Ce document est extrait du site web EUR-Lex
Document 62024CN0858
Case C-858/24 P: Appeal brought on 12 December 2024 by VC against the judgment of the General Court (Fourth Chamber, Extended Composition) delivered on 2 October 2024 in Case T-126/23, VC v EU-OSHA
Cás C-858/24 P: Achomharc arna thabhairt an 12 Nollaig 2024 ag VC i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Ceathrú Dlísheomra Méadaithe) a tugadh an 2 Deireadh Fómhair 2024 i gCás T-126/23, VC v EU-OSHA
Cás C-858/24 P: Achomharc arna thabhairt an 12 Nollaig 2024 ag VC i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Ceathrú Dlísheomra Méadaithe) a tugadh an 2 Deireadh Fómhair 2024 i gCás T-126/23, VC v EU-OSHA
IO C, C/2025/2508, 12.5.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/2508/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/2508 |
12.5.2025 |
Achomharc arna thabhairt an 12 Nollaig 2024 ag VC i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Ceathrú Dlísheomra Méadaithe) a tugadh an 2 Deireadh Fómhair 2024 i gCás T-126/23, VC v EU-OSHA
(Cás C-858/24 P)
(C/2025/2508)
Teanga an cháis: an Spáinnis
Páirtithe
Achomharcóir: VC (ionadaí: J.M. Rodríguez Cárcamo agus S. Centeno Huerta, Dlíodóirí)
Páirtí eile sna himeachtaí: an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-achomharcóir ar an gCúirt:
|
— |
seasamh leis an gcéad fhoras achomhairc agus, dá bhrí sin, an breithiúnas atá faoi achomharc agus an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní ina n-iomláine; |
|
— |
i gcás nach seastar leis an gcéad fhoras achomhairc, seasamh leis an tríú foras achomhairc agus, dá bhrí sin, an breithiúnas atá faoi achomharc agus Airteagal 4 den chinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní; |
|
— |
i gcás nach seastar leis an gcéad fhoras achomhairc nó leis an tríú foras achomhairc, seasamh leis an dara foras achomhairc agus, dá bhrí sin, an breithiúnas atá faoi achomharc a chur ar neamhní ina iomláine agus an cás a tharchur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta; agus |
|
— |
i gcás ina seastar le haon cheann de na forais thuas, a ordú do EU-OSHA na costais a íoc. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
An chéad fhoras achomhairc
Déanann VC gearán go ndearnadh earráid sa léiriú ar Airteagal 136(1) agus (2) den Rialachán Airgeadais (1) sa bhreithiúnas atá faoi achomharc, i bhfianaise a fhoclaíochta, a staire reachtaí, a chomhthéacs agus a chuspóra, i gcás ina sonraíonn sé, mura bhfuil aon bhreithiúnas críochnaitheach ná cinneadh críochnaitheach ann, nach bhfuil údarás an Aontais faoi cheangal ag cinntí riaracháin nó breithiúnacha a dhéantar ar an leibhéal náisiúnta.
Thairis sin, tá an léiriú ar Airteagal 136(1) agus (2) den Rialachán Airgeadais, a chuir VC ar aghaidh sa chéad fhoras achomhairc, ceart i bhfianaise phrionsabail an chomhraic chomhordaithe i gcoinne na calaoise (Airteagal 325 CFAE), an chomhair dhílis idir na húdaráis (Airteagal 4(3) CAE), na cosanta breithiúnaí éifeachtaí (Airteagal 47 den Chairt) agus an smachta reachta (Airteagal 19(1) CAE).
An dara foras achomhairc
Déanann VC gearán gur sháraigh an breithiúnas atá faoi achomharc Airteagal 143(9) den Rialachán Airgeadais maidir leis an athbhreithniú ar bhearta feabhais, ar an bhforas nach bhfuil dlínse neamhtheoranta ag an gCúirt Ghinearálta an scrúdú sin a dhéanamh, ar an gcéad dul síos, toisc go bhfuil an scrúdú ar bhearta feabhais mar chuid den mheasúnú ar an iompar agus ní den mheasúnú ar an bpionós agus, ar an dara dul síos, toisc nach bhfuil an t-iompar teoranta don sárú arna bhunú ag an údarás náisiúnta agus na heilimintí a chomhdhéanann é, ach go n-áirítear ann eilimintí eile ina dhiaidh sin.
Mar sin féin, sainmhínítear in Airteagal 136(1)(c)(ii) den Rialachán Airgeadais an t-iompar as a n-eascraíonn an cinneadh maidir le heisiamh gan na bearta feabhais nach cuid den sárú iad a lua ach a fhágann gur féidir forchur an phionóis a sheachaint. Thairis sin, ní hionann easpa beart feabhais agus mí-iompar gairmiúil a bheith ann nó atarlú agus, dá bhrí sin, ní sárú ná iompar ciontach é.
An tríú foras achomhairc
Déanann VC gearán gur bhain an breithiúnas atá faoi achomharc míbhrí as Airteagal 140 den Rialachán Airgeadais maidir le foilsiú chinneadh EU-OSHA (Airteagal 4) ós rud é, ar an gcéad dul síos, nach gné dhílis de thromchúis an iompair é an gá le héifeacht dhíspreagthach an eisiaimh a threisiú agus, ar an dara dul síos, nach bhfuil an damáiste do chlú an achomharcóra ina dhlúthchuid d’fhoilsiú an eisiaimh.
(1) Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012) (IO 2018, L 193, lch. 1).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/2508/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)