This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62025CB0439
Case C-439/25, OMW Petrom Marketing: Order of the Court (Eighth Chamber) of 27 January 2026 (request for a preliminary ruling from the Curtea de Apel Timișoara – Romania) – OMW Petrom Marketing v Compania Națională de Administrare a Infrastructurii Rutiere SA, ZR, LN (Reference for a preliminary ruling – Article 99 of the Rules of Procedure of the Court – Answer admitting of no reasonable doubt – Questions the answer to which may be clearly deduced from the Court’s existing case-law – Trans-European transport network – Regulation (EU) No 1315/2013 – Road transport infrastructure – Article 19(d) – Parking areas – Article 39(2)(c) – Rest areas – Regulation (EC) No 561/2006 – Article 8a – Information about safe and secure parking areas – National legislation prohibiting the construction of motorway service areas, including secure parking areas, on private land – Article 56 TFEU – Inapplicability – Purely internal situation)
Cás C-439/25, OMW Petrom Marketing: Ordú na Cúirte (an tOchtú Seomra) an 27 Eanáir 2026 (iarratas ar réamhrialú ó Curtea de Apel Timişoara – an Rómáin) – OMW Petrom Marketing v Compania Naţională de Administrare a Infrastructurii Rutiere SA, ZR, LN (Tarchur chun réamhrialú – Airteagal 99 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte – Freagra gan aon amhras réasúnach a fhágáil – Freagra a fhéadfar a bhaint go soiléir as an gcásdlí atá ann – Gréasán tras-Eorpach iompair – Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 – Bonneagar iompair de bhóthar – Airteagal 19(d) – Limistéir pháirceála – Airteagal 39(2)(c) – Limistéir scíthe – Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 – Airteagal 8a – Faisnéis maidir le limistéir pháirceála shábháilte shlána – Reachtaíocht náisiúnta lena dtoirmisctear limistéir seirbhíse líonra mótarbhealaí a thógáil, lena n-áirítear limistéir pháirceála shlána, ar thalamh príobháideach – Airteagal 56 CFAE – Neamhfheidhmeacht – Staid inmheánach amháin)

IO C, C/2026/1324, 16.3.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1324/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2026/1324 |
16.3.2026 |
Ordú na Cúirte (an tOchtú Seomra) an 27 Eanáir 2026 (iarratas ar réamhrialú ó Curtea de Apel Timişoara – an Rómáin) – OMW Petrom Marketing v Compania Naţională de Administrare a Infrastructurii Rutiere SA, ZR, LN
(Cás C-439/25 (1) , OMW Petrom Marketing)
(Tarchur chun réamhrialú - Airteagal 99 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte - Freagra gan aon amhras réasúnach a fhágáil - Freagra a fhéadfar a bhaint go soiléir as an gcásdlí atá ann - Gréasán tras-Eorpach iompair - Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 - Bonneagar iompair de bhóthar - Airteagal 19(d) - Limistéir pháirceála - Airteagal 39(2)(c) - Limistéir scíthe - Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 - Airteagal 8a - Faisnéis maidir le limistéir pháirceála shábháilte shlána - Reachtaíocht náisiúnta lena dtoirmisctear limistéir seirbhíse líonra mótarbhealaí a thógáil, lena n-áirítear limistéir pháirceála shlána, ar thalamh príobháideach - Airteagal 56 CFAE - Neamhfheidhmeacht - Staid inmheánach amháin)
(C/2026/1324)
Teanga an cháis: an Rómáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Curtea de Apel Timişoara
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Achomharcóir: OMW Petrom Marketing SRL
Cosantóirí: Compania Naţională de Administrare a Infrastructurii Rutiere SA, ZR, LN
An chuid oibríochtúil
|
1) |
Maidir le hAirteagal 19(d) agus Airteagal 39(2)(c) de Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le treoirlínte an Aontais chun an gréasán tras-Eorpach iompair a fhorbairt agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 661/2010/AE, arna léamh i gcomhar le haithris 6 den Rialachán sin, agus Airteagal 8a de Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 maidir le comhchuibhiú reachtaíochta sóisialta áirithe a bhaineann le hiompar de bhóthar agus lena leasaítear Rialacháin (CEE) Uimh. 3821/85 agus (CE) Uimh. 2135/98 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 3820/85 ón gComhairle, arna leasú le Rialachán (AE) 2020/1054 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2020, ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas: ní chuirtear cosc leo ar reachtaíocht náisiúnta lena dtoirmisctear limistéir seirbhíse líonra mótarbhealaí a thógáil ar thalamh príobháideach. |
|
2) |
Maidir le hAirteagal 56 CFAE, ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas: níl feidhm aige maidir le cuideachta atá bunaithe i mBallstát a bhfuil reachtaíocht náisiúnta os a comhair, tar éis di tabhairt faoi limistéar seirbhíse líonra mótarbhealaí a thógáil sa Bhallstát sin, in imeachtaí dlíthiúla lena n-iarrtar údaruithe arna ndeonú chun na críche sin a chur ar neamhní, lena dtoirmisctear limistéir den sórt sin a thógáil ar thalamh príobháideach. |
(1) Dáta an taiscthe: 4.7.2025
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1324/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)