Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62024TA0037

Cás T-37/24: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 17 Nollaig 2025 – CB v an Coimisiún (Seirbhís shibhialta – Oifigigh – Earcaíocht – Comórtas oscailte EPSO/AST/150/21 – Cinneadh gan ainm an iarratasóra a chur ar an liosta ionadaithe – Cóir chomhionann)

IO C, C/2026/798, 16.2.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/798/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/798/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2026/798

16.2.2026

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 17 Nollaig 2025 – CB v an Coimisiún

(Cás T-37/24)  (1)

(Seirbhís shibhialta - Oifigigh - Earcaíocht - Comórtas oscailte EPSO/AST/150/21 - Cinneadh gan ainm an iarratasóra a chur ar an liosta ionadaithe - Cóir chomhionann)

(C/2026/798)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: CB (ionadaí: N. de Montigny, Dlíodóir)

Cosantóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: K. Talabér-Ritz agus I. Melo Sampaio, i gcáil Gníomhairí)

Ábhar

Lena caingean de bhun Airteagal 270 CFAE, iarrann an t-iarratasóir, CB, go ndéanfaí cinneadh an 12 Bealtaine 2023 lenar dhiúltaigh bord roghnúcháin i gcomórtas oscailte EPSO/AST/150/21, tar éis athbhreithniú a dhéanamh, a ainm a chur ar an liosta ionadaithe atá beartaithe chun teicneoirí ag Grád AST 3 i réimse 3 a earcú, dar teideal ‘teicneoirí saotharlainne’, a chur ar neamhní.

An chuid oibríochtúil

1)

Déantar cinneadh an 12 Bealtaine 2023, lenar dhiúltaigh an bord roghnúcháin i gcomórtas oscailte EPSO/AST/150/21, tar éis athbhreithniú a dhéanamh, ainm CB a chur ar an liosta ionadaithe atá beartaithe chun teicneoirí ag Grád AST 3 i réimse 3 a earcú, dar teideal ‘teicneoirí saotharlainne’, a chur ar neamhní.

2)

Díbhtear an chuid eile den chaingean.

3)

Ordaítear don Choimisiún Eorpach na costais a íoc.


(1)   IO C, C/2024/1881, 11.3.2024.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/798/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top