This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62024CN0583
Case C-583/24, Tagu: Request for a preliminary ruling from the rechtbank Amsterdam (Netherlands) lodged on 5 September 2024 – Criminal proceedings against DZ
Cás C-583/24, Tagu: Iarraidh ar réamhrialú ó Rechtbank Amsterdam (an Ísiltír) a taisceadh an 5 Meán Fómhair 2024 – Imeachtaí coiriúla i gcoinne DZ
Cás C-583/24, Tagu: Iarraidh ar réamhrialú ó Rechtbank Amsterdam (an Ísiltír) a taisceadh an 5 Meán Fómhair 2024 – Imeachtaí coiriúla i gcoinne DZ
IO C, C/2024/7304, 16.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/7304/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/7304 |
16.12.2024 |
Iarraidh ar réamhrialú ó Rechtbank Amsterdam (an Ísiltír) a taisceadh an 5 Meán Fómhair 2024 – Imeachtaí coiriúla i gcoinne DZ
(Cás C-583/24, Tagu) (1)
(C/2024/7304)
Teanga an cháis: an Ollainnis
An chúirt a rinne an tarchur
Rechtbank Amsterdam
Páirtithe sna príomhimeachtaí
DZ
Páirtí eile: Openbaar Ministerie
Na ceisteanna a tharchuirtear
|
1. |
An bhfuil Airteagal 1(3) de Chinneadh Réime 2002/584/CGB (2) maidir leis an mBarántas Gabhála Eorpach agus na nósanna imeachta um thabhairt suas [idir na Ballstáit], arna léamh i gcomhar le hAirteagal 49(3) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus Airteagal 2(1)(a) agus (2), Airteagal 4(1) agus (2)(b) agus Airteagal 5 de Chinneadh Réime 2004/757/CGB (3) lena leagtar síos forálacha íosta maidir leis na heilimintí a chomhdhéanann gníomhartha coiriúla agus pionóis i réimse na gáinneála aindleathaí ar dhrugaí, le léiriú sa chaoi seo a leanas: i gcás ina ndéanann an duine iarrtha agóid i gcoinne an tabhairt suas ar an bhforas gur gearradh pianbhreith choimeádta íosta dhíréireach air sa Bhallstát eisiúna ar deireadh as cainníochtaí beaga drugaí a allmhairiú le haghaidh úsáid phearsanta, nó ar a laghad as cainníochtaí beaga drugaí a allmhairiú gan rún a bheith ag gabháil do gháinneáil, ní mór don údarás breithiúnach forghníomhaitheach measúnú a dhéanamh, i gcás tabhairt suas chun an phianbhreith sin a fhorghníomhú, an mbeadh an duine iarrtha i bhfíorbhaol go bhforghníomhófaí pianbhreith atá díréireach leis an gcion is cúis leis an mbarántas gabhála Eorpach? |
|
2. |
Más freagra dearfach a thabharfar ar Cheist 1:
|
(1) Úsáidtear ainm bréagach sa chás seo nach bhfreagraíonn d’fhíorainm aon pháirtí sna himeachtaí.
(2) Cinneadh Réime ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 (IO 2002 L 190, lch. 1).
(3) Cinneadh Réime 2004/757/CGB ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2004 lena leagtar síos forálacha íosta maidir leis na heilimintí a chomhdhéanann gníomhartha coiriúla agus pionóis i réimse na gáinneála aindleathaí ar dhrugaí (IO 2004 L 335, lch. 8).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/7304/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)