Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62024TA0481

Cás T-481/24: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 10 Nollaig 2025 – Savencia v EUIPO – Hofmeister (Cruth cáise) (Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí freasúra – Clárú idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas Eorpach – Marc tríthoiseach i gcruth cáise – Marcanna náisiúnta tríthoiseacha níos luaithe – Foras coibhneasta le diúltú – Dóchúlacht mearbhaill – Measúnú foriomlán ar an dóchúlacht mearbhaill – Sainiúlacht an mhairc níos luaithe – Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001)

IO C, C/2026/643, 9.2.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/643/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/643/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2026/643

9.2.2026

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 10 Nollaig 2025 – Savencia v EUIPO – Hofmeister (Cruth cáise)

(Cás T-481/24)  (1)

(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí freasúra - Clárú idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas Eorpach - Marc tríthoiseach i gcruth cáise - Marcanna náisiúnta tríthoiseacha níos luaithe - Foras coibhneasta le diúltú - Dóchúlacht mearbhaill - Measúnú foriomlán ar an dóchúlacht mearbhaill - Sainiúlacht an mhairc níos luaithe - Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001)

(C/2026/643)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir: Savencia SA (Viroflay, an Fhrainc) (ionadaithe: G. Brox, F. Hagemann agus A. Berger, Dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: T. Klee, Gníomhaire)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO, ag idiragairt os comhair na Cúirte Ginearálta: Hofmeister Vermögensverwaltungs GmbH & Co. KG (Lauben, an Ghearmáin) (ionadaí: F. Pfefferkorn, Dlíodóir)

Ábhar

Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfaí an cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 8 Iúil 2024 (Cásanna Uamtha R 1920/2022-5 agus R 1941/2022-5) a chur ar neamhní agus a athrú.

An chuid oibríochtúil

1)

Cuirtear an cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 8 Iúil 2024 (Cásanna Uamtha R 1920/2022-5 agus R 1941/2022-5) ar neamhní.

2)

Diúltaítear don chuid eile den chaingean.

3)

Ordaítear do EUIPO a chostais féin agus na costais arna dtabhú ag Savencia SA chun críocha na n-imeachtaí os comhair na Cúirte Ginearálta a íoc.

4)

Ordaítear do Hofmeister Vermögensverwaltungs GmbH & Co. KG a chostais féin arna dtabhú le linn na n-imeachtaí os comhair na Cúirte Ginearálta a íoc.


(1)   IO C, C/2024/6447, 4.11.2024.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/643/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top