This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62024TO0248
Order of the General Court (Seventh Chamber) of 5 May 2025.#EC v European Parliament.#Action for annulment – Law governing the institutions – Member of Parliament – Privileges and immunities – Refusal of the Parliament to accede to a request for privileges and immunities to be defended – Member found in the act of committing an offence – Act not open to challenge – Inadmissibility.#Case T-248/24.
Ordú na Cúirte Ginearálta (An Seachtú Dlísheomra) 2025 Bealtaine 5.
EC v Parlaimint na hEorpa.
Caingean le haghaidh neamhniú – Dlí institiúideach – Comhalta na Parlaiminte – Pribhléidí agus díolúintí – Diúltú na Parlaiminte gníomhú de bhun iarraidh ar phribhléidí agus díolúintí a chosaint – Duine atá i mbun cion a dhéanamh – Gníomh nach bhfuil faoi réir achomhairc – Do-ghlacthacht.
Cás T-248/24.
Ordú na Cúirte Ginearálta (An Seachtú Dlísheomra) 2025 Bealtaine 5.
EC v Parlaimint na hEorpa.
Caingean le haghaidh neamhniú – Dlí institiúideach – Comhalta na Parlaiminte – Pribhléidí agus díolúintí – Diúltú na Parlaiminte gníomhú de bhun iarraidh ar phribhléidí agus díolúintí a chosaint – Duine atá i mbun cion a dhéanamh – Gníomh nach bhfuil faoi réir achomhairc – Do-ghlacthacht.
Cás T-248/24.
ECLI identifier: ECLI:EU:T:2025:448
ORDÚ NA CÚIRTE GINEARÁLTA (an Seachtú Dlísheomra)
5 Bealtaine 2025 ( *1 )
(Caingean le haghaidh neamhniú – Dlí institiúideach – Comhalta na Parlaiminte – Pribhléidí agus díolúintí – Diúltú na Parlaiminte gníomhú de bhun iarraidh ar phribhléidí agus díolúintí a chosaint – Duine atá i mbun cion a dhéanamh – Gníomh nach bhfuil faoi réir achomhairc – Do-ghlacthacht)
I gCás T‑248/24,
EC, arna hionadú ag C. Marchand, S. Mary agus G. Boye, Abhcóidí,
iarratasóir,
v
Parlaimint na hEorpa, arna hionadú ag N. Lorenz agus A.-M. Dumbrăvan, i gcáil Gníomhairí,
cosantóir,
tugann AN CHÚIRT GHINEARÁLTA (an Seachtú Dlísheomra),
agus í comhdhéanta mar seo a leanas: K. Kowalik-Bańczyk, Uachtarán, G. Hesse agus B. Ricziová (Rapóirtéir), Breithiúna,
Cláraitheoir: V. Di Bucci,
ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn, go háirithe:
|
– |
an t‑iarratas ar dhearbhú nach gá breithniú a dhéanamh agus an phléadáil maidir le do-ghlacthacht a d’ardaigh an Pharlaimint i ndoiciméad ar leith a taisceadh i gClárlann na Cúirte Ginearálta an 14 Lúnasa 2024, |
|
– |
barúlacha an iarratasóra a taisceadh i gClárlann na Cúirte Ginearálta an 27 Meán Fómhair 2024, |
an tOrdú seo a leanas:
Ordú
|
1 |
Lena caingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t‑iarratasóir, EC, go gcuirfí gníomh an 7 Márta 2024 ó Choiste um Ghnóthaí Dlíthiúla Pharlaimint na hEorpa, arna chur in iúl ag Uachtarán Pharlaimint na hEorpa ag suí iomlánach an 11 Márta 2024, lena ndiúltaítear dá hiarraidh ar an bParlaimint a pribhléidí agus a díolúintí a chosaint (‘an gníomh atá faoi chonspóid’), ar neamhní. |
Cúlra na díospóide
|
2 |
Bhí an t‑iarratasóir ina Feisire Parlaiminte le linn an ochtú (2014 go 2019) agus an naoú (2019 go 2024) téarma parlaiminteach. I dtoghcháin Eorpacha mhí an Mheithimh 2024, níor atoghadh í agus tháinig deireadh lena mandáid an 16 Iúil 2024 nuair a osclaíodh seisiún bunaitheach an deichiú téarma parlaiminteach. |
|
3 |
An 9 Nollaig 2022, gabhadh an t‑iarratasóir sa Bheilg, áit ar cuireadh faoi choinneáil réamhthrialach í ar feadh 5 mhí, lena n‑áirítear 4 mhí i bpríosún, cuardaíodh a teach agus glacadh bearta réamhchúraim ina coinne gan a díolúine a tharscaoileadh. |
|
4 |
An 1 Meitheamh 2023, chuir an t‑iarratasóir iarraidh ar chosaint a pribhléidí agus a díolúintí faoi bhráid Uachtarán na Parlaiminte. Rinneadh tagairt san iarraidh sin, inter alia, ar an gcéad dul síos, d’Airteagal 5(2) agus d’Airteagail 7, 8 agus 9 de Rialacha Nós Imeachta na Parlaiminte is infheidhme maidir leis an naoú téarma parlaiminteach (2019 go 2024) (‘na Rialacha Nós Imeachta’) agus, ar an dara dul síos, d’Airteagail 8 agus 9 de Phrótacal Uimh. 7 ar phribhléidí agus díolúintí an Aontais Eorpaigh (IO 2010 C 83, lch. 266, ‘Prótacal Uimh. 7’). |
|
5 |
San iarraidh ar chosaint a pribhléidí agus a díolúintí, líomhain an t‑iarratasóir gur sáraíodh a díolúine, go háirithe, trína gabháil an 9 Nollaig 2022‘faoi leithscéal bréagach go raibh sí i mbun cion a dhéanamh’, trína coinneáil agus trína gabháil baile ina dhiaidh sin, chomh maith le ‘[h]imscrúduithe neamhdhleathacha ó mhí Iúil 2022 ar a laghad’. |
|
6 |
D’fhógair Uachtarán na Parlaiminte an iarraidh ar chosaint phribhléidí agus dhíolúintí an iarratasóra i suí iomlánach an 12 Meitheamh 2023 agus chuir sé ar aghaidh chuig Coiste na Parlaiminte um Ghnóthaí Dlíthiúla í i gcomhréir le hAirteagal 9(1) de na Rialacha Nós Imeachta. |
|
7 |
An 11 Márta 2024, d’fhógair Uachtarán na Parlaiminte sa suí iomlánach ‘[an] 7 Márta 2024, tháinig Coiste na Parlaiminte [um Ghnóthaí Dlíthiúla] ar an gconclúid go raibh an iarraidh ar chosaint [phribhléidí agus dhíolúintí an iarratasóra] do-ghlactha trí chur i bhfeidhm díreach [Phrótacal Uimh. 7], lena bhforáiltear nach bhféadfar díolúine a agairt i gcásanna ina bhfuil duine i mbun cion a dhéanamh’ agus, dá bhrí sin, ‘go raibh na himeachtaí maidir leis an iarraidh sin dúnta anois’. |
An t‑ordú atá á lorg ag na páirtithe
|
8 |
Iarrann an t‑iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
|
|
9 |
Iarrann an Pharlaimint ar an gCúirt Ghinearálta:
|
An dlí lena mbaineann
|
10 |
Faoi Airteagal 130 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta, i gcás ina n‑iarrann an cosantóir, trí dhoiciméad ar leith, ar an gCúirt Ghinearálta rialú a thabhairt ar do-ghlacthacht na caingne nó ar easpa dlínse na Cúirte Ginearálta gan dul chuig substaint an cháis, ní mór don Chúirt breith a thabhairt ar an iarratas a luaithe is féidir. |
|
11 |
Iarrann an Pharlaimint ar an gCúirt Ghinearálta a dhearbhú nach bhfuil cuspóir a thuilleadh leis an gcaingean agus nach gá breithniú a dhéanamh uirthi anois ós rud é nach bhfuil an t‑iarratasóir ina Feisire de Pharlaimint na hEorpa a thuilleadh ón 16 Iúil 2024 i leith agus, dá bhrí sin, nach bhfuil leas aici a thuilleadh i neamhniú an ghnímh atá faoi chonspóid a fháil. Thairis sin, áitíonn an Pharlaimint go bhfuil an chaingean do-ghlactha toisc nach bhfuil aon éifeacht dhlíthiúil ag an ngníomh atá faoi chonspóid agus, dá bhrí sin, nach féidir agóid a dhéanamh ina choinne de bhun Airteagal 263 CFAE. |
|
12 |
In imthosca an cháis seo, is iomchuí scrúdú a dhéanamh ar dtús ar an bpléadáil maidir le do-ghlacthacht a d’ardaigh an Pharlaimint. |
|
13 |
De réir na Parlaiminte, cé go bhforáiltear go sainráite do tharscaoileadh díolúine Feisire de Pharlaimint na hEorpa sa tríú mír d’Airteagal 9 de Phrótacal Uimh. 7, níl a bunús dlí ag an gcosaint ar dhíolúine pharlaiminteach ach amháin in Airteagail 7 agus 9 de na Rialacha Nós Imeachta, lena leagtar amach rialacha eagrúcháin inmheánaigh na Parlaiminte agus nach féidir cumhachtaí a thabhairt don Pharlaimint nach n‑aithnítear go sainráite sa dlí príomha, amhail Prótacal Uimh. 7, ná le gníomh reachtach. Dá bhrí sin, measann an Pharlaimint nach féidir léi, ar bhonn phointe (b) den chéad mhír d’Airteagal 9 nó an dara mír d’Airteagal 9 de Phrótacal Uimh. 7, nach dtugann an inniúlacht eisiach di a shuíomh cibé acu a chomhlíontar nó nach gcomhlíontar a gcoinníollacha cur i bhfeidhm, cinntí a ghlacadh lena gcosnaítear díolúine duine dá Feisirí a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla ceangailteacha acu agus, dá bhrí sin, nach féidir agóid a dhéanamh i gcoinne an ghnímh atá faoi chonspóid de bhun Airteagal 263 CFAE. |
|
14 |
Áitíonn an t‑iarratasóir gur gníomh é cinneadh na Parlaiminte gan a díolúine a chosaint faoi Airteagail 7 agus 9 de na Rialacha Nós Imeachta, i gcomhréir le hAirteagal 9 de Phrótacal Uimh. 7, a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla ceangailteacha aige. Áitíonn sí, go háirithe, go gciallaíonn foclaíocht an tríú mír d’Airteagal 9 de Phrótacal Uimh. 7 go bhfuil sé de cheart ag an bParlaimint ní hamháin díolúine duine dá Feisirí a tharscaoileadh, ach freisin go bhfuil sé de cheart aici an díolúine sin a chosaint, is é sin le rá, cinneadh a dhéanamh an sáraíonn na himeachtaí arna dtionscnamh i gcoinne Feisire de Pharlaimint na hEorpa na díolúintí dá bhforáiltear in Airteagal 9 den Phrótacal sin, agus mar thoradh air sin go mbíonn éifeachtaí dlíthiúla ceangailteacha ag cinneadh den sórt sin ar údaráis bhreithiúnacha na mBallstát. |
|
15 |
Ba cheart an cásdlí socair a mheabhrú ar dá réir a mheastar gach gníomh, beag beann ar an bhfoirm ina bhfuil sé, mar ghníomh ar féidir agóid a dhéanamh ina choinne de réir bhrí Airteagal 263 CFAE, a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla ceangailteacha aige a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do leasanna an iarratasóra trí athrú ar leith a dhéanamh ar a sheasamh dlíthiúil (breithiúnais an 11 Samhain 1981, IBM v an Coimisiún, 60/81, EU:C:1981:264, mír 9, agus an 26 Eanáir 2010, Internationaler Hilfsfonds v an Coimisiún, C‑362/08 P, EU:C:2010:40, mír 51). Os a choinne sin, ní thagann aon ghníomh de chuid an Aontais Eorpaigh nach bhfuil éifeachtaí dlíthiúla ceangailteacha aige faoi raon feidhme an athbhreithnithe bhreithiúnaigh faoi Airteagal 263 CFAE (féach, breithiúnas an 15 Iúil 2021, FBF, C‑911/19, EU:C:2021:599, mír 37 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
16 |
D’fhonn a chinneadh an bhfuil éifeachtaí dlíthiúla ceangailteacha ag gníomh, is gá substaint an ghnímh sin a scrúdú agus measúnú a dhéanamh ar na héifeachtaí sin i bhfianaise critéir oibiachtúla, amhail ábhar an ghnímh sin, agus an comhthéacs inar glacadh é agus cumhachtaí na hinstitiúide a ghlac é á gcur san áireamh, más iomchuí (féach, breithiúnas an 20 Feabhra 2018, an Bheilg v an Coimisiún, C‑16/16 P, EU:C:2018:79, mír 32 agus an cásdlí dá dtagraítear, agus an 9 Iúil 2020, Poblacht na Seice v an Coimisiún, C‑575/18 P, EU:C:2020:530, mír 47). |
|
17 |
Ina theannta sin, i gcás ina bhfuil gníomh de chuid institiúid an Aontais de chineál diúltach, ní mór measúnú a dhéanamh air i bhfianaise chineál na hiarrata a spreag an gníomh sin (breithiúnais an 8 Márta 1972, Nordgetreide v an Coimisiún, 42/71, EU:C:1972:16, mír 5; an 24 Samhain 1992, Buckl agus páirtithe eile v an Coimisiún, C‑15/91 agus C‑108/91, EU:C:1992:454, mír 22, agus an 9 Deireadh Fómhair 2018, Multiconnect v an Coimisiún, T‑884/16, nár foilsíodh, EU:T:2018:665, mír 45). Go háirithe, is gníomh é diúltú a d’fhéadfadh a bheith ina ábhar do chaingean le haghaidh neamhniú de réir bhrí Airteagal 263 CFAE i gcás ina bhféadfaí agóid a dhéanamh i gcoinne an ghnímh a dhiúltaíonn an institiúid de chuid an Aontais a dhéanamh faoin bhforáil sin. Dá bhrí sin, ní hionann diúltú d’iarraidh arna díriú uirthi ag institiúid agus gníomh ar féidir caingean le haghaidh neamhniú a thionscnamh ina choinne i gcás nach n‑iarrtar leis an iarraidh sin go nglacfadh an institiúid sin beart a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla ceangailteacha aige (orduithe an 5 Meán Fómhair 2012, Farage v an Pharlaimint agus Buzek, T‑564/11, nár foilsíodh, EU:T:2012:403, mír 27, agus an 1 Feabhra 2018, Collins v an Pharlaimint, T‑919/16, nár foilsíodh, EU:T:2018:58, mír 19). |
|
18 |
Dá bhrí sin, sa chás seo, chun a chinneadh an gníomh ar féidir agóid a dhéanamh ina choinne é an gníomh atá faoi chonspóid, lena ndiúltaítear pribhléidí agus díolúintí an iarratasóra a chosaint, is gá scrúdú a dhéanamh, sa chás seo, an bhféadfadh éifeachtaí dlíthiúla a bheith ag an mbeart lena mbaineann. |
|
19 |
I ndáil leis sin, ní mór a mheabhrú, ar an gcéad dul síos, i gcomhréir le hAirteagal 5(1) CAE agus le hAirteagal 13(2) CAE, go ngníomhaíonn an Pharlaimint laistigh de theorainneacha na gcumhachtaí a thugtar di leis na Conarthaí. |
|
20 |
Ina dhiaidh sin, ba cheart a mheabhrú go bhforáiltear le hAirteagal 8 de Phrótacal Uimh. 7 nach mbeidh ‘Feisirí na Parlaiminte faoi réir aon chineál fiosrúcháin, coinneála ná imeachtaí dlíthiúla i leith tuairimí a thug siad nó vótaí a chaith siad agus a ndualgais á gcomhlíonadh acu’. |
|
21 |
Foráiltear don mhéid seo a leanas le hAirteagal 9 de Phrótacal Uimh. 7: ‘Le linn sheisiúin na Parlaiminte [...], beidh ag a comhaltaí:
Bainfidh an díolúine mar an gcéanna le comhaltaí ag taisteal dóibh go dtí áit chruinnithe na Parlaiminte [...] agus uaidh. Ní féidir díolúine a éileamh nuair a gheofar comhalta i mbun cion a dhéanamh ná ní choiscfidh sí an Pharlaimint [...] óna ceart a fheidhmiú chun díolúine duine dá comhaltaí a tharscaoileadh.’ |
|
22 |
Dá bhrí sin, áirítear le díolúine pharlaiminteach Fheisirí Pharlaimint na hEorpa, dá bhforáiltear in Airteagail 8 agus 9 de Phrótacal Uimh. 7, an dá chineál cosanta a thugtar de ghnáth do chomhaltaí pharlaimintí náisiúnta na mBallstát, eadhon díolúine i leith tuairimí a tugadh agus vótaí a caitheadh i bhfeidhmiú dualgas parlaiminteach agus dosháraitheacht pharlaiminteach, lena n‑áirítear, i bprionsabal, cosaint i gcoinne imeachtaí dlíthiúla (breithiúnais an 21 Deireadh Fómhair 2008, Marra, C‑200/07 agus C‑201/07, EU:C:2008:579, mír 24, agus an 6 Meán Fómhair 2011, Patriciello, C‑163/10, EU:C:2011:543, mír 18). |
|
23 |
Sa chás seo, gabhadh, coinníodh agus cúisíodh an t‑iarratasóir, a toghadh i mBallstát seachas an Bheilg, sa Bheilg. Ní éilíonn sí go mbaineann na himeachtaí breithiúnacha sin le tuairimí a thug sí nó vótaí a chaith sí agus a cuid dualgas á gcomhlíonadh aici. Sna himthosca sin agus mar is léir óna pléadálacha, ní mór a mheas, dá bhrí sin, go bhfuil sí ag brath ar an díolúine nó ar an dosháraitheacht amháin, dá bhforáiltear i bpointe (b) den chéad mhír d’Airteagal 9 de Phrótacal Uimh. 7. Ní mór a thabhairt faoi deara freisin, sa chás seo, nár iarr na húdaráis bhreithiúnacha náisiúnta tarscaoileadh dhíolúine an iarratasóra, ach gur mheas siad go raibh an t‑iarratasóir i mbun cion a dhéanamh. |
|
24 |
Ar deireadh, ba cheart a chur in iúl go dtagann an scrúdú ar iarraidh ar tharscaoileadh díolúine agus scrúdú ar iarraidh ar chosaint pribhléidí agus díolúintí faoi dhá chleachtadh ar leith. |
|
25 |
I ndáil leis sin, beartaítear tarscaoileadh díolúine go sainráite leis an tríú mír d’Airteagal 9 de Phrótacal Uimh. 7, lena bhforáiltear ‘nach gcuirfidh an díolúine [...] bac ar cheart na Parlaiminte [...] díolúine duine dá Feisirí a tharscaoileadh’. Dá bhrí sin, tugann an fhoráil sin an ceart eisiach don Pharlaimint an díolúine dá bhforáiltear in Airteagal 9 den Phrótacal sin a tharscaoileadh, eadhon an ceart chun an chosaint atá aige nó aici faoin bhforáil sin a bhaint d’Fheisire de Pharlaimint na hEorpa. Is gníomh ar féidir agóid a dhéanamh ina choinne é cinneadh den sórt sin de réir bhrí Airteagal 263 CFAE (breithiúnas an 15 Deireadh Fómhair 2008, Mote v an Pharlaimint, T‑345/05, EU:T:2008:440, mír 31). |
|
26 |
Os a choinne sin, ní fhoráiltear go sainráite do chosaint pribhléidí agus díolúintí Feisire de Pharlaimint na hEorpa i bPrótacal Uimh. 7, ach in Airteagail 7 agus 9 de na Rialacha Nós Imeachta amháin. |
|
27 |
Sa chomhthéacs sin, ba cheart a mheabhrú, ar an gcéad dul síos, maidir leis an díolúine dá bhforáiltear in Airteagal 8 de Phrótacal Uimh. 7, gur cinneadh cheana féin gur tuairim nach bhfuil éifeachtaí ceangailteacha aige ar na húdaráis bhreithiúnacha náisiúnta a bhí i gcinneadh na Parlaiminte díolúine den sórt sin a chosaint (féach, chuige sin, breithiúnais an 21 Deireadh Fómhair 2008, Marra, C‑200/07 agus C‑201/07, EU:C:2008:579, mír 39, agus an 6 Méan Fómhair 2011, Patriciello, C‑163/10, EU:C:2011:543, mír 39). Chun teacht ar an gconclúid sin, chinn an Chúirt, inter alia, nár foráladh le Prótacal Uimh. 7 do chumhacht na Parlaiminte a fhíorú, i gcás imeachtaí dlíthiúla i gcoinne Feisire de Pharlaimint na hEorpa ar bhonn na dtuairimí agus na vótaí a chuir an Feisire sin in iúl, ar comhlíonadh na coinníollacha maidir le cur i bhfeidhm na díolúine dá bhforáiltear in Airteagal 8 den Phrótacal sin agus nach bhféadfadh inniúlacht den chineál sin teacht as forálacha na Rialacha Nós Imeachta, ba ghníomh eagrúcháin inmheánaigh é sin nach bhféadfadh cumhachtaí a thabhairt don Pharlaimint nach raibh aitheanta go sainráite le gníomh reachtach, sa chás seo le Prótacal Uimh. 7 (breithiúnas an 21 Deireadh Fómhair 2008, Marra, C‑200/07 agus C‑201/07, EU:C:2008:579, míreanna 32 agus 38). |
|
28 |
Ar an dara dul síos, maidir leis an díolúine dá bhforáiltear in Airteagal 9 de Phrótacal Uimh. 7, ní mór idirdhealú a dhéanamh idir dhá chás. |
|
29 |
Ar thaobh amháin, féadfaidh cumhacht na Parlaiminte díolúine a chosaint, más iomchuí, teacht ó phointe (a) den chéad mhír d’Airteagal 9 de Phrótacal Uimh. 7, a mhéid a thugann an fhoráil sin le tuiscint go gcinntear méid agus raon feidhme na díolúine atá ag Feisirí de Pharlaimint na hEorpa ina gcríoch náisiúnta, is é sin le rá, ábhar substainteach na díolúine sin, leis na dlíthe náisiúnta éagsúla dá dtagraítear. Tugtar le tuiscint leis an tagairt sin don dlí náisiúnta, i gcás ina bhforáiltear le dlí Ballstáit do nós imeachta chun díolúine chomhaltaí na parlaiminte náisiúnta a chosaint, lena gcuirtear ar a cumas idirghabháil a dhéanamh leis na húdaráis bhreithiúnacha nó phóilíneachta, go háirithe trína iarraidh go gcuirfí imeachtaí ar fionraí i gcoinne duine dá chomhaltaí, go dtugtar na cumhachtaí céanna don Pharlaimint i leith Feisirí de Pharlaimint na hEorpa a toghadh sa Stát sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 19 Márta 2010, Gollnisch v an Pharlaimint, T‑42/06, EU:T:2010:102, míreanna 105 agus 115). |
|
30 |
Ar an taobh eile agus os a choinne sin, ní thagraíonn pointe (b) den chéad mhír d’Airteagal 9 de Phrótacal Uimh. 7 don dlí náisiúnta agus, dá bhrí sin, ní féidir leis a bheith mar bhonn do chumhacht na Parlaiminte díolúine Feisire de Pharlaimint na hEorpa a chosaint. |
|
31 |
Chomh maith leis sin, ní féidir a mheas go bhfuil an tríú mír d’Airteagal 9 de Phrótacal Uimh. 7 mar bhonn ann féin do chumhacht na Parlaiminte díolúine Feisire de Pharlaimint na hEorpa a chosaint. I ndáil leis sin, chinn an Chúirt Ghinearálta cheana féin nach féidir an ceart eisiach chun an díolúine dá bhforáiltear leis an bhforáil sin a tharscaoileadh a léiriú sa chaoi go dtugtar inniúlacht eisiach don Pharlaimint cinneadh a dhéanamh, le héifeacht cheangailteach, an bhfuil nó nach bhfuil an díolúine dá bhforáiltear in Airteagal 9 de Phrótacal Uimh. 7 ag Feisire de Pharlaimint na hEorpa i leith na ngníomhartha a líomhnaítear ina choinne (breithiúnas an 5 Iúil 2023, Puigdemont i Casamajó agus Comín i Oliveres v an Pharlaimint, T‑115/20, faoi achomharc, EU:T:2023:372, mír 65). |
|
32 |
Ní fhoráiltear le foclaíocht dhiúltach an tríú mír d’Airteagal 9 de Phrótacal Uimh. 7 (féach pointe 21 thuas) ach dhá theorainn leis an díolúine, nó leis an dosháraitheacht, dá bhforáiltear in Airteagal 9 den Phrótacal sin. Ar thaobh amháin, i gcás ina bhfuil duine i mbun cion a dhéanamh, ní féidir an díolúine sin a agairt. Tugann sé sin le tuiscint go bhféadfadh sé gur lú fós an chosaint a thugtar don díolúine sin i gcás ina bhfuil duine i mbun cion a dhéanamh. Ar an taobh eile, ní féidir leis an díolúine chéanna bac a chur ar cheart na Parlaiminte í a tharscaoileadh. |
|
33 |
Mar sin féin, braitheann an t‑iarratasóir ar éifeachtacht Airteagal 9 de Phrótacal Uimh. 7. |
|
34 |
I ndáil leis sin, ba cheart a mheabhrú nach féidir leis na Conarthaí neamhaird a thabhairt ar roinnt na n‑inniúlachtaí idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit mar thoradh ar léiriú leathan ar fhoráil de dhlí an Aontais chun a héifeachtacht a chaomhnú. B’amhlaidh a bheadh dá dtuigfí ón tríú mír d’Airteagal 9 de Phrótacal Uimh. 7 go bhfuil inniúlacht eisiach ag an bParlaimint chun a chinneadh, le héifeacht cheangailteach, an ndéanann imeachtaí breithiúnacha i gcoinne Feisire de Pharlaimint na hEorpa a dhíolúine a cheistiú, cé gur faoi na húdaráis atá i mbun imeachtaí breithiúnacha go príomha atá an inniúlacht sin, mar riail ghinearálta (féach, chuige sin, breithiúnas an 5 Iúil 2023, Puigdemont i Casamajó agus Comín i Oliveres v an Pharlaimint, T‑115/20, faoi achomharc, EU:T:2023:372, míreanna 66 agus 68). Is amhlaidh atá, a fortiori, maidir le cinneadh a dhéanamh cé acu a chomhlíontar nó nach gcomhlíontar na coinníollacha maidir le duine atá i mbun cion a dhéanamh, ós rud é gur ag na húdaráis atá i mbun imeachtaí breithiúnacha amháin atá an inniúlacht shonrach sin. |
|
35 |
Ba cheart a thabhairt faoi deara, go ginearálta, má chinneann na húdaráis atá i mbun imeachtaí breithiúnacha go bhfuil na fíorais a líomhnaítear i gcoinne Feisire de Pharlaimint na hEorpa cumhdaithe ag an díolúine dá bhforáiltear in Airteagal 9 de Phrótacal Uimh. 7, go gceanglaítear orthu, más mian leo leanúint de na himeachtaí sin, a iarraidh go ndéanfaí an díolúine sin a tharscaoileadh os comhair na Parlaiminte. Thairis sin, rialaítear leis an tríú mír d’Airteagal 9 de Phrótacal Uimh. 7 cás sonrach a bhaineann le duine atá i mbun cion a dhéanamh nach bhfuil sé d’oibleagáid ar na húdaráis sin tarscaoileadh díolúine a iarraidh ar an bParlaimint, ós rud é, i gcás den sórt sin, nach féidir díolúine a agairt fiú. Dá bhrí sin, tagann an scrúdú ar chomhlíonadh na gcoinníollacha chun teacht ar an gconclúid go bhfuil cás de dhuine atá i mbun cion a dhéanamh ann faoi inniúlacht eisiach na n‑údarás sin agus, dá bhrí sin, ní bhraitheann sé ar thuairim na Parlaiminte. |
|
36 |
Chiallódh an léiriú contrártha arna agairt ag an iarratasóir go bhfuil sé de chumhacht ag an bParlaimint a chinneadh cé acu a chaitheann nó nach gcaitheann na himeachtaí breithiúnacha i gcoinne Feisire de Pharlaimint na hEorpa amhras ar a dhíolúine i ngach cás maidir le cionta arna ndéanamh ag Feisirí de Pharlaimint na hEorpa gan eisceacht, lena n‑áirítear i gcás duine atá i mbun cion a dhéanamh, agus mar thoradh air sin go mbainfí a héifeachtacht den chéad chuid den tríú mír d’Airteagal 9 de Phrótacal Uimh. 7. |
|
37 |
Dá bhrí sin, ní mór a mheas nach dtugtar le forálacha phointe (b) den chéad mhír d’Airteagal 9 de Phrótacal Uimh. 7, fiú i gcomhar le forálacha an tríú mír d’Airteagal 9 den Phrótacal sin, aon chumhacht don Pharlaimint cinneadh a ghlacadh chun pribhléidí agus díolúintí a chosaint, ionas, i gcás den sórt sin agus go háirithe i gcás ina bhfuil duine i mbun cion a dhéanamh, nach féidir le cinneadh chun pribhléidí agus díolúintí arna nglacadh ar bhonn na Rialacha Nós Imeachta a chosaint éifeachtaí ceangailteacha a bheith aige i leith tríú páirtithe. Sna himthosca sin, ní hionann an gníomh atá faoi chonspóid, lena ndiúltaítear pribhléidí agus díolúintí an iarratasóra a chosaint, agus gníomh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla ceangailteacha aige ach an oiread. |
|
38 |
Dá bhrí sin, ní féidir agóid a dhéanamh in aghaidh an ghnímh atá faoi chonspóid tríd an gcaingean le haghaidh neamhniú dá bhforáiltear in Airteagal 263 CFAE. Dá bhrí sin, is gá seasamh leis an bpléadáil maidir le do-ghlacthacht a d’ardaigh an Pharlaimint agus, dá bhrí sin, an chaingean a dhíbhe toisc í a bheith do-ghlactha, gan aon ghá a bheith ann a scrúdú an bhfuil leas fós ag an iarratasóir i neamhniú an ghnímh atá faoi chonspóid a fháil. |
Costais
|
39 |
Faoi Airteagal 134(1) de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais, ordófar don pháirtí caillteach na costais a íoc, má iarrtar iad i bpléadálacha an pháirtí a n‑éireoidh leis. |
|
40 |
Ós rud é nár éirigh leis an iarratasóir, ní mór a ordú di a costais féin agus na costais arna dtabhú ag an bParlaimint a íoc, i gcomhréir leis an ordú atá á lorg ag an bParlaimint. |
|
Ar an bhforas sin, ordaíonn AN CHÚIRT GHINEARÁLTA (an Seachtú Dlísheomra) mar seo a leanas: |
|
|
|
Arna dhéanamh i Lucsamburg an 5 Bealtaine 2025. An Cláraitheoir V. di Bucci An tUachtarán K. Kowalik-Bańczyk |
( *1 ) Teanga an cháis: an Béarla.