Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62024CA0887

Cás C-887/24, Widl: Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Naoú Dlísheomra) an 23 Aibreán 2026 (iarraidh ar réamhrialú Oberlandesgericht München – An Ghearmáin) – YH v Widl GmbH (Tarchur chun réamhrialú – Comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le hinnealra – Caighdeáin agus rialacháin theicniúla – Treoir 98/37/CE – Innealra feistithe le gnáth-stopfheistí agus le stopfheistí éigeandála – Ceanglais riachtanacha slándála agus sláinte – Rioscaí do shlándáil agus do shláinte daoine – Scaoileadh neamh-chomhfhiosach nó comhfhiosach ceann de na stopfheistí – Bac ar an stopfheiste éigeandála – Oibríocht chuí chun bac a bhaint den stopfheiste éigeandála)

IO C, C/2026/3282, 29.6.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/3282/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/3282/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2026/3282

29.6.2026

Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Naoú Dlísheomra) an 23 Aibreán 2026 (iarraidh ar réamhrialú Oberlandesgericht München – An Ghearmáin) – YH v Widl GmbH

(Cás C-887/24  (1) , Widl)

(Tarchur chun réamhrialú - Comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le hinnealra - Caighdeáin agus rialacháin theicniúla - Treoir 98/37/CE - Innealra feistithe le gnáth-stopfheistí agus le stopfheistí éigeandála - Ceanglais riachtanacha slándála agus sláinte - Rioscaí do shlándáil agus do shláinte daoine - Scaoileadh neamh-chomhfhiosach nó comhfhiosach ceann de na stopfheistí - Bac ar an stopfheiste éigeandála - Oibríocht chuí chun bac a bhaint den stopfheiste éigeandála)

(C/2026/3282)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Oberlandesgericht München

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: YH

Cosantóir: Widl GmbH

An chuid oibríochtúil

Maidir le hAirteagal 3 de Threoir 98/37/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meitheamh 1998 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le hinnealra, agus pointí 1.1.2, 1.2.1, 1.2.2, 1.2.4, 1.2.6, 1.2.7 agus 2.3(c) d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

ní chomhlíonann gnáth-stopfheiste agus/nó stopfheiste éigeandála sáibh chiorclaigh adhmaid na ceanglais sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach sna forálacha sin i gcás, a luaithe a bheidh ordú stoptha an innealra gníomhachtaithe, ina ndéantar an stopfheiste lena mbaineann a athghníomhachtú, go comhfhiosach nó go neamhchomhfhiosach, uair amháin ar feadh tréimhse fhada nó roinnt uaireanta ina gcuirtear isteach go comhleanúnach ar choscánú an tsáibh sin, ionas nach stopfaidh lann an tsáibh, ach go leanfaidh sé de bheith ag casadh ina thost trí mhoilliú, agus ar deireadh stopann sé tar éis roinnt nóiméad.


(1)  IO C, C/2025/3391.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/3282/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top