Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62024CA0312

Cás C- 312/24, Darashev: Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Cúigiú Dlísheomra) an 4 Meitheamh 2026 (iarraidh ar réamhrialú ó Sofiyski rayonen sad – an Bhulgáir) – CL v Prokuratura na Republika Bulgaria (Tarchur chun réamhrialú – Daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil in ábhair choiriúla – Rialachán (AE) 2016/679 – Rialachán (AE) 2016/680 – Raonta feidhme – Próiseáil sonraí arna mbailiú le linn imscrúdú cóiriúil i gcoinne póilín mar dhuine atá faoi dhrochamhras maidir le cion coiriúil – Sonraí a bhaineann leis an imscrúdú sin a thaifeadadh i gcomhad phearsanra an phóilín – Dleathacht na próiseála – Pointe (c) sa chéad fhomhír d’Airteagal 6(1) agus Airteagal 6(3) den Rialachán sin – Próiseáil riachtanach chun oibleagáid dhlíthiúil a chomhlíonadh – Bunús dlí na próiseála – Airteagal 17 den Rialachán sin – An ceart go ndéanfaí léirscriosadh)

IO C, C/2026/3806, 27.7.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/3806/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/3806/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2026/3806

27.7.2026

Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Cúigiú Dlísheomra) an 4 Meitheamh 2026 (iarraidh ar réamhrialú ó Sofiyski rayonen sad – an Bhulgáir) – CL v Prokuratura na Republika Bulgaria

(Cás C- 312/24  (1) , Darashev  (2) )

(Tarchur chun réamhrialú - Daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil in ábhair choiriúla - Rialachán (AE) 2016/679 - Rialachán (AE) 2016/680 - Raonta feidhme - Próiseáil sonraí arna mbailiú le linn imscrúdú cóiriúil i gcoinne póilín mar dhuine atá faoi dhrochamhras maidir le cion coiriúil - Sonraí a bhaineann leis an imscrúdú sin a thaifeadadh i gcomhad phearsanra an phóilín - Dleathacht na próiseála - Pointe (c) sa chéad fhomhír d’Airteagal 6(1) agus Airteagal 6(3) den Rialachán sin - Próiseáil riachtanach chun oibleagáid dhlíthiúil a chomhlíonadh - Bunús dlí na próiseála - Airteagal 17 den Rialachán sin - An ceart go ndéanfaí léirscriosadh)

(C/2026/3806)

Teanga an cháis: an Bhulgáiris

An chúirt a rinne an tarchur

Sofiyski rayonen sad

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: CL

Cosantóir: Prokuratura na Republika Bulgaria

An chuid oibríochtúil

1.

Maidir le hAirteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí), agus Airteagal 9(1) de Threoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 i ndáil le cosaint daoine nádúrtha maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

tá feidhm ag an Rialachán sin maidir leis an ngníomhaíocht a dhéanann stiúrthóireacht údaráis phoiblí, arb é atá inti sonraí a bhaineann lena cháil mar dhuine faoi dhrochamhras in imscrúdú coiriúil a stóráil i gcomhad pearsanra duine dá hoifigigh. Ní bhaineann sé le hábhar i ndáil leis sin go bhfuair an stiúrthóireacht sin na sonraí sin trí stiúrthóireacht eile ar leis an údarás poiblí céanna í, agus an stiúrthóireacht sin a raibh sé de chumhacht aici imscrúdú den chineál sin a dhéanamh.

2.

Maidir le hAirteagal 17(3)(b) de Rialachán 2016/679, arna léamh i gcomhar le pointe (c) den chéad fhomhír d’Airteagal 6(1) agus Airteagal 6(3) de, agus i bhfianaise Airteagal 52(1) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

féadfar a mheas go bhfuil údar le sonraí pearsanta a bhaineann lena cháil mar dhuine faoi dhrochamhras in imscrúdú coiriúil a cuireadh ar fionraí a stóráil i gcomhad pearsanra oifigigh póilíneachta, chun a ghairm bheatha a bhainistiú agus chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh an oifigigh sin ar na rialacha a bhaineann lena dhualgais, ar choinníoll go bhfuil an bunús dlí sin soiléir agus beacht, go bhfuil a chur i bhfeidhm intuartha do na hábhair sonraí agus go gcomhlíonann an oibleagáid sin cuspóir leasa phoiblí agus go bhfuil sí comhréireach leis an gcuspóir sin.

3.

Maidir le hAirteagal 1 de Threoir 2000/78/CE ón gComhairle an 27 Samhain 2000 lena mbunaítear creat ginearálta ar son na córa comhionainne maidir leis an bhfostaíocht agus leis an obair,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

níl feidhm ag an Treoir sin i gcás ina ndiúltaíonn údarás poiblí, a bhfuil stiúrthóireacht amháin aige atá freagrach as imscrúduithe coiriúla a dhéanamh ar oifigigh atá fostaithe ag an údarás sin, diúltú, ina cháil mar fhostóir, duine dá oifigigh a chur chun cinn ar an bhforas amháin go raibh sé ina cháil mar dhuine faoi dhrochamhras in imscrúdú den sórt sin a cuireadh ar fionraí ar deireadh, i gcás nár cúisíodh an t-oifigeach sin i leith an chiona lena mbaineann agus nár tionscnaíodh imeachtaí ina choinne.


(1)  IO C, C/2024/4715.

(2)  Is ainm bréige é ainm an cháis seo. Ní fhreagraíonn sé d’fhíorainm aon pháirtí sna himeachtaí.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/3806/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top