Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62024TA0659

Cás T-659/24: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 17 Meitheamh 2026 – Bloom v an Coimisiún (An Comhbheartas Iascaigh – Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1382 – Maolú ar Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 a mhéid a bhaineann leis an toirmeasc ar iascaireacht le trealamh iascaireachta tarraingthe os cionn gnáthóga faoi chosaint le haghaidh na dtrálaer gangui a bhíonn ag iascaireacht in uiscí teorann áirithe de chuid na Fraince – Airteagal 4(1),(2),(4) agus (5) de Rialachán Uimh. 1967/2006 – An fhéidearthacht maolú ar an toirmeasc ar iascaireacht le trealamh iascaireachta tarraingthe i limistéar atá ainmnithe mar láithreán Natura 2000 chun gnáthóg amháin nó níos mó a chaomhnú atá faoi chosaint faoi Airteagal 4 de Rialachán Uimh. 1967/2006 – Airteagal 10(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 – Earráid dlí – Earráid fhollasach mheasúnaithe)

IO C, C/2026/3837, 27.7.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/3837/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/3837/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2026/3837

27.7.2026

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 17 Meitheamh 2026 – Bloom v an Coimisiún

(Cás T-659/24)  (1)

(An Comhbheartas Iascaigh - Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1382 - Maolú ar Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 a mhéid a bhaineann leis an toirmeasc ar iascaireacht le trealamh iascaireachta tarraingthe os cionn gnáthóga faoi chosaint le haghaidh na dtrálaer ‘gangui’ a bhíonn ag iascaireacht in uiscí teorann áirithe de chuid na Fraince - Airteagal 4(1),(2),(4) agus (5) de Rialachán Uimh. 1967/2006 - An fhéidearthacht maolú ar an toirmeasc ar iascaireacht le trealamh iascaireachta tarraingthe i limistéar atá ainmnithe mar láithreán Natura 2000 chun gnáthóg amháin nó níos mó a chaomhnú atá faoi chosaint faoi Airteagal 4 de Rialachán Uimh. 1967/2006 - Airteagal 10(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 - Earráid dlí - Earráid fhollasach mheasúnaithe)

(C/2026/3837)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: Bloom (Páras, an Fhrainc) (ionadaithe: F. Lafforgue agus H. Baron, Dlíodóirí)

Cosantóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: C. Calvo Langdon, F. Le Bot agus D. Milanowska, i gcáil Gníomhairí)

Idiragraí, mar thaca leis an gcosantóir: Poblacht na Fraince (ionadaithe: B. Travard agus P. Chansou, i gcáil Gníomhairí)

Ábhar

Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí ar neamhní cinneadh ón gCoimisiún Eorpach an 18 Deireadh Fómhair 2024 lenar dhiúltaigh sé dá iarraidh ar athbhreithniú inmheánach i ndáil le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1382 ón gCoimisiún an 23 Bealtaine 2024 lena gcuirtear síneadh leis an maolú ar Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an toirmeasc ar iascaireacht os cionn gnáthóga faoi chosaint, an fad íosta ón gcósta agus doimhneacht íosta na mara le haghaidh na dtrálaer ‘gangui’ a bhíonn ag iascaireacht in uiscí teorann áirithe de chuid na Fraince (Provence-Alpes-Côte d’Azur) (IO 2024/1382).

An chuid oibríochtúil

1)

Díbhtear an chaingean;

2)

Ordaítear do Bloom a chostais féin agus na costais arna dtabhú ag an gCoimisiún Eorpach a íoc.

3)

Ordaítear do Phoblacht na Fraince a costais féin a íoc.


(1)   IO C C/2025/1437, 10.3.2025.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/3837/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top