Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62024CA0422

Cás C-422/24, Storstockholms Lokaltrafik: Breithiúnas na Cúirte (an Chéad Dlíseomra) an 18 Nollaig 2025 (iarraidh ar réamhrialú ón Högsta förvaltningsdomstolen – an tSualainn) – Integritetsskyddsmyndigheten v AB Storstockholms Lokaltrafik (Tarchur chun réamhrialú – Cosaint sonraí pearsanta – Rialachán (AE) 2016/679 – Airteagail 13 agus 14 – Raon feidhme – Sonraí pearsanta a bhailítear trí cheamara coirp a chaitheann rialaitheoirí ar iompar poiblí – Bunús dlí d’oibleagáid an rialaitheora an t-ábhar sonraí a chur ar an eolas)

IO C, C/2026/1052, 2.3.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1052/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1052/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2026/1052

2.3.2026

Breithiúnas na Cúirte (an Chéad Dlíseomra) an 18 Nollaig 2025 (iarraidh ar réamhrialú ón Högsta förvaltningsdomstolen – an tSualainn) – Integritetsskyddsmyndigheten v AB Storstockholms Lokaltrafik

(Cás C-422/24  (1) , Storstockholms Lokaltrafik)

(Tarchur chun réamhrialú - Cosaint sonraí pearsanta - Rialachán (AE) 2016/679 - Airteagail 13 agus 14 - Raon feidhme - Sonraí pearsanta a bhailítear trí cheamara coirp a chaitheann rialaitheoirí ar iompar poiblí - Bunús dlí d’oibleagáid an rialaitheora an t-ábhar sonraí a chur ar an eolas)

(C/2026/1052)

Teanga an cháis: an tSualannais

An chúirt a rinne an tarchur

Högsta förvaltningsdomstolen

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Integritetsskyddsmyndigheten

Cosantóir: AB Storstockholms Lokaltrafik

An chuid oibríochtúil

Maidir le hAirteagal 13 agus 14 de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

i gcás ina mbailítear sonraí pearsanta trí cheamaraí coisithe arna n-iompar ag rialaitheoirí iompair phoiblí, rialaítear faisnéis na n-ábhar sonraí le hAirteagal 13 den Rialachán sin agus ní le hAirteagal 14.


(1)  IO C, C/2024/5081.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1052/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top