This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62024CN0185
Case C-185/24, Tudmur: Request for a preliminary ruling from the Oberverwaltungsgericht für das Land Nordrhein-Westfalen (Germany) lodged on 7 March 2024 – RL v Bundesrepublik Deutschland
Cás C-185/24, Tudmur: Iarraidh ar réamhrialú ón Oberverwaltungsgericht für das Land Nordrhein-Westfalen (an Ghearmáin) a taisceadh 7 Márta 2024 – RL v Bundesrepublik Deutschland
Cás C-185/24, Tudmur: Iarraidh ar réamhrialú ón Oberverwaltungsgericht für das Land Nordrhein-Westfalen (an Ghearmáin) a taisceadh 7 Márta 2024 – RL v Bundesrepublik Deutschland
IO C, C/2024/3893, 1.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3893/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/3893 |
1.7.2024 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Oberverwaltungsgericht für das Land Nordrhein-Westfalen (an Ghearmáin) a taisceadh 7 Márta 2024 – RL v Bundesrepublik Deutschland
(Cás C-185/24, Tudmur) (1)
(C/2024/3893)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
An chúit a rinne an tarchur
Oberverwaltungsgericht für das Land Nordrhein-Westfalen
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: RL
Cosantóir: Bundesrepublik Deutschland
Na ceisteanna a tharchuirtear
|
1. |
An bhfuil an dara fomhír d’Airteagal 3(2) de Rialachán (AE) Uimh 604/2013 (2) le léiriú sa chaoi go bhfuil lochtanna córasacha sa nós imeachta tearmainn agus sna coinníollacha glactha d’iarratasóirí sa Bhallstát a ainmnítear mar an bpríomh-Bhallstát atá freagrach, rud a chiallaíonn go bhféadfaí caitheamh leo ar bhealach mídhaonna nó táireach de réir bhrí Airteagal 4 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, ina ndiúltaíonn an Ballstát sin, mar phrionsabal, iarratasóirí tearmann (a ghabháil ar ais) nó a ghabháil ar láimh, ar feadh tréimhse éiginnte, mar gheall ar fhionraíocht ar aistrithe arna n-ordú ag an Stát? |
|
2. |
Más freagra diúltach a thabharfar ar Cheist 1, an bhfuil an dara fomhír d’Airteagal 3(2) de Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 le léiriú sa chaoi go gcuirtear srian le rialacha dhlí an Aontais maidir le fíorais a chinneadh, lena n-éilítear faisnéis oibiachtúil, iontaofa, shonrach arna nuashonrú go cuí ar an nós imeachta tearmainn chun go n-aistreofar iarratasóirí, sa chás nach féidir leis an gcúirt a thugann breith faisnéis a fháil agus nach bhféadfadh an chúirt sin ach fíorais hipitéiseacha a chinneadh toisc go ndiúltaíonn an Ballstát atá i gceist iarratasóirí ar thearmann (a ghabháil ar ais) nó a ghabháil ar láimh, ar feadh tréimhse éiginnte, mar gheall ar fhionraíocht arna hordú ag an Stát ar ghlacadh aistrithe? |
(1) Is ainm bréige é an t-ainm a úsáidtear sa chás seo. Ní fhreagraíonn sé d’fhíorainm aon pháirtí sna príomhimeachtaí.
(2) Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i gceann de na Ballstáit ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát (IO 2013 L 180, lch. 31).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3893/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)