruithe ginearálta agus do cheadúnais aonair i réimse na seirbhísí teileachumarsáide (IO 1997 L 117, lch. 15), i gcás a bhfuil Airteagal 11(2) di ag freagairt d’Airteagal 13 den Treoir um ‘Údarú’ (breithiúnas an 17 Nollaig 2015, Proximus, C‑517/13, EU:C:2015:820, mír 23), níl aon cheanglas ann go leithdháilfí a leithéid de tháillí ar chuspóir sonrach, ná go n‑úsáidfeadh an Ballstát lena mbaineann an t‑ioncam astu, ex post, le haghaidh cuspóir sonrach. Dá bhrí sin, féadfaidh an Ballstát an t‑ioncam sin a úsáid gan bhac (féach, de réir analaí, breithiúnas an 10 Márta 2011, Telefónica Móviles España, C‑85/10, EU:C:2011:141, mír 32).
38 Ar an dara dul síos, áfach, mar a luaitear i mír 23 den bhreithiúnas seo, tá sé tábhachtach go socrófaí méid na dtáillí ag leibhéal cuí a léiríonn, go háirithe, luach na gceart chun úsáid a bhaint as na hacmhainní ganna a bhfuil rochtain ag an oibreoir atá faoi réir na táille orthu, is é sin le rá, sa chás seo, minicíochtaí teilifíse digití.
39 Maidir leis seo, rialaigh an Chúirt cheana féin gur féidir le socrú táille ar chearta úsáide minicíochta raidió, trí thagairt a dhéanamh don mhéid a bhí sa táille lamháltais aonair a bhí ann roimhe sin, arna ríomh ar bhonn líon na minicíochtaí agus na míonna a chlúdaítear leis na cearta úsáide minicíochta, nó do na suimeanna a eascraíonn as ceantanna, a bheith ina mhodh cuí chun luach na minicíochtaí raidió a chinneadh, ar choinníoll go dtugann ceachtar de na modhanna seo torthaí atá ag teacht le brabúsacht intuartha na minicíochtaí raidió lena mbaineann (féach, chuige sin, breithiúnas an 21 Márta 2013, Belgacom agus páirtithe eile, C‑375/11, EU:C:2013:185, míreanna 52 agus 53).
40 Is léir ón méid sin nach gcuirtear cosc le hAirteagal 13 den Treoir um ‘Údarú’ ar reachtaíocht náisiúnta, amhail í sin sna príomhimeachtaí, lena leagtar síos íosmhéid bliantúil ioncaim atá le giniúint leis na táillí dá bhforáiltear faoi Airteagal 13, ar an gcoinníoll go ndéantar an méid sin a ríomh ar bhealach nach sáraítear luach na gceart úsáide minicíochtaí raidió agus, dá bhrí sin, go socrófaí é agus brabúsacht intuartha na minicíochtaí raidió sin á cur san áireamh.
41 Cé go bhfuil sé faoin gcúirt a rinne an tarchur na seiceálacha riachtanacha a dhéanamh maidir leis seo, ba cheart a thabhairt faoi deara go luann Rialtas na hIodáile ina chuid barúlacha i scríbhinn, i ndiaidh ghlacadh Dhlí Uimh. 208/2015, gur tháinig laghdú ar an méid ioncaim ó bhailiú táillí as cearta úsáide le haghaidh minicíochtaí teilifíse digití, rud a thugann le tuiscint, de réir dealraimh, nach sáraíonn an méid sin luach na gceart úsáide sin. Ar an gcaoi chéanna, is léiriú é an fíoras, más fíor, go bhfuil na minicíochtaí teilifíse digití uile atá ar fáil leithdháilte agus in úsáid, nach bhfuil an méid atá i gceist iomarcach nó, ar a laghad, nach bhfuil sé ina chúis le tearc-úsáid na minicíochtaí sin.
42 Ar an tríú dul síos, go sonrach a mhéid a bhaineann leis an gceanglas faoi Airteagal 13 den Treoir um ‘Údarú’ go gcomhlíonfaidh méid na dtáillí a ghearrtar ar gach oibreoir teilifíse digití prionsabal na comhréireachta, measann an chúirt a rinne an tarchur, mar is ceart, nach féidir comhlíonadh an phrionsabail sin a mheas trí thagairt do thagarmharc, nach é méid na dtáillí a ghearrtar ar gach oibreoir, ach an méid iomlán bliantúil, réamhshainithe ag an dlí náisiúnta, nach mór do na táillí sin go léir a ghiniúint.
43 É sin ráite, mar a luaitear ag mír 11 sa bhreithiúnas seo, sonraíonn an chúirt a rinne an tarchur, de bhun na bhforaitheanta atá i gceist sna príomhimeachtaí, trína ndéantar méid na dtáillí chun cearta úsáide le haghaidh minicíochtaí teilifíse digití do na blianta ábhartha a chinneadh, go ndéantar na táillí sin a ríomh i bhfianaise chlúdach geografach na gceadúnas údaraithe agus luach na minicíochtaí ar an margadh, agus sásraí chun aistriú na minicíochtaí d’fhonn iomaíocht agus úsáid teicneolaíochtaí nuálacha a spreagadh á gcur san áireamh.
44 De réir na cúirte sin, foráiltear sna foraitheanta sin do laghdú céatadáin athraithigh ar an táille d’oibreoirí líonra nach bhfuil comhtháite go hingearach nó a d’aistrigh a minicíochtaí chuig tríú páirtithe nach mbaineann leis an ngrúpa comhlachtaí céanna leo féin le linn na bliana roimh an mbliain a mbaineann an táille léi. Faoi réir na bhfíoruithe atá le déanamh ag an gcúirt a rinne an tarchur, is cosúil go léiríonn na tosca sin go bhfuil reachtaíocht na hIodáile ag comhlíonadh Airteagal 13 na Treorach um ‘Údarú’, lena n‑áirítear maidir leis an gceanglas comhréireachta arna leagan síos inti.
45 Dá ndeimhneodh an chúirt sin go bhfuil an comhlíonadh sin ann, agus dá ndeimhneodh sí freisin, i ndiaidh na seiceálacha a cheanglaítear uirthi a dhéanamh ar bhonn na faisnéise a leagtar amach i míreanna 39 go 41 den bhreithiúnas seo, nach bhfuil an tsuim bhliantúil íosta den ioncam iomlán nach mór do na táillí sin a ghiniúint i gcomhréir le hAirteagal 1(174) den Dlí Uimh. 208/2015 níos mó ná luach na gceart úsáide le haghaidh minicíochtaí teilifíse digití, ní féidir an méid sin a chur san áireamh agus comhréireacht á measúnú, de bhua Airteagal 13 den Treoir um ‘Údarú’, i dtaca leis an méid sonrach de tháillí aonair a ghearrtar ar gach oibreoir a úsáideann na minicíochtaí sin. Go deimhin, ní dhéanann sé difear do chomhréireacht méid táille, a cinneadh ar bhonn aonair trí chritéir a chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 13, go bhfuil ar an méid sin cur freisin le cion iomlán ioncaim a bhaint amach, nach sáraíonn luach iomlán na gceart úsáide le haghaidh na minicíochtaí a bhfuil baint ag an táille sin leo.
46 Má chinneann an chúirt a rinne an tarchur, áfach, tar éis na seiceálacha is gá di a dhéanamh, go sáraíonn an t‑íosmhéid bliantúil den ioncam iomlán ó tháillí ar chearta úsáide minicíochtaí teilifíse digití luach na gceart úsáide sin, agus, dá bhrí sin, nach bhfuil reachtaíocht na hIodáile i gcomhréir le hAirteagal 13 den Treoir um ‘Údarú’, is fiú a mheabhrú, d’fhonn éifeachtacht fhorálacha uile dhlí an Aontais a ráthú, go gceanglaítear le prionsabal na tosaíochta ar chúirteanna náisiúnta a ndlí náisiúnta a léiriú, a mhéid is féidir, ar bhealach atá ag teacht le dlí an Aontais. Mar sin féin, tá an oibleagáid an dlí náisiúnta a léiriú i gcomhréir le dlí an Aontais faoi réir teorainneacha áirithe agus ní féidir léi, go háirithe, a bheith mar bhunús do léiriú ar an dlí náisiúnta atá contra legem. I gcás ina gcinneann an chúirt a rinne an tarchur nach féidir an reachtaíocht náisiúnta a léiriú i gcomhréir le dlí an Aontais, ba cheart a thabhairt faoi deara, ag féachaint d’éifeacht dhíreach Airteagal 13 (breithiúnas an 12 Iúil 2012, Vodafone España agus France Telecom España, C‑55/11, C‑57/11 agus C‑58/11, EU:C:2012:446, míreanna 38 agus 39), go bhfuil sé de cheart ag na hoibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann brath air sin os comhair na gcúirteanna náisiúnta inniúla chun agóid a dhéanamh i gcoinne na dtáillí sin, agus ní mór do na cúirteanna sin gan na rialacha náisiúnta atá ar neamhréir le hAirteagal 13 sin a chur i bhfeidhm (féach, chuige sin, breithiúnas an 20 Samhain 2025, Framholm, C‑195/25, EU:C:2025:904, míreanna 67, 68 agus 70 agus an cásdlí dá dtagraítear).
47 I bhfianaise na mbreithnithe roimhe seo, is é an freagra ar an gceist a tharchuirtear ná go bhfuil Airteagal 13 den Treoir um ‘Údarú’ agus é á léamh i gcomhar le hAirteagal 8 den Treoir ‘Réime’, chomh maith le prionsabal na comhréireachta le léiriú sa chaoi nach gcuirtear cosc leo ar reachtaíocht náisiúnta lena leagtar síos critéar maidir le ríomh na dtáillí chun cearta úsáide le haghaidh minicíochtaí teilifíse digití, a chinntear ar bhonn méid réamhshainithe d’ioncam bliantúil atá le teacht as na táillí sin agus, dá bhrí sin, ar bhonn cuspóirí ginearálta de chineál airgeadais, ar an gcoinníoll go ndéantar an méid sin a ríomh ar bhealach nach sáraítear luach na gceart úsáide le haghaidh na minicíochtaí sin.
Costais
48 Ós rud é, a mhéid a bhaineann sé leis na páirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte a rinne an tarchur, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a chur faoi bhráid na Cúirte, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe.
Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt (an tOchtú Dlísheomra) mar seo a leanas:
Maidir le hAirteagal 13 de Threoir 2002/20/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Márta 2002 maidir le húdarú líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí (an Treoir um ‘Údarú’), arna leasú le Treoir 2009/140/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 i gcomhar le hAirteagal 8 de Threoir 2002/21/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Márta 2002 maidir le comhchreat rialála i gcomhair líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí (an Treoir ‘Réime’), arna leasú le Treoir 2009/140, mar aon le prionsabal na comhréireachta,
ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:
ní chuirtear cosc leo ar reachtaíocht náisiúnta lena leagtar síos critéar maidir le ríomh na dtáillí ceart úsáide minicíochtaí teilifíse digití, a chinntear ar bhonn méid réamhshainithe d’ioncam bliantúil atá le teacht as na táillí sin agus, dá bhrí sin, ar bhonn cuspóirí ginearálta de chineál airgeadais, ar an gcoinníoll go ndéantar an méid sin a ríomh ar bhealach nach sáraíonn luach na gceart úsáide le haghaidh na minicíochtaí sin.
Sínithe
* Teanga an cháis: an Iodáilis.