This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62024TA0601
Case T-601/24: Judgment of the General Court of 10 June 2026 – Ignatova v Council (Common foreign and security policy – Restrictive measures taken in respect of actions undermining or threatening the territorial integrity, sovereignty and independence of Ukraine – Freezing of funds and economic resources – List of persons, entities and bodies subject to the freezing of funds and economic resources – Maintenance of the applicant’s name on the list – Article 2(1)(g) of Decision 2014/145/CFSP – Article 3(1)(g) of Regulation (EU) No 269/2014 – Concept of immediate family member – Concept of benefiting from leading businesspersons operating in Russia)
Cás T-601/24: Breithiúnas na Cúirt Ginearálta an 10 Meitheamh 2026 – Ignatova v an Chomhairle (An comhbheartas eachtrach agus slándála – Bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin – Reo sócmhainní agus acmhainní eacnamaíocha – Liosta na ndaoine, na n-eintiteas, agus na gcomhlachtaí atá faoi réir ag reo na gcistí agus na n-acmhainní eacnamaíocha – Ainm an iarratasóra a choinneáil ar an liosta – Airteagal 2(1)(g) de Chinneadh 2014/145/CBES – Airteagal 3(1)(g) de Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 – An coincheap ball neasteaghlaigh – An coincheap tairbhe a bhaintear as príomhphearsa ghnó a bhíonn ag feidhmiú sa Rúis)
Cás T-601/24: Breithiúnas na Cúirt Ginearálta an 10 Meitheamh 2026 – Ignatova v an Chomhairle (An comhbheartas eachtrach agus slándála – Bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin – Reo sócmhainní agus acmhainní eacnamaíocha – Liosta na ndaoine, na n-eintiteas, agus na gcomhlachtaí atá faoi réir ag reo na gcistí agus na n-acmhainní eacnamaíocha – Ainm an iarratasóra a choinneáil ar an liosta – Airteagal 2(1)(g) de Chinneadh 2014/145/CBES – Airteagal 3(1)(g) de Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 – An coincheap ball neasteaghlaigh – An coincheap tairbhe a bhaintear as príomhphearsa ghnó a bhíonn ag feidhmiú sa Rúis)
IO C, C/2026/3834, 27.7.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/3834/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2026/3834 |
27.7.2026 |
Breithiúnas na Cúirt Ginearálta an 10 Meitheamh 2026 – Ignatova v an Chomhairle
(Cás T-601/24) (1)
(An comhbheartas eachtrach agus slándála - Bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin - Reo sócmhainní agus acmhainní eacnamaíocha - Liosta na ndaoine, na n-eintiteas, agus na gcomhlachtaí atá faoi réir ag reo na gcistí agus na n-acmhainní eacnamaíocha - Ainm an iarratasóra a choinneáil ar an liosta - Airteagal 2(1)(g) de Chinneadh 2014/145/CBES - Airteagal 3(1)(g) de Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 - An coincheap ‘ball neasteaghlaigh’ - An coincheap ‘tairbhe a bhaintear as príomhphearsa ghnó a bhíonn ag feidhmiú sa Rúis’)
(C/2026/3834)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Anastasia Ignatova (Moscó, an Rúis) (ionadaí: C. Zatschler, Dlíodóir)
Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: A. Limonet, A. Antoniadis agus L. Berger, Gníomhairí)
Ábhar
Lena caingean, iarrann an t-iarratasóir, de bhun Airteagal 263 CFAE, ar an gcéad dul síos, Cinneadh (CBES) 2024/2456 ón gComhairle an 12 Meán Fómhair 2024 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO L, 2024/2456) a chur ar neamhní, ar an dara dul síos, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 2024/2455 an 12 Meán Fómhair 2024 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO L, 2024/2455) a chur ar neamhní, agus ar an tríú dul síos Cinneadh (CBES) 2025/528 ón gComhairle an 14 Márta 2025 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO L, 2025/528) a chur ar neamhní, ar an gceathrú dul síos, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/527 ón gComhairle an 14 Márta 2025 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO L, 2025/527) a chur ar neamhní, ar an gcúigiú dul síos, Cinneadh(CBES) 2025/1895 ón gComhairle an 12 Meán Fómhair 2025 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO L, 2025/1894) a chur ar neamhní, ar an séú dul síos, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1894 ón gComhaire an 12 Meán Fómhair 2025 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin a chur ar neamhní,, a mhéid a bhaineann na gníomhartha sin leis.
An chuid oibríochtúil
|
1) |
Díbhtear an chaingean. |
|
2) |
Ordaítear do Anastasia Ignatova na costais a íoc. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/3834/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)