This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62024CN0622
Case C-622/24 P: Appeal brought on 20 September 2024 by VT against the judgment of the General Court (Fourth Chamber) delivered on 10 July 2024 in Case T-216/23, VT v Commission
Cás C-622/24 P: Achomharc arna thabhairt an 20 Meán Fómhair 2024 ag VT i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Ceathrú Dlísheomra) a fógraíodh an 10 Iúil 2024, i gCás T-216/23, VT v an Coimisiún
Cás C-622/24 P: Achomharc arna thabhairt an 20 Meán Fómhair 2024 ag VT i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Ceathrú Dlísheomra) a fógraíodh an 10 Iúil 2024, i gCás T-216/23, VT v an Coimisiún
IO C, C/2025/243, 20.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/243/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
![]() |
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
C/2025/243 |
20.1.2025 |
Achomharc arna thabhairt an 20 Meán Fómhair 2024 ag VT i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Ceathrú Dlísheomra) a fógraíodh an 10 Iúil 2024, i gCás T-216/23, VT v an Coimisiún
(Cás C-622/24 P)
(C/2025/243)
Teanga an cháis: an Iodáilis
Páirtithe
Achomharcóir: VT (ionadaí: M. Velardo, avvocata)
Páirtí eile sna himeachtaí: An Coimisiún Eorpach
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-achomharcóir ar an gCúirt:
— |
breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 10 Iúil 2024 i gCás T-216/23, VT v an Coimisiún a chur ar neamhní; |
— |
seasamh leis an iarratas ag an gcéad chéim agus an dara céim; |
— |
a ordú don Choimisiún costais na n-imeachtaí ag an gcéad chéim agus ag an dara céim a íoc. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca lena achomharc, maíonn an t-achomharcóir, go bunúsach, dhá shaincheist dlí.
Leis an gcéad saincheist dlí, líomhnaíonn an t-achomharcóir go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí toisc nár chinn sí gur sáraíodh prionsabal na córa comhionainne d’iarrthóirí i gcomórtas.
Mheas an Chúirt Ghinearálta go mícheart nach sárú ar an bprionsabal sin é athdhéanamh na dtrialacha de rogha na n-iarrthóirí agus beag beann ar réaltacht na faidhbe teicniúla a sainaithníodh agus nár athraigh athdhéanamh na dtrialacha scríofa, ar dhátaí éagsúla agus do roinnt iarrthóirí amháin, na coinníollacha oibiachtúla maidir le measúnú na n-iarrthóirí.
Mheas an Chúirt Ghinearálta go bunúsach go bhféadfaí déileáil le hiarrthóirí a rinne na trialacha scríofa céanna ar an mbealach céanna uair amháin, faoi dhó nó trí huaire fiú, beag beann ar aon fhíorú ar na deacrachtaí teicniúla a bhí acu le linn na chéad trialach.
Ós rud é go raibh tionchar suntasach agus inseachanta ag na bearta a ghlac an bord roghnúcháin, a mheas an Chúirt Ghinearálta a bheith dleathach, ar dhéanamh na dtrialacha, sáraíodh prionsabal na comhréireachta freisin.
Leis an dara saincheist dlí, líomhnaíonn an t-achomharcóir go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí agus na rialacha maidir le léiriú an fhógra comórtais á gcur i bhfeidhm aici.
Rinne an Chúirt Ghinearálta na critéir mheasúnaithe do na catagóirí éagsúla (AD7 agus AD9) a mheascadh, de shárú ar cheanglais an fhógra comórtais, inar luadh go soiléir nár ghá measúnú a dhéanamh ar acmhainneacht bhainistíochta meithle ach amháin i gcás iarrthóirí a bhí san iomaíocht do ghrád AD9, ach nár mhór measúnú a dhéanamh ar chumas ceannaireachta gach iarrthóra, cibé acu ar ghrád AD7 nó ar ghrád AD9 a bhí siad.
Dá bhrí sin, rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí agus í ag léiriú na rialacha a bhaineann le fógraí comórtais agus lena gceanglaítear foclaíocht théacs an fhógra a urramú go docht, agus é mar aidhm aici freisin ionchais dhlisteanacha na n-iarrthóirí a chosaint.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/243/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)