This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62024TJ0055
Judgment of the General Court (First Chamber, Extended Composition) of 10 September 2025.#Meta Platforms Ireland Ltd v European Commission.#Digital services – Regulation (EU) 2022/2065 – Commission decision determining the amount of the supervisory fee for 2023 – Article 43(3) to (5) of Regulation 2022/2065 – Article 4(2) of Delegated Regulation (EU) 2023/1127 – Method for calculating the number of average monthly active recipients – Temporal adjustment of the effects of an annulment.#Case T-55/24.
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta (An Chéad Dlísheomra Méadaithe) 2025 Méan Fómhair 10.
Meta Platforms Ireland Ltd v An Coimisiún Eorpach.
Seirbhísí digiteacha – Rialachán (AE) 2022/2065 – Cinneadh ón gCoimisiún lena socraítear méid na táille maoirseachta le haghaidh 2023 – Airteagal 43(3) go (5) de Rialachán 2022/2065 – Airteagal 4(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1127 – Modh chun meánlíon na bhfaighteoirí gníomhacha míosúla a ríomh – Coigeartú ama ar éifeachtaí an neamhnithe.
Cás T-55/24.
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta (An Chéad Dlísheomra Méadaithe) 2025 Méan Fómhair 10.
Meta Platforms Ireland Ltd v An Coimisiún Eorpach.
Seirbhísí digiteacha – Rialachán (AE) 2022/2065 – Cinneadh ón gCoimisiún lena socraítear méid na táille maoirseachta le haghaidh 2023 – Airteagal 43(3) go (5) de Rialachán 2022/2065 – Airteagal 4(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1127 – Modh chun meánlíon na bhfaighteoirí gníomhacha míosúla a ríomh – Coigeartú ama ar éifeachtaí an neamhnithe.
Cás T-55/24.
ECLI identifier: ECLI:EU:T:2025:842
BREITHIÚNAS NA CÚIRTE GINEARÁLTA (an Chéad Dlísheomra Méadaithe)
10 Meán Fómhair 2025 ( *1 )
(Seirbhísí digiteacha – Rialachán (AE) 2022/2065 – Cinneadh ón gCoimisiún lena socraítear méid na táille maoirseachta le haghaidh 2023 – Airteagal 43(3) go (5) de Rialachán 2022/2065 – Airteagal 4(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1127 – Modh chun meánlíon na bhfaighteoirí gníomhacha míosúla a ríomh – Coigeartú ama ar éifeachtaí an neamhnithe)
I gCás T‑55/24,
Meta Platforms Ireland Ltd, atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath (Éire), arna ionadú ag A. Komninos, G. Forwood, I. Sarmas agus H. Gafsen, Dlíodóirí,
iarratasóir,
v
an Coimisiún Eorpach, arna ionadú ag O. Gariazzo, P.-J. Loewenthal agus L. Armati, i gcáil Gníomhairí,
cosantóir,
tugann AN CHÚIRT GHINEARÁLTA (an Chéad Dlísheomra Méadaithe),
agus í comhdhéanta mar seo a leanas: R. Mastroianni (Rapóirtéir), Uachtarán, M. Brkan, I. Gâlea, T. Tóth agus W. Valasidis, Breithiúna,
Cláraitheoir: S. Spyropoulos, Riarthóir,
ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn,
tar éis éisteacht an 11 Meitheamh 2025,
an Breithiúnas seo a leanas:
Breithiúnas
|
1 |
Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t‑iarratasóir, Meta Platforms Ireland Ltd, go gcuirfí Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2023) 8176 final ón gCoimisiún an 27 Samhain 2023 lena socraítear méid na táille maoirseachta is infheidhme maidir le Facebook agus Instagram de bhun Airteagal 43(3) de Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (‘an cinneadh atá faoi chonspóid’) ar neamhní. |
Cúlra na díospóide
|
2 |
Is cuideachta é an t‑iarratasóir atá corpraithe faoi dhlí na hÉireann, foghnóthas de chuid an ghnóthais Mheiriceánach Meta Platforms Inc., a shainaithnítear mar sholáthraí seirbhísí Facebook agus Instagram san Aontas Eorpach. |
|
3 |
I gcomhréir le hAirteagal 43(1) go (3) de Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha) (IO 2022 L 277, lch. 1; ‘GSD’), gearrann an Coimisiún Eorpach táille mhaoirseachta bhliantúil le haghaidh gach ceann dá seirbhísí ainmnithe ar sholáthraithe ardán an‑mhór ar líne (‘VLOPanna’, ón mBéarla very large online platform(s)) agus soláthraithe inneall cuardaigh an‑mhór ar líne (‘VLOSEnna’, ón mBéarla very large online search engine(s)), arna n‑ainmniú amhlaidh de bhun Airteagal 33 den Rialachán sin, arna socrú trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, chun na costais mheasta atá le tabhú aige a chumhdach chun na cúraimí maoirseachta a chuirtear de chúram air a dhéanamh le GSD. I gcomhréir le hAirteagal 43(4) den Rialachán sin, cinnfidh an Coimisiún an táille sin tríd an modheolaíocht atá leagtha amach aige i ngníomh tarmligthe a chur i bhfeidhm, i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos in Airteagal 43(5) den Rialachán sin. |
|
4 |
An 2 Márta 2023, ghlac an Coimisiún, chuige sin, Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1127 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2022/2065 leis na modheolaíochtaí agus na nósanna imeachta mionsonraithe maidir leis na táillí maoirseachta a ghearrann an Coimisiún ar sholáthraithe ardán an‑mhór ar líne agus inneall cuardaigh an‑mhór ar líne (IO 2023 L 149, lch. 16). |
|
5 |
An 25 Aibreán 2023, ghlac an Coimisiún Cinneadh C(2023) 2756 final agus Cinneadh C(2023) 2734 final lena n‑ainmnítear Facebook agus Instagram faoi seach, mar VLOPanna, i gcomhréir le hAirteagal 33(4) de GSD. |
|
6 |
An 28 Aibreán 2023, cuireadh na cinntí sin in iúl don iarratasóir mar phríomháit ghnó sholáthraí Facebook agus Instagram san Aontas Eorpach. Seoladh cóip de gach cinneadh chuig Meta Platforms, an chuideachta a rialaíonn an grúpa eintiteas dlítheanach lena mbaineann an t‑iarratasóir. |
|
7 |
An 27 Meán Fómhair 2023, chuir an Coimisiún méid sealadach na táille maoirseachta bliantúla i leith Facebook agus Instagram in iúl don iarratasóir, i gcomhréir le hAirteagal 6(3) de Rialachán Tarmligthe 2023/1127, ar seoladh cóip de chuig Meta Platforms freisin. An 13 Deireadh Fómhair 2023, chuir an t‑iarratasóir a bharúlacha faoi bhráid an Choimisiúin. |
|
8 |
An 27 Samhain 2023, ghlac an Coimisiún an cinneadh atá faoi chonspóid lena mbunaítear méid na táille maoirseachta bliantúla is infheidhme maidir le Facebook agus Instagram le haghaidh 2023. Rinneadh an méid sin a chinneadh, i gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 43(3) de GSD, i gcomhréir leis an modheolaíocht agus na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe 2023/1127, go háirithe Airteagal 5 de. Chun an méid sin a chinneadh, d’úsáid an Coimisiún, inter alia, dhá oibreoir tríú páirtí, SensorTower agus Similarweb, agus lean sé modheolaíocht is coiteann do gach VLOP agus gach VLOSE, atá i gceangal leis an gcinneadh atá faoi chonspóid, chun meánlíon faighteoirí gníomhacha míosúla (‘MFGM’) na seirbhísí ainmnithe san Aontas a ríomh agus chun an táille mhaoirseachta bhliantúil a leithdháileadh orthu, i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach in Airteagal 43 de GSD. Seoladh cóip den chinneadh sin chuig Meta Platforms freisin. |
An t‑ordú atá á lorg
|
9 |
Iarrann an t‑iarratasóir, go bunúsach, ar an gCúirt Ghinearálta:
|
|
10 |
Iarrann an Coimisiún ar an gCúirt Ghinearálta:
|
An dlí lena mbaineann
|
11 |
Mar thaca lena chaingean, maíonn an t‑iarratasóir sé shaincheist dlí, a bhfuil an chéad dá shaincheist bunaithe ar phléadáil neamhdhleathachta, maidir, faoi seach, leis an dara habairt d’Airteagal 5(2) de Rialachán Tarmligthe 2023/1127, a mhéid a sháraítear Airteagal 290 CFAE agus Airteagal 43(4) agus (5) de GSD, agus le hAirteagal 5(4) de Rialachán Tarmligthe 2023/1127, a mhéid a sháraítear Airteagal 290(1) CFAE agus Airteagal 43(5)(b) de GSD mar aon le prionsabail na comhréireachta agus na córa comhionainne. An tríú saincheist dlí lena n‑éilítear sárú ar cheart an iarratasóra chun éisteacht a fháil faoi Airteagal 41(2)(a) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, maidir leis na ‘méideanna iarmharacha’ a chinneadh agus maidir leis an modheolaíocht chun MFGM a ríomh. An ceathrú saincheist dlí lena n‑éilítear easpa cúiseanna a lua i ndáil leis an modheolaíocht chun MFGM agus ‘méideanna iarmharacha’ a ríomh. An cúigiú saincheist dlí lena n‑éilítear, go bunúsach, gurb earráideach agus neamhdhleathach an mhodheolaíocht chun MFGM a ríomh, a mhéid gur fheidhmigh an Coimisiún a chumhacht tharmligthe trí ghníomhartha cur chun feidhme aonair. Ar deireadh, an séú saincheist dlí, lena n‑éilítear gurb earráideach ríomh tháille maoirseachta an iarratasóra agus go sáraítear leis Airteagal 43(5)(b) de GSD. |
|
12 |
Scrúdóidh an Chúirt an cúigiú saincheist dlí ar dtús. |
An cúigiú saincheist dlí lena n‑éilítear, go bunúsach, gurb earráideach agus neamhdhleathach an mhodheolaíocht chun MFGM a ríomh, a mhéid gur fheidhmigh an Coimisiún a chumhacht tharmligthe trí ghníomhartha cur chun feidhme aonair.
|
13 |
Leis an tsaincheist dlí sin, maíonn an t‑iarratasóir go bhfuil an cinneadh atá faoi chonspóid earráideach agus go sáraítear Airteagal 290(1) agus Airteagal 291(2) CFAE, Airteagal 33(3), Airteagal 43(4) agus Airteagal 87 de GSD agus Airteagal 4(2) de Rialachán Tarmligthe 2023/1127, a mhéid a sháraítear a chuspóir gníomh cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunaítear méid na táille trí mhodheolaíocht choiteann nua a bhunú chun MFGM a ríomh agus a fhorlíontar GSD ar bhealach neamhcheadaithe. |
|
14 |
Sa chéad áit, cáineann an t‑iarratasóir an Coimisiún as an modheolaíocht chun MFGM a ríomh a bhunú sna hiarscríbhinní a ghabhann le gach gníomh cur chun feidhme, seachas trí ghníomh tarmligthe, dá bhforáiltear in Airteagal 33(3) de GSD, agus ina éagmais sin., d’fhéadfadh an Coimisiún na sonraí arna dtuairisciú ag na soláthraithe iad féin a úsáid de bhun Airteagal 24(2) de GSD, in ionad modheolaíocht choiteann a ghlacadh. Maíonn an t‑iarratasóir, i bhfianaise thábhacht na modheolaíochta chun MFGM a ríomh chun an táille mhaoirseachta a chinneadh, más mian leis an gCoimisiún í a bhunú ‘go mionsonraithe’ gan dul i muinín gníomh tarmligthe faoi Airteagal 33(3) de GSD, gur cheart dó í a chur san áireamh i Rialachán Tarmligthe 2023/1127, agus gan í a chur i gceangal le gníomhartha cur chun feidhme atá dírithe ar gach soláthraí, amhail an cinneadh atá faoi chonspóid. |
|
15 |
Sa dara háit, maíonn an t‑iarratasóir go bhfuil an mhodheolaíocht ríofa sin i gcontrárthacht le prionsabal na comhréireachta. Go sonrach, dar leis, ghlac an Coimisiún trí shainmhíniú ar MFGM agus chuir sé i bhfeidhm iad ar bhealach éagsúil, ag brath ar cé acu a úsáidtear nó nach n‑úsáidtear MFGM chun críocha trédhearcachta (i gcomhréir le hAirteagal 24 de GSD), chun seirbhísí a ainmniú mar VLOPanna nó VLOSEnna (i gcomhréir le hAirteagal 33 de GSD) nó chun méid tháille mhaoirseachta soláthraí ar leith a chinneadh (i gcomhréir le hAirteagal 43 de GSD). Dá bhrí sin, tá difríocht shuntasach idir MFGManna agus na cinn arna dtuairisciú ag an iarratasóir mar thoradh ar an modheolaíocht choiteann atá i gceangal leis an gcinneadh atá faoi chonspóid. De réir an iarratasóra, fiú dá nglacfaí leis gur ghá cur chuige comhchoiteann a ghlacadh chun éagsúlachtaí i ríomh MFGM a sheachaint, d’fhéadfadh an Coimisiún modheolaíocht choiteann a ghlacadh trí bhíthin gníomh tarmligthe ar leithligh, faoi Airteagal 33(3) de GSD, lena gceadófaí do sholáthraithe í a chur i bhfeidhm chun a MFGM féin a ríomh, nó, mar mhalairt air sin, i Rialachán Tarmligthe 2023/1127, i gcomhréir le hAirteagal 43(4) de GSD. Dá bhri sin, tagann an t‑iarratasóir ar an gconclúid nach féidir leis an gCoimisiún éifeachtacht a bhaint de na forálacha sin trí ghníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh a fhágann an fheidhm arna tabhairt ag an reachtas do ghníomhartha tarmligthe gan bhrí. |
|
16 |
Maíonn an Coimisiún, ar thaobh amháin, a mhéid a leagtar síos leis an modheolaíocht chun an chomhéifeacht (U) a ríomh chun an táille is iníoctha i leith gach seirbhís ainmnithe a chinneadh, go bhforlíontar le hAirteagal 4(2) de Rialachán Tarmligthe 2023/1127 Airteagal 43(5)(b) de GSD, ós rud é nach gceanglaítear leis an bhforáil sin ach go mbeidh na táillí comhréireach le MFGManna na seirbhísí ainmnithe. Ar an taobh eile, measann an Coimisiún nach gceanglaítear air le hAirteagal 43(4) de GSD modheolaíocht choiteann a bhunú chun MFGM a ríomh. Dá bhrí sin, níl sa mhodheolaíocht choiteann sin ach rogha arna déanamh ag an gCoimisiúin, i measc na dtrí rogha féideartha, brath ar ‘aon fhaisnéis eile atá ar fáil [dó]’, mar a cheadaítear le hAirteagal 4(2) de Rialachán Tarmligthe 2023/1127. Thairis sin, tugann sí faoi deara nach dtagraítear in Airteagal 33(3) de GSD d’Airteagal 43 de, nach dtagraítear leis don fhoráil sin ach oiread, agus mar thoradh air sin nach féidir a dhearbhú go ndeachaigh an Coimisiún timpeall ar fhoirmiúlachtaí an nós imeachta chun gníomh tarmligthe a ghlacadh, dá bhforáiltear in Airteagal 87 de GSD, tríd an modheolaíocht choiteann a chur i gceangal leis na gníomhartha cur chun feidhme. |
|
17 |
Maidir leis an sárú líomhnaithe ar phrionsabal na comhréireachta, áitíonn an Coimisiún gur roghnaigh sé modheolaíocht choiteann chun MFGM a ríomh go sonrach chun trédhearcacht agus cóir chomhionann a áirithiú idir soláthraithe maidir lena dtáillí a shocrú. Dar leis, cé go raibh neastachán i ríomh MFGM mar thoradh air sin, ós rud é nárbh fhéidir, gan rochtain a fháil ar bhonneagar ná ar shonraí inmheánacha gach soláthraí, áireamh mionsonraithe a dhéanamh, mheas sé gurbh fhearr comparáid a dhéanamh, trí bhíthin na modheolaíochta sin, idir MFGManna na seirbhísí ainmnithe uile den chineál céanna nó comhchosúil, chun táillí comhréireacha a shocrú, seachas beachtas a lorg i ndearbhthéarmaí. I ndáil leis sin, meabhraíonn an Coimisiún gur bhain sé úsáid as modheolaíocht chomhchoiteann agus é ag brath ar Airteagal 4(2) de Rialachán Tarmligthe 2023/1127, ina liostaítear na foinsí faisnéise céanna, chun MFGM a ríomh dá dtagraítear sa chéad fhomhír d’Airteagal 33(4) de GSD, chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú. Thairis sin, dar leis, bhí sé go hiomlán iomchuí brath ar fhoinsí sonraí éagsúla chun na seirbhísí a ainmniú mar VLOPanna, ar thaobh amháin, agus na táillí atá le gearradh ar sholáthraithe na seirbhísí sin a chinneadh, ar an taobh eile. |
|
18 |
Ar deireadh, áitíonn an Coimisiún, fiú dá mbeadh lochtanna ann sa mhodheolaíocht a úsáidtear ag na foinsí faisnéise tríú páirtí agus neamhspleácha, ar a bhfuil an mhodheolaíocht choiteann bunaithe, go mbeadh feidhm chothrománach ag aon neamhréireacht a eascraíonn as sin maidir leis na seirbhísí ainmnithe uile, agus mar thoradh air sin go ndéanfaí difear do na seirbhísí éagsúla ar an mbealach céanna, rud a chuirfeadh ar a chumas leithdháileadh cothrom na gcostas maoirseachta a áirithiú. |
|
19 |
Ba cheart a mheabhrú, faoi Airteagal 33(3) de GSD, maidir le hardáin ar líne agus innill chuardaigh ar líne a ainmniú mar VLOPanna nó VLOSEnna, ‘[go bhf]éadfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 87 [de GSD], tar éis dó dul i gcomhairle leis [an mBord Eorpach um Sheirbhísí Digiteacha], chun forálacha [GSD] a fhorlíonadh tríd an modheolaíocht a leagan síos chun [MFGM] a ríomh chun críocha mhír 1 den Airteagal seo agus Airteagal 24(2) [de GSD], chun a áirithiú go gcuirfear forbairtí sa mhargadh agus forbairtí teicneolaíocha san áireamh sa mhodheolaíocht’. |
|
20 |
Thairis sin, de réir na habairte deiridh den chéad fhomhír d’Airteagal 33(4) de GSD, agus cinneadh á ghlacadh aige lena n‑ainmnítear VLOPanna nó VLOSEnna, ‘[d]éanfaidh an Coimisiún a chinneadh ar bhonn sonraí arna dtuairisciú ag soláthraí an ardáin ar líne nó ag soláthraí an innill cuardaigh ar líne de bhun Airteagal 24(2) [de GSD], nó ar bhonn faisnéis bhreise a iarrtar de bhun Airteagal 24(3) [de GSD] nó ar bhonn aon fhaisnéise eile atá ar fáil [dó]. |
|
21 |
Ina theannta sin, a mhéid a bhaineann leis an táille mhaoirseachta a chinneadh, foráiltear an méid seo a leanas in Airteagal 43(3) go (5) de GSD: ‘3. Déanfar táille mhaoirseachta bliantúil a ghearradh ar [VLOPanna] agus [VLOSEnna] as gach seirbhís ar ainmníodh iad ina leith de bhun Airteagal 33 [de GSD]. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena mbunófar méid na táille maoirseachta bliantúla i ndáil le gach [VLOP] nó gach [VLOSE]. Agus na gníomhartha cur chun feidhme sin á nglacadh, cuirfidh an Coimisiún an mhodheolaíocht a leagtar síos sa ghníomh tarmligthe dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo i bhfeidhm agus urramóidh sé na prionsabail a leagtar amach i mír 5 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 88 [de GSD]. ‘4. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe, i gcomhréir le hAirteagal 87 [de GSD], lena leagfar síos an mhodheolaíocht mhionsonraithe agus na nósanna imeachta maidir le: [...]
[...] Agus na gníomhartha tarmligthe sin á nglacadh aige, urramóidh an Coimisiún na prionsabail a leagtar amach i mír 5 den Airteagal seo. ‘5. Déanfar na prionsabail seo a leanas a urramú leis an ngníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 3 agus leis an ngníomh tarmligthe dá dtagraítear i mír 4: [...]
[...]’ |
|
22 |
‘I gcomhréir le hAirteagal 87(4) de GSD, sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le saineolaithe arna n‑ainmniú ag gach Ballstát. Ina theannta sin, faoi Airteagal 87(6) den Rialachán sin, féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus Comhairle an Aontais Eorpaigh agóid a dhéanamh sula dtiocfaidh gníomh den sórt sin i bhfeidhm. |
|
23 |
Ar deireadh, a mhéid a bhaineann leis an mbunmhéid in aghaidh na seirbhíse a chinneadh, foráiltear an méid seo a leanas in Airteagal 4(1) agus (2) de Rialachán Tarmligthe 2023/1127: ‘1. Maidir le gach seirbhís ainmnithe atá faoi réir na dtáillí maoirseachta de bhun Airteagal 3, déanfar an bunmhéid le aghaidh bhliain n a ríomh mar an sciar de na costais bhliantúla fhoriomlána mheasta maidir le bliain n+1 i gcomhréir le hAirteagal 2, i gcomhréir le meánlíon faighteoirí gníomhacha míosúla na seirbhíse ainmnithe i gcomhréir leis an gcomhéifeacht (U) dá dtagraítear den Airteagal seo, mír 2, agus an tréimhse ina raibh ainmniúchán ag an tseirbhís i gcomhréir leis an gcomhéifeacht (T) dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo á cur san áireamh, i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas: 2. An chomhéifeacht (U) le haghaidh ríomh an bhunmhéid i gcás gach seirbhíse ainmnithe, beidh aici an luach a leagtar amach in Iarscríbhinn II a chomhfhreagraíonn don mheánlíon faighteoirí gníomhacha míosúla i dtéarmaí na milliún aonad, arna chothromú síos go dtí an céad míle is gaire. [MFGM] i gcás gach seirbhíse ainmnithe lena gcinnfear an chomhéifeacht is infheidhme de bhun na chéad fhomhíre den mhír seo, is éard a bheidh ann an meánlíon de réir na sonraí a chuir soláthraí an ardáin ar líne nó an innill cuardaigh ar líne ar fáil de bhun Airteagal 24(2) de [GSD], nó de réir faisnéis a iarradh de bhun Airteagal 24(3) den Rialachán sin nó de réir aon fhaisnéis eile atá ar fáil don Choimisiún, de réir mar a bhí ar fáil an 31 Lúnasa den bhliain n. [...]’ |
|
24 |
Sa chás seo, luaitear, in aithris 31 den chinneadh atá faoi chonspóid, go bhféadfadh MFGM gach seirbhíse ainmnithe, lena gcinntear an chomhéifeacht (U) is infheidhme chun an táille mhaoirseachta a chinneadh, a bheith mar thoradh ar na sonraí arna soláthar ag an soláthraí seirbhíse, i gcomhréir le hAirteagal 24(2) de GSD, ón bhfaisnéis a iarrtar faoi Airteagal 24(3) den Rialachán sin nó ó aon fhaisnéis eile atá ar fáil don Choimisiún. |
|
25 |
Ina dhiaidh sin, in aithris 32 den chinneadh atá faoi chonspóid, luaitear, i bhfianaise na modheolaíochtaí éagsúla, infhaighteacht éagsúil na faisnéise poiblí maidir leis na modheolaíochtaí sin, na leibhéil éagsúla bheachtais agus na foinsí sonraí éagsúla a úsáideann soláthraithe na seirbhísí ainmnithe chun MFGM a seirbhísí a ríomh, agus an rúndacht a éilíonn roinnt de na soláthraithe sin, gur gá brath ar mhodheolaíocht choiteann agus ar fhoinsí coiteanna sonraí chun an chomhéifeacht (U) a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach idir na seirbhísí ainmnithe éagsúla, i gcomhréir le hAirteagal 4(2) de Rialachán Tarmligthe 2023/1127. Dá bhrí sin, ar bhonn na modheolaíochta comhchoitinne agus na bhfoinsí coiteanna sonraí san iarscríbhinn a ghabhann leis an gcinneadh atá faoi chonspóid, ríomh an Coimisiún MFGM Facebook agus Instagram agus an chomhéifeacht chomhfhreagrach (U) is gá chun méid na táille maoirseachta a gearradh ar an iarratasóir a chinneadh (féach aithris 33 den chinneadh atá faoi chonspóid). |
|
26 |
Ina theannta sin, in aithris 37 den chinneadh atá faoi chonspóid, chuir an Coimisiún in iúl go raibh deacrachtaí ann, a eascraíonn as roinnt cúiseanna, maidir le faisnéis a shainaithint faoi MFGM VLOPanna agus VLOSEnna agus maidir leis an modheolaíocht ar bhraith na soláthraithe chun a MFGM a ríomh. Sna himthosca sin, luaigh an Coimisiún nach raibh sé indéanta dó, laistigh de na teorainneacha ama a leagtar síos in Airteagal 6(3) agus (4) de Rialachán Tarmligthe 2023/1127, comparáid iontaofa a dhéanamh ar MFGManna tuairiscithe idir na seirbhísí éagsúla a ainmníodh chun an táille mhaoirseachta a chinneadh, i gcomhréir le hAirteagal 43(5)(b) de GSD. Thairis sin, thug sé údar le húsáid foinsí sonraí tríú páirtí ar bhonn chuspóir agus chineál éagsúil an nós imeachta chun táillí maoirseachta a chinneadh i gcomparáid leis an nós imeachta a bhaineann le VLOPanna agus VLOSEnna a ainmniú (féach aithris 37 den chinneadh atá faoi chonspóid). |
|
27 |
Ar deireadh, mar fhreagra ar an argóint a rinne an t‑iarratasóir i gcomhthéacs an nós imeachta as ar eascair glacadh an chinnidh atá faoi chonspóid, inar cháin sé nach ndearnadh foráil don mhodheolaíocht choiteann arna húsáid chun MFGM a ríomh i ngníomh tarmligthe, shonraigh an Coimisiún, inter alia, in aithris 40 den chinneadh atá faoi chonspóid, nár forchuireadh le hAirteagal 43(5) de GSD aon oibleagáid chuige sin air chun an táille mhaoirseachta a chinneadh nó, in éagmais gníomh tarmligthe, chun cinneadh na sonraí arna dtuairisciú ag soláthraithe seirbhíse faoi Airteagal 24(2) de GSD a bhunú. |
|
28 |
I ndáil leis sin, chuir sé in iúl, ina theannta sin, in aithris 41 den chinneadh atá faoi chonspóid, go raibh feidhmiú cumhachtaithe a deonaíodh faoi Airteagal 290 CFAE lánroghnach go ginearálta agus gur faoin gcúirt a bhí sé cinneadh a dhéanamh ar fheidhmigh sé a chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, ach amháin i gcás ina bhforchuirtear oibleagáid shoiléir, bheacht agus neamhchoinníollach uirthi le foráil de bhunghníomh reachtach gníomh tarmligthe sonrach a ghlacadh roimh dháta sonrach, rud nárbh amhlaidh i gcás an chumhachtaithe dá bhforáiltear in Airteagal 33(3) de GSD. Dúirt sí freisin nár leagadh síos leis an bhforáil sin ach go raibh an chumhacht aici gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun forálacha GSD a fhorlíonadh tríd an modheolaíocht a bhunú chun MFGM a ríomh. Mar chonclúid, mheabhraigh an Coimisiún, in aon chás, nach mór, chun gníomh tarmligthe a ghlacadh de bhun Airteagal 33(3) de GSD, dul i gcomhairle roimh ré leis an mBord Eorpach um Sheirbhísí Digiteacha, rud nach mbeadh bunaithe, áfach, roimh an 17 Feabhra 2024. |
|
29 |
Scrúdóidh an Chúirt an gceadaítear le GSD modheolaíocht choiteann a úsáid chun MFGM a ríomh sula ndéanfaidh sí measúnú, sa chás seo, ar sháraigh an Coimisiún Airteagal 43 den Rialachán sin trí mhodheolaíocht den sórt sin a ghlacadh i gcomhthéacs gníomh cur chun feidhme. |
|
30 |
Sa chéad áit, ní mór a lua nach gcuireann aon ní i GSD ná i Rialachán Tarmligthe 2023/1127 cosc ar an gCoimisiún modheolaíocht ar leith a leanúint chun MFGM a ríomh. Ina theannta sin, ba cheart a thabhairt faoi deara, mar atá déanta ag an gCoimisiún, nach iad MFGM i ndearbhthéarmaí gach seirbhíse ainmnithe an fachtóir ábhartha chun críocha chur i bhfeidhm Airteagal 43 de GSD, ach a luach coibhneasta i ndáil leis na seirbhísí ainmnithe eile. |
|
31 |
Sa chás seo, bhí an Coimisiún i dteideal amhras a chur ar chomhsheasmhacht fhoriomlán na modheaolaíochtaí chun MFGM a ríomh a úsáideann na soláthraithe éagsúla, go háirithe ós rud é nach raibh na sonraí aige ó chuid díobh. |
|
32 |
Dá bhrí sin, bhí údar maith le modheolaíocht choiteann a úsáid freisin ar mhaithe le trédhearcacht agus cóir chomhionann na soláthraithe sin, ós rud é, faoi Airteagal 43 de GSD, nach mór leithdháileadh na gcostas maoirseachta a bheith comhréireach le MFGM gach seirbhíse ainmnithe. |
|
33 |
Thairis sin, ós rud é gur léir ó fhoclaíocht an dara fomhír d’Airteagal 4(2) de Rialachán Tarmligthe 2023/1127 (féach mír 22 thuas) nach bhforchuirtear leis an Rialachán sin aon ordlathas idir na trí fhoinse faisnéise a luaitear, ós rud é go gcuirtear na foinsí sin i láthair go soiléir mar rogha mhalartach, níor ceanglaíodh ar an gCoimisiún, sa chás seo, tús áite a thabhairt do cheann acu ná neamhaird a dhéanamh de. Dá réir sin, bhí sé de cheart ag an gCoimisiún cinneadh a dhéanamh brath ar ‘aon fhaisnéis eile atá ar fáil [dó]’ de réir bhrí na forála thuasluaite. |
|
34 |
Sa dara háit, is léir ó scéim ghinearálta agus ó chuspóirí GSD nach mór an coincheap ‘MFGM’ a thuiscint ar bhealach aonfhoirmeach agus comhsheasmhach, gan beann ar chomhthéacs agus ar chuspóir a chur chun feidhme, rud a dhearbhaítear, thairis sin, le haithris 77 den Rialachán sin. Dá mbeadh sé ar intinn ag an reachtas foráil a dhéanamh maidir le córais dlí ar leithligh ag brath ar cibé an é an cuspóir a bhí le húsáid MFGM seirbhís a ainmniú mar VLOPanna nó VLOSEnna nó an táille mhaoirseachta a chinneadh, dhéanfadh sé foráil go sainráite dó i dtéarmaí soiléire agus beachta. |
|
35 |
Dá bhrí sin, cé go bhfuil an Coimisiún i dteideal modheolaíocht chomhchoiteann a ghlacadh chun MFGM a ríomh, ní féidir leis, áfach, grinnscrúdú a sheachaint ar an nós imeachta maidir le gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, dá bhforáiltear, inter alia, in Airteagal 87(4) agus (6) de GSD, tríd an modheolaíocht choiteann sin a cheangal le gach gníomh cur chun feidhme. |
|
36 |
I gcomhréir le hAirteagal 43(4) de GSD, ceanglaítear ar an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh lena leagtar síos, go mionsonraithe, an mhodheolaíocht agus na nósanna imeachta atá le húsáid chun táillí maoirseachta bliantúla aonair gach soláthraí a chinneadh agus, faoi Airteagal 43(5)(b) den Rialachán sin, ní mór na táillí sin a bheith comhréireach le MFGM gach VLOP nó gach VLOSE. |
|
37 |
Ina theannta sin, sonraítear in Airteagal 4 de Rialachán Tarmligthe 2023/1127 na rialacha mionsonraithe chun an méid bunúsach a chinneadh, i gcás gach seirbhíse, trí bhíthin foirmle ina bhfuil, inter alia, an chomhéifeacht (U), a gcomhfhreagraíonn a luach do MFGM gach seirbhíse lena mbaineann, gan, áfach, modheolaíocht a áireamh chun MFGM a ríomh mar sin féin. |
|
38 |
Ós rud é go raibh gá le MFGM a ríomh chun an táille mhaoirseachta i gcás gach seirbhíse faoi Airteagal 43(5)(b) de GSD a chinneadh, ríomh an Coimisiún í ar bhonn ‘modheolaíocht choiteann’, a bhí i gceangal mar sin féin leis an gcinneadh atá faoi chonspóid agus leis na gníomhartha cur chun feidhme atá dírithe ar sholáthraithe eile seirbhísí ainmnithe (féach aithris 32 den chinneadh atá faoi chonspóid). |
|
39 |
Cé gur fíor, mar a chuireann an Coimisiún in iúl, murab ionann agus Airteagal 33(3) de GSD, nach dtagraítear go sainráite in Airteagal 43 den Rialachán sin do ghníomh tarmligthe a ghlacadh chun an mhodheolaíocht chun MFGM a ríomh a bhunú, is amhlaidh fós go bhforchuirtear leis an Airteagal sin oibleagáid ar an gCoimisiún a áirithiú go bhfuil na táillí maoirseachta bliantúla comhréireach le MFGM gach seirbhíse ainmnithe agus go leagtar síos ann an mhodheolaíocht agus na nósanna imeachta atá le húsáid chun na táillí sin a chinneadh i gcomhthéacs gníomh tarmligthe seachas gníomh cur chun feidhme. |
|
40 |
I bhfocail eile, is léir ó léiriú comhthéacsúil agus córasach ar fhorálacha ábhartha GSD, cé nach dtagraítear go sainráite ann don mhodheolaíocht dá dtagraítear in Airteagal 33 de GSD, go gcruthaítear le hAirteagal 43 den Rialachán sin nasc sainráite idir an mhodheolaíocht chun na táillí maoirseachta bliantúla a chinneadh, nach féidir a shocrú ach amháin trí ghníomh tarmligthe a ghlacadh, agus MFGManna na seirbhísí ainmnithe nach mór na táillí a chinneadh ina n‑aghaidh. |
|
41 |
Dá bhrí sin, is gné dhílis de ríomh na táille maoirseachta í an mhodheolaíocht chun MFGM a chinneadh agus ní mór í a mheas mar ghné fhíor-riachtanach agus ríthábhachtach den táille mhaoirseachta. |
|
42 |
Sa tríú háit, maidir le hargóint an Choimisiúin go dtugtar mionsonraí leordhóthanacha sa dara fomhír d’Airteagal 4(2) de Rialachán Tarmligthe 2023/1127 maidir le ríomh MFGM, ní mór a mheas, mar a áitíonn an t‑iarratasóir, nach bhfuil níos mó sonraí san fhoráil sin maidir leis an ríomh sin ná na sonraí a sholáthraítear le GSD. Cé go bhfuil cuspóirí éagsúla ag an dara fomhír d’Airteagal 4(2) de Rialachán Tarmligthe 2023/1127 agus ag an abairt dheireanach den chéad fhomhír d’Airteagal 33(4) de GSD, faoi seach, eadhon MFGM a ríomh chun na táillí a chinneadh agus chun VLOPanna nó VLOSEnna a ainmniú, ní mór a mheas gurb ionann na foinsí faisnéise a léirítear sa dá fhoráil sin chun MFGM a fháil. |
|
43 |
Dá bhrí sin, ós rud é, mar a meabhraíodh i mír 41 thuas, gur eilimint fhíor-riachtanach agus ríthábhachtach é ríomh MFGM chun an táille a chinneadh, oibleagáid an Choimisiúin, a leagtar síos in Airteagal 43(4) de GSD, chun ‘go mionsonraithe’, i ngníomh tarmligthe, an mhodheolaíocht agus na nósanna imeachta chun na táillí a chinneadh a leagan síos, go hintuigthe ach go riachtanach, an oibleagáid gnéithe den mhodheolaíocht chun MFGM a ríomh a leagan síos i ngníomh den sórt sin, ar a laghad. |
|
44 |
In aon chás, ceanglaítear le hAirteagal 43(4) de GSD, go bunúsach, ar an gCoimisiún GSD a shonrú agus a chur in iúl go nithiúil trí shonraí nach bhfuil sainithe ag an reachtas a fhorbairt i ngníomh tarmligthe (féach, chuige sin agus de réir analaí, breithiúnas an 17 Márta 2016, an Pharlaimint v an Coimisiún, C‑286/14, EU:C:2016:183, mír 50). A mhéid, i Rialachán Tarmligthe 2023/1127, nach léiríonn an Coimisiún ach trí fhoinse faisnéise go ginearálta, eadhon na sonraí arna soláthar ag an soláthraí de bhun Airteagal 24(2) de GSD, an fhaisnéis a iarrtar faoi Airteagal 24(3) de GSD agus aon fhaisnéis eile atá ar fáil dó, ní féidir a mheas gur chomhlíon an Coimisiún Airteagal 43(4) de GSD. |
|
45 |
Ina theannta sin, trína dhearbhú, ag an éisteacht, nach mbeadh sé iomchuí modheolaíocht ró-mhionsonraithe a chur isteach chun MFGM a ríomh i ngníomh tarmligthe agus go mbeadh réiteach den sórt sin ‘fritorthúil’, ós rud é go mbeadh an baol ann nach mór an mhodheolaíocht sin a thabhairt cothrom le dáta ó bhliain amháin go dtí an chéad bhliain eile, go háirithe i bhfianaise réitigh nua mheastacháin, níor léirigh an Coimisiún ar an gcaighdeán dlíthiúil riachtanach an chaoi a bhfuil an mhodheolaíocht choiteann atá i gceangal leis an gcinneadh atá faoi chonspóid ró-mhionsonraithe i bhfianaise fhoclaíocht shoiléir agus bheacht Airteagal 43(4) de GSD. |
|
46 |
Thairis sin, tagann argóint den sórt sin salach freisin ar aithris 77 de GSD, ar dá réir, go ‘[bhf]éadfaidh forbairtí margaidh agus teicniúla tionchar a imirt ar [MFGM] agus, dá bhrí sin, ba cheart a thabhairt de chumhacht don Choimisiún forálacha an Rialacháin [sin] a fhorlíonadh trí ghníomhartha tarmligthe a ghlacadh lena leagtar síos an mhodheolaíocht chun faighteoirí gníomhacha ardáin ar líne nó innill cuardaigh ar líne a chinneadh’. |
|
47 |
Ina dhiaidh sin, ní féidir go n‑éireoidh leis an argóint a d’ardaigh an Coimisiún ag an éisteacht, ar dá réir a thugtar aghaidh ar ábhar imní a bhaineann le cosaint rún gnó agus sonraí rúnda tríú cuideachtaí a úsáidtear chun MFGM a ríomh leis an rogha gan faisnéis mhionsonraithe a áireamh i Rialachán Tarmligthe 2023/1127. Ar thaobh amháin, níor léirigh an Coimisiún conas a chosnaítear rúndacht sonraí áirithe níos mó i ngníomh cur chun feidhme amhail an cinneadh atá faoi chonspóid ná mar atá i ngníomh tarmligthe. Ar an taobh eile, ní mór a lua, in aon chás, nach n‑áirítear an fhaisnéis rúnda dá dtagraíonn an Coimisiún i Rialachán Tarmligthe 2023/1127 ná sa mhodheolaíocht choiteann atá i gceangal leis an gcinneadh atá faoi chonspóid, agus mar thoradh air sin nach mór diúltú don argóint sin. |
|
48 |
Sna himthosca sin, ós rud é gur gné fhíor-riachtanach den mhodheolaíocht chun an táille mhaoirseachta a chinneadh é MFGM agus gur coincheap é nach mór a thuiscint go haonfhoirmeach agus go comhsheasmhach ar fud GSD (féach mír 34 thuas), leanann sé ó Airteagal 43(3) de GSD, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 33(3) den Rialachán sin, gur sháraigh an Coimisiún, tríd an modheolaíocht a ghlacadh chun MFGM a ríomh i ngníomh cur chun feidhme seachas i ngníomh tarmligthe, Airteagal 43(3) go (5) agus Airteagal 87 de GSD. |
|
49 |
Ní féidir le hargóintí eile an Choimisiúin an chonclúid sin a thabhairt faoi cheist. |
|
50 |
Ar an gcéad dul síos, murab ionann agus an méid a mhaíonn an Coimisiún, ní féidir an mhodheolaíocht choiteann a bhí i gceangal leis an gcinneadh atá faoi chonspóid a mheas mar mhíniú réasúnaithe ar an gcaoi ar ríomhadh MFGM, ach, mar a léirítear i dteideal na hiarscríbhinne, fíor-mhodheolaíocht ríofa mhionsonraithe. |
|
51 |
Cé go bhféadfadh sé réasúnaíocht an Choimisiúin a thuiscint agus go bhfuil sé i gcoiteann ag gach soláthróir, mar a chuir an Coimisiún in iúl ag an éisteacht, is amhlaidh fós go bhfuil saintréithe doiciméid de chineál ginearálta ag modheolaíocht den sórt sin, de réir a foclaíochta, a inneachair agus a faid, a bhfuil sé beartaithe feidhm a bheith aici maidir le gach soláthróir, seachas díreach gné den ráiteas ar chúiseanna an chinnidh atá faoi chonspóid. |
|
52 |
Ar an dara dul síos, ba cheart a thabhairt faoi deara, ós rud é nach bhforáiltear le haon fhoráil de GSD ná de Rialachán Tarmligthe 2023/1127 do chumhachtú i bhfabhar an Choimisiúin an mhodheolaíocht agus na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 43(4) de GSD a fhorlíonadh nó a chur chun feidhme, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, nach bhfuil aon bhunús dlí ach oiread leis an modheolaíocht choiteann a ghabhann leis an gcinneadh atá faoi chonspóid. |
|
53 |
I bhfianaise na mbreithnithe go léir roimhe seo, ní mór seasamh leis an gcúigiú saincheist dlí agus, dá bhrí sin, ní mór an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní, gan é a bheith riachtanach scrúdú a dhéanamh ar na hargóintí, na gearáin nó na pléadálacha eile a d’ardaigh an t‑iarratasóir agus rialú a thabhairt ar an iarratas a rinne an t‑iarratasóir chun bearta eagrúcháin nós imeachta a ghlacadh. |
Éifeachtaí an chinnidh atá faoi chonspóid a choinneáil ar bun
|
54 |
Iarrann an Coimisiún ar an gCúirt, i gcás ina gcuireann sí Airteagal 5(2) nó (4) de Rialachán Tarmligthe 2023/1127 nó an cinneadh atá faoi chonspóid ar neamhní, éifeachtaí an Rialacháin sin nó an chinnidh atá faoi chonspóid a choinneáil ar bun go dtí go mbeidh na bearta is gá déanta ag an gCoimisiún chun na lochtanna atá i gceist a leigheas. Bheadh gá leis an bhfionraí sin, ós rud é go mbeadh tionchar ag neamhniú den sórt sin ar leibhéal na dtáillí is iníoctha agus a íocadh cheana féin, le haghaidh 2023, ag soláthraithe eile seirbhísí ainmnithe agus ar leibhéal foriomlán na n‑acmhainní atá ar fáil don Choimisiún agus a d’úsáid sé cheana féin chun a chúraimí maoirseachta a dhéanamh. |
|
55 |
Áitíonn an t‑iarratasóir nach bhfuil údar le teorainn ama a chur leis na héifeachtaí a bheadh ag aon neamhniú ar an gcinneadh atá faoi chonspóid amháin toisc go mbeadh éifeacht chúlghabhálach ag an mbreithiúnas atá le tabhairt maidir leis an táille mhaoirseachta a íocadh a aisíoc go dtí go nglacfaí cinneadh nua. Ina theannta sin, measann sí nach mbeidh aon éifeacht dhíreach ag an mbreithiúnas atá le tabhairt maidir le gníomhartha cur chun feidhme eile arna nglacadh ag an gCoimisiún. |
|
56 |
I gcomhréir le hAirteagal 264(1) CFAE, má tá bunús maith leis an gcaingean, ní mór don Chúirt Ghinearálta an gníomh a chonspóidtear a chur ar neamhní. |
|
57 |
Faoi Airteagal 266(1) CFAE, is faoin institiúid ar dearbhaíodh a gníomh a bheith ar neamhní na bearta is gá a dhéanamh chun an breithiúnas lena gcuirtear beart ar neamhní a chomhlíonadh. |
|
58 |
É sin ráite, faoin dara mír d’Airteagal 264 CFAE, féadfaidh Cúirteanna an Aontais Eorpaigh, má mheasann siad gur gá sin, éifeachtaí an ghnímh a dhearbhaigh sí a bheith ar neamhní atá le meas mar ghníomh cinntitheach a léiriú. I ndáil leis sin, is léir ón gcásdlí go gcuireann Cúirteanna an Aontais Eorpaigh san áireamh, agus an chumhacht a thugtar dóibh leis an bhforáil sin á feidhmiú acu, urramú phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla agus leasanna poiblí nó príobháideacha eile (féach breithiúnas an 25 Feabhra 2021, an Coimisiún v an tSualainn, C‑389/19 P, EU:C:2021:131, mír 72 agus an cásdlí dá dtagraítear; féach freisin, chuige sin, breithiúnas an 22 Nollaig 2008, Régie Networks, C‑333/07, EU:C:2008:764, mír 122). |
|
59 |
Dá bhrí sin, rinneadh an dara mír d’Airteagal 264 CFAE a léiriú, inter alia, sa chaoi go gceadaítear, ar chúiseanna deimhneachta dlíthiúla, ach freisin ar chúiseanna chun neamhleanúnachas nó cúlchéimniú i gcur chun feidhme na mbeartas arna seoladh nó arna dtacú ag an Aontas a sheachaint, éifeachtaí gnímh neamhnithe atá le coimeád ar feadh tréimhse réasúnta (féach, chuige sin agus de réir analaí, breithiúnas an 12 Feabhra 2025, de Volksbank v BRA (Ranníocaíochtaí ex ante 2018), T‑406/18, EU:T:2025:151, mír 104 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
60 |
Sa chás seo, cé go ndearnadh an cinneadh atá faoi chonspóid de shárú ar Airteagal 43(4) de GSD, mar is léir ó mhír 48 den bhreithiúnas seo, níor aimsigh an Chúirt, ar an taobh eile, aon earráid a rinne difear d’oibleagáid an iarratasóra féin an táille mhaoirseachta le haghaidh 2023 a íoc. |
|
61 |
Sna himthosca sin, d’fhéadfadh neamhniú an chinnidh atá faoi chonspóid, gan foráil a dhéanamh maidir lena éifeachtaí a choinneáil go dtí go gcuirfear cinneadh nua ina ionad, an bonn a bhaint de chur chun feidhme Airteagal 43 de GSD, lena bhforáiltear go ndéanfaidh an Coimisiún táille mhaoirseachta bhliantúil a thobhach ar sholáthraithe VLOPanna agus VLOSEnna, a gcumhdaíonn méid iomlán na costais arna dtabhú ag an gCoimisiún agus na cúraimí maoirseachta a chuireann GSD air á ndéanamh aige (féach, chuige sin agus de réir analaí, breithiúnas an 15 Iúil 2021, an Coimisiún v Landesbank Baden‑Württemberg agus BRA, C‑584/20 P agus C‑621/20 P, EU:C:2021:601, mír 177). Dá gceanglófaí ar an gCoimisiún méid tháille maoirseachta an iarratasóra agus méideanna tháillí na soláthraithe eile a aisíoc, le héifeacht láithreach, amhail iad siúd a thionscain caingean chomhchosúil bunaithe ar na pléadálacha céanna ar seasadh leo sa chaingean seo, cé go bhfanann na soláthraithe sin, i bprionsabal, faoi réir na hoibleagáide na táillí sin a íoc, bheadh an baol ann go mbainfí den Choimisiún na hacmhainní airgeadais is gá chun na cúraimí maoirseachta a chuireann GSD de chúram air a dhéanamh. |
|
62 |
Ina theannta sin, ba cheart a thabhairt faoi deara, i bhfianaise na gcúiseanna lena dtugtar údar le neamhniú an chinnidh atá faoi chonspóid, eadhon gur bhain an Coimisiún úsáid as modheolaíocht choiteann chun MFGM a ríomh trína iarscríbhinn a chur leis na gníomhartha cur chun feidhme, nach mbeidh an Coimisiún in ann cinneadh nua a ghlacadh lena bhforchuirtear íocaíocht na táille maoirseachta ar an iarratasóir, gan an mhodheolaíocht a bhunú ar dtús chun MFGM a ríomh trí bhíthin gníomh tarmligthe. Is faoin gCoimisiún atá sé, faoi Airteagal 266(1) CFAE, na tátail is gá a bhaint as neamhniú an chinnidh atá faoi chonspóid, ní hamháin tríd an gcuid oibríochtúil den bhreithiúnas seo a chur san áireamh ach freisin trí na forais arb iad a bhunús bunriachtanach iad, a mhéid is gá chun brí bheacht an mhéid a luaitear sa chuid oibríochtúil a chinneadh (féach, chuige sin, breithiúnais an 29 Samhain 2007, an Iodáil v an Coimisiún, C‑417/06 P, nár foilsíodh, EU:C:2007:733, mír 50 agus an cásdlí dá dtagraítear, agus an 14 Iúil 2016, an Laitvia v an Coimisiún, T‑661/14, EU:T:2016:412, mír 90). Dá bhrí sin, ní fhéadfaí cinneadh nua a dhéanamh lena mbunaítear an táille mhaoirseachta is infheidhme maidir le Facebook agus Instagram le haghaidh 2023, i gcás inarb iomchuí, ach amháin tar éis leasú a dhéanamh ar Rialachán Tarmligthe 2023/1127 nó tar éis gníomh tarmligthe nua a ghlacadh lena mbunaítear an mhodheolaíocht chun MFGM a ríomh, rud a d’fhéadfadh, mar atá faoi láthair, tionchar a bheith aige freisin, thairis sin, ar chinneadh na dtáillí maoirseachta sna gníomhartha cur chun feidhme a glacadh le haghaidh 2024. |
|
63 |
Dá bhrí sin, dá ndiúltófaí don iarraidh éifeachtaí an chinnidh atá faoi chonspóid a choinneáil ar bun, bheadh an baol ann go mbainfí an bonn den deimhneacht dhlíthiúil agus de chur chun feidhme cuí na gcúraimí maoirseachta a chuir GSD de chúram ar an gCoimisiún. |
|
64 |
Sna himthosca sin, ní mór éifeachtaí an chinnidh atá faoi chonspóid a choinneáil go dtí go ndéanfar na bearta is gá chun an breithiúnas seo a chomhlíonadh, laistigh de thréimhse réasúnta nach bhféadfaidh a bheith níos faide ná 12 mhí ón dáta a bheidh an breithiúnas seo críochnaitheach. |
Costais
|
65 |
Faoi Airteagal 134(1) de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta, ordaítear don pháirtí nár éirigh leis na costais a íoc má iarrtar iad i bpléadálacha an pháirtí ar éirigh leis. |
|
66 |
Ós rud é nár éirigh leis an gCoimisiún, ní mór a ordú dó na costais a íoc, i gcomhréir leis an ordú atá á lorg ag an iarratasóir. |
|
Ar na forais sin, rialaíonn AN CHÚIRT GHINEARÁLTA (an Chéad Dlísheomra Méadaithe) mar seo a leanas: |
|
|
|
|
Mastroianni Brkan Gâlea Tóth Valasidis Fógraíodh amhlaidh i gcúirt phoiblí i Lucsamburg, an.10 Meán Fómhair 2025 Sínithe |
( *1 ) Teanga an cháis: an Béarla.