This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62024CN0806
Case C-806/24, YETTEL BULGARIA: Request for a preliminary ruling from the Sofiyski rayonen sad (Bulgaria) lodged on 25 November 2024 – YETTEL BULGARIA EAD v FB
Cás C-806/24, YETTEL BULGARIA: Iarraidh ar réamhrialú ón Sofiyski rayonen sad (an Bhulgáir) a taisceadh an 25 Samhain 2024 – YETTEL BULGARIA EAD v FB
Cás C-806/24, YETTEL BULGARIA: Iarraidh ar réamhrialú ón Sofiyski rayonen sad (an Bhulgáir) a taisceadh an 25 Samhain 2024 – YETTEL BULGARIA EAD v FB
IO C, C/2025/1080, 24.2.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/1080/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/1080 |
24.2.2025 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Sofiyski rayonen sad (an Bhulgáir) a taisceadh an 25 Samhain 2024 – ‘YETTEL BULGARIA’ EAD v FB
(Cás C-806/24, YETTEL BULGARIA)
(C/2025/1080)
Teanga an cháis: an Bhulgáiris
An chúirt a rinne an tarchur
Sofiyski rayonen sad
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: ‘YETTEL BULGARIA’ EAD
Cosantóir: FB
Na ceisteanna a tharchuirtear
|
1. |
An bhfuil Airteagal 86(1) de Rialachán (AE) 2024/1689 (1) le léiriú sa chaoi go bhfuil sé de cheart ag an tomhaltóir, de réir bhrí Threoracha 2011/83/AE (2) agus 93/113/CEE (3) eolas a fháil ón soláthraí seirbhíse faoin mbealach ina ndearnadh cinntí uathoibrithe (sonraisc) a ghiniúint agus cad iad na heilimintí [agus] na paraiméadair a úsáideadh chuige sin, ar bhonn sonraí a bhailigh an trádálaí go huathoibríoch i gcomhthéacs conradh le haghaidh seirbhísí teileachumarsáide móibílí a sholáthar? An bhfuil Airteagal 86(1) de Rialachán (AE) 2024/1689, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 38 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh le léiriú sa chaoi go bhfuil sé de cheart ag an tomhaltóir eolas a fháil amach ón soláthraí seirbhíse cén t-algartam lena ríomhtar na sonraisc arna nginiúint go huathoibríoch [...] agus cad iad na heilimintí agus na paraiméadair a chuirtear isteach ann? An bhfuil Airteagal 86(1) de Rialachán (AE) 2024/1689 le léiriú sa chaoi go bhfuil feidhm aige maidir le conarthaí tomhaltóra? |
|
2. |
An bhfuil Airteagail 6(1) agus 7(1) de Threoir 93/13/CEE le léiriú sa chaoi go bhfuil feidhm acu maidir le gníomhaíocht atá bunaithe ar intleacht shaorga [nó] cinntí uathoibrithe de réir bhrí Airteagal 86 de Rialachán (AE) 2024/1689? |
|
3. |
An bhfuil Airteagal 3(1) de Threoir 2011/83/AE le léiriú sa chaoi go bhfuil feidhm ag cosaint ceart tomhaltóirí i dtaca le córais a úsáideann intleacht shaorga agus a ghineann cinntí uathoibrithe de réir bhrí Rialachán (AE) 2024/1689? |
|
4. |
An bhfuil Airteagal 86(1) de Rialachán (AE) 2024/1689, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 38 den Chairt, agus le prionsabal na héifeachtachta arna léiriú in Airteagail 6(1) agus 7(1) de Threoir 2011/83/AE, le léiriú sa chaoi go gceadaítear don chúirt na sonraí ‘bosca dubh’, an cód foinseach agus an t-algartam a bhaineann leis an gcaoi ina ndéantar cinntí uathoibrithe faoin gconradh tomhaltóra a éileamh ón trádálaí? |
|
5. |
An bhfuil Airteagal 86(1) de Rialachán (AE) 2024/1689, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 38 den Chairt, agus le Treoir 2011/83/AE, le léiriú sa chaoi go gceadaítear le cinneadh uathoibrithe arna ghiniúint ag trádálaí faoi chonradh le tomhaltóir le haghaidh seirbhísí teileachumarsáide móibílí go ndéanfaidh duine daonna, breitheamh, le linn fíorimeachtaí breithiúnacha, athbhreithniú ar an gcinneadh? An bhfuil na forálacha sin le léiriú sa chaoi go bhfuil cinntí uathoibrithe faoi réir athbhreithniú daonna ag breitheamh i bhfíorimeachtaí breithiúnacha? |
|
6. |
An bhfuil aithrisí 7 agus 8 agus Airteagal 95(2)(a) de Rialachán (AE) 2024/1689 den Ghníomh maidir le Intleacht Shaorga – agus Treoir 2011/83/AE le léiriú sa chaoi, i gcás ina n-oibrítear agus ina n-úsáidtear córas cinnteoireachta uathoibrithe i gconradh tomhaltóra, go gcaithfidh dlíodóirí nó ardoifigigh bhreithiúnacha a bhfuil ardchaighdeáin mhórálta agus eiticiúla acu a bheith rannpháirteach chun córas faisnéise thrédhearcach, éifeachtach atá dírithe ar an duine lena gcuirtear cearta cosanta san áireamh a áirithiú? |
|
7. |
An bhfuil Airteagal 3(1) de Threoir 93/13/CEE agus pointe 1(e) den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir sin le léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc ar thrádálaí cúiteamh a shonrascadh as conradh a fhoirceannadh i gcás inar foirceannadh an conradh ar fhorais neamhíocaíocht ar thaobh an tomhaltóra ach go gcuirfear ar ais é, agus go gcuirfear na seirbhísí teileachumarsáide móibílí ar fáil in athuair, ar íocaíocht a fháil ina dhiaidh sin? |
|
8. |
An bhfuil [an frása] ‘mainneachtain oibleagáid a chomhlíonadh’ de réir bhrí phointe 1(e) den Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 93/13/CEE le léiriú sa chaoi go dtagraíonn sé do neamhíocaíocht méideanna, a gineadh trí chóras uathoibrithe agus a fhreagraíonn do chinnteoireacht uathoibrithe, i gcás nár cuireadh an tomhaltóir ar an eolas faoin gcaoi inar ríomhadh na méideanna? |
|
9. |
An bhfuil Airteagal 5(1)(a) agus (c) de Threoir 2011/83/AE agus Airteagal 5(1) de Threoir 93/13/CEE le léiriú sa chaoi go bhfuil feidhm ag an gceanglas maidir le friotal ‘simplí, intuigthe’ nó ‘soiléir agus sothuigthe’ freisin maidir le conarthaí, iarscríbhinní agus sonraisc ina dhiaidh sin a eascraíonn as conradh tomhaltóra agus arna nginiúint ag intleacht shaorga nó córas eile uathoibrithe gan idirghabháil ón duine (ADM)? |
|
10. |
An bhfuil Airteagal 5(1) de Threoir 93/13/CEE agus Airteagal 86(1) de Rialachán (AE) 2024/1689 le léiriú sa chaoi nach mór sonraisc arna nginiúint go huathoibríoch de bhun conradh tomhaltóra a scríobh i bhfriotal simplí intuigthe agus go bhfuil sé de cheart ag an tomhaltóir míniú a éileamh ón trádálaí faoin gcaoi ina ndearnadh an cinneadh agus cén t-algartam a úsáideadh chuige sin? |
|
11. |
An bhfuil Airteagal 5(1)(c) de Threoir 2011/83/AE (‘an Treoir maidir le Cearta Tomhaltóirí) agus Airteagal 3(1) de Threoir 93/13/CEE le léiriú sa chaoi nach gcuirtear cosc ar thradálaí ó shuim a ríomh mar chúiteamh ar chonradh a fhoirceannadh (ar fhorais neamhíocaíocht faoin gconradh) ar bhonn táille chaighdeánach don síntiús míosúil agus ní ar bhonn na táille promóisin don síntiús, cé gur aontaigh na páirtithe go n-íocfaí an táille promóisin don síntiús go dtí deireadh an chonartha agus nach raibh an trádálaí féin ag iarraidh conradh a chur i gcrích le táille caighdeánach don síntiús? |
|
12. |
An bhfuil [an frása] ‘suim cúitimh atá ard ar shlí dhíréireach’, de réir bhrí phointe 1(e) den Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 93/13/CEE le léiriú sa chaoi go seasann sé don difríocht idir an táille phromóisin don síntiús agus an táille chaighdeánach don síntiús míosúil i gconradh, arna ríomh le haghaidh líon na míonna atá ann go dtí deireadh théarma an chonartha foirceanta [mar a comhaontaíodh ar dtús]? |
|
13. |
An bhfuil Airteagal 3(1) de Threoir 93/13/CEE le léiriú sa chaoi nach gceadaítear do thrádálaí méideanna a ríomh le haghaidh codanna de thréimhsí cuntasaíochta i gcás inar chomhaontaigh na páirtithe méideanna arna ríomh faoin gconradh le haghaidh tréimhsí cuntasaíochta iomlána? |
|
14. |
An bhfuil Airteagal 6(1) agus 7(1) de Threoir 93/13/CEE agus prionsabal na héifeachtachta le léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc ar reachtaíocht náisiúnta faoina bhféadfar a ordú do thomhaltóir costais na n-imeachtaí a íoc i gcás [...] nár mhínigh an trádálaí don chustaiméar ar bhealach soiléir [agus] sothuigthe conas a rinneadh an cinneadh uathoibrithe agus cén t-algartam a úsáideadh chuige sin agus nár thug an trádálaí an míniú ach i gcúrsa na n-imeachtaí breithiúnacha arna dtabhairt i gcoinne an tomhaltóra ar fhorais neamhíocaíocht méideanna atá dlite faoin gconradh? |
|
15. |
An bhfuil Airteagal 5(1)(a) de Threoir 2011/83/AE le léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc ar oibreoir teileachumarsáide móibílí suim a éileamh mar chúiteamh le haghaidh conradh a foirceannadh go luath ar fhorais neamhíocaíocht ar thaobh an tomhaltóra atá bunaithe ar tháille chaighdeánach don síntiús míosúil cé gur chomhaontaigh an trádálaí agus an tomhaltóir táille promóisin don síntiús míosúil (níos ísle) le haghaidh théarma an chonartha? |
|
16. |
An bhfuil Airteagal 5(1)(a) agus (c) de Threoir 2011/83/AE le léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc ar oibreoir teileachumarsáide móibílí ó shuim a éileamh mar chúiteamh ar chonradh a foirceannadh go luath ar fhorais neamhíocaíocht ar thaobh an tomhaltóra, lena n-áirítear an difear idir an táille chaighdeánach don síntiús míosúil agus an táille promóisin don síntiús míosúil ó thráth fhoirceannadh [an chonartha go dtí deireadh an téarma chomhaontaithe]? |
|
17. |
An bhfuil Airteagal 5(1)(a) agus (c) de Threoir 2011/83/AE le léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc ar oibreoir teileachumarsáide móibílí suim a éileamh mar chúiteamh le haghaidh laethanta [aonair], cé gur aontaigh na páirtithe táille mhíosúil don síntiús mar chúiteamh? An gceadaítear do thrádálaí suim a éileamh mar chúiteamh bunaithe ar tháille mhíosúil don síntiús le haghaidh laethanta [aonair] seachas le haghaidh míosa? |
(1) Rialachán (AE) 2024/1689 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir leis an intleacht shaorga agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 300/2008, (AE) Uimh. 167/2013, (AE) Uimh. 168/2013, (AE) 2018/858, (AE) 2018/1139 agus (AE) 2019/2144 agus Treoracha 2014/90/AE, (AE) 2016/797 agus (AE) 2020/1828 (an Gníomh um an Intleacht Shaorga) (IO L 2024/1689).
(2) Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le cearta tomhaltóirí, lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 85/577/CEE ón gComhairle agus Treoir 97/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO 2011 L 304, lch. 64).
(3) Treoir 93/13/EEC ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra (IO 1993 L 95, lch. 29).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/1080/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)