Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62024TA0676

Cás T-676/24: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 10 Meitheamh 2026 – Iran Air v an Chomhairle (Comhbheartas eachtrach agus slándála – Bearta sriantacha arna nglacadh i bhfianaise thacaíocht mhíleata na hIaráine do chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus do ghrúpaí armtha agus eintitis sa Mheánoirthear agus i réigiún na Mara Rua – Aerárthaí gan foireann de dhéantús na hIaráine á n-aistriú chuig an Rúis ag aerlíne de chuid na hIaráine atá faoi úinéireacht stáit – Reo cistí – Liosta na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir reo cistí agus acmhainní eacnamaíocha – Ainm an iarratasóra a áireamh ar an liosta – Oibleagáid cúiseanna a lua – An ceart chun éisteacht a fháil – Earráid mheasúnaithe – Mí-úsáid cumhachtaí)

IO C, C/2026/3838, 27.7.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/3838/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/3838/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2026/3838

27.7.2026

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 10 Meitheamh 2026 – Iran Air v an Chomhairle

(Cás T-676/24)  (1)

(Comhbheartas eachtrach agus slándála - Bearta sriantacha arna nglacadh i bhfianaise thacaíocht mhíleata na hIaráine do chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus do ghrúpaí armtha agus eintitis sa Mheánoirthear agus i réigiún na Mara Rua - Aerárthaí gan foireann de dhéantús na hIaráine á n-aistriú chuig an Rúis ag aerlíne de chuid na hIaráine atá faoi úinéireacht stáit - Reo cistí - Liosta na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir reo cistí agus acmhainní eacnamaíocha - Ainm an iarratasóra a áireamh ar an liosta - Oibleagáid cúiseanna a lua - An ceart chun éisteacht a fháil - Earráid mheasúnaithe - Mí-úsáid cumhachtaí)

(C/2026/3838)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir: Iran Air – The Airline of the Islamic Republic of Iran (Iran Air) (ionadaithe: D. Rahimi Moghaddam, T. Wülfing, B. Knebel agus G. Horstmann-Wilke, Dlíodóirí)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: E. Kübler agus M. Di Gaetano, Gníomhairí)

Ábhar

Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí Cinneadh (CBES) 2024/2698 ón gComhairle an 14 Deireadh Fómhair 2024 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2023/1532 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise thacaíocht mhíleata na hIaráine do chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus do ghrúpaí armtha agus eintitis sa Mheánoirthear agus i réigiún na Mara Rua (IO L, 2024/2698), agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2697 ón gComhairle an 14 Deireadh Fómhair 2024 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2023/1529 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise thacaíocht mhíleata na hIaráine do chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus do ghrúpaí armtha agus eintitis sa Mheánoirthear agus i réigiún na Mara Rua (IO L, 2024/2697) ar neamhní, a mhéid a bhaineann na gníomhartha sin leis.

An chuid oibríochtúil

1.

Díbhtear an chaingean.

2.

Ordaítear do Iran Air – The Airline of the Islamic Republic of Iran (Iran Air) a chostais féin agus na costais arna dtabhú ag Comhairle an Aontais Eorpaigh a íoc, lena n-áirítear na costais sin a bhaineann leis na himeachtaí idirlinne.


(1)   IO C, C/2025/1542, 17.3.2025.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/3838/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top