This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62024TA0386
Case T-386/24: Judgment of the General Court of 9 July 2025 – Mhana v Council (Common foreign and security policy – Restrictive measures adopted in view of the situation in Syria – Freezing of funds – Restrictions on entry into the territories of the Member States – Lists of persons, entities and bodies subject to the freezing of funds and economic resources and subject to restrictions on entry into the territory of the Member States – Maintenance of the applicant’s name on the lists – Family membership criterion – Article 27(2)(b) and Article 28(2)(b) of Decision 2013/255/CFSP – Rights of the defence – Error of assessment – Proportionality – Right to property – Non-contractual liability)
Cás T-386/24: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 9 Iúil 2025 – Mhana v an Chomhairle ( Comhbheartas eachtrach agus slándála – Bearta sriantacha arna nglacadh mar gheall ar an staid sa tSiria – Reo cistí – Srian ar dul isteach i gcríoch na mBallstát – Liosta na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí lena mbaineann reo na gcistí agus na n-acmhainní eacnamaíocha nó atá faoi réir srianta ar ligean isteach ar chríoch na mBallstát – Ainm an iarratasóra a choinneáil ar na liostaí – Critéar na ballraíochta teaghlaigh – Airteagal 27(2)(b) agus Airteagal 28(2)(b) de Chinneadh 2013/255/CBES – Cearta na cosanta – Earráid mheasúnaithe – Prionsabal na comhréireachta – Ceart maoine – Dliteanas neamhchonarthach )

IO C, C/2025/4776, 8.9.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/4776/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/4776 |
8.9.2025 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 9 Iúil 2025 – Mhana v an Chomhairle
(Cás T-386/24) (1)
(Comhbheartas eachtrach agus slándála - Bearta sriantacha arna nglacadh mar gheall ar an staid sa tSiria - Reo cistí - Srian ar dul isteach i gcríoch na mBallstát - Liosta na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí lena mbaineann reo na gcistí agus na n-acmhainní eacnamaíocha nó atá faoi réir srianta ar ligean isteach ar chríoch na mBallstát - Ainm an iarratasóra a choinneáil ar na liostaí - Critéar na ‘ballraíochta teaghlaigh’ - Airteagal 27(2)(b) agus Airteagal 28(2)(b) de Chinneadh 2013/255/CBES - Cearta na cosanta - Earráid mheasúnaithe - Prionsabal na comhréireachta - Ceart maoine - Dliteanas neamhchonarthach)
(C/2025/4776)
Teanga an cháis: an Fhraincis
Páirtithe
Iarratasóir: Ghada Mhana (an Damaisc, an tSiria) (ionadaí: G. Karouni, Dlíodóir)
Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: A. Limonet agus L. Raab, Gníomhairí)
Ábhar
Lena caingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí, ar thaobh amháin, Cinneadh (CBES) 2024/1510 ón gComhairle an 27 Bealtaine 2024 lena leasaítear Cinneadh 2013/255/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria (IO L, 2024/1510), agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1517 ón gComhairle an 27 Bealtaine 2024 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria (IO L, 2024/1517) ar neamhní, a mhéid a bhaineann na gníomhartha sin léi agus, ar an taobh eile, de bhun Airteagal 268 CFAE, cúiteamh as an damáiste a d’fhulaing sí mar thoradh ar ghlacadh na ngníomhartha sin.
An chuid oibríochtúil
|
1) |
Díbhtear an chaingean. |
|
2) |
Ordaítear do Ghada Mhana na costais a íoc. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/4776/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)