Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62024CA0144

Cás C-144/24: Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Cúigiú Dlísheomra) an 22 Eanáir 2026 – an Coimisiún Eorpach v an Ungáir (Mainneachtain Bhallstáit ina chuid oibleagáidí a chomhlíonadh – Saoirse bunaíochta – Reachtaíocht náisiúnta lena bhunaítear praghsanna tagartha maidir le bunábhar tógála áirithe atá níos ísle ná praghsanna an mhargaidh – Oibleagáid táille mianadóireachta sa bhreis a fhreagraíonn do 90 % den difríocht idir an praghas tagartha agus an praghas díola a íoc – Beart a dhéanann difear den chuid is mó do ghnóthais atá i seilbh cuideachtaí atá lonnaithe i mBallstáit eile – Easpa bonn cirt – Nós imeachta faisnéise i réimse na gcaighdeán agus na rialachán teicniúil agus na rialacha maidir le seirbhísí sochaí faisnéise – Treoir (AE) 2015/1535 – Airteagal 1(1)(d) – An coincheap ceanglas eile)

IO C, C/2026/1315, 16.3.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1315/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1315/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2026/1315

16.3.2026

Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Cúigiú Dlísheomra) an 22 Eanáir 2026 – an Coimisiún Eorpach v an Ungáir

(Cás C-144/24)  (1)

(Mainneachtain Bhallstáit ina chuid oibleagáidí a chomhlíonadh - Saoirse bunaíochta - Reachtaíocht náisiúnta lena bhunaítear praghsanna tagartha maidir le bunábhar tógála áirithe atá níos ísle ná praghsanna an mhargaidh - Oibleagáid ‘táille mianadóireachta sa bhreis’ a fhreagraíonn do 90 % den difríocht idir an praghas tagartha agus an praghas díola a íoc - Beart a dhéanann difear den chuid is mó do ghnóthais atá i seilbh cuideachtaí atá lonnaithe i mBallstáit eile - Easpa bonn cirt - Nós imeachta faisnéise i réimse na gcaighdeán agus na rialachán teicniúil agus na rialacha maidir le seirbhísí sochaí faisnéise - Treoir (AE) 2015/1535 - Airteagal 1(1)(d) - An coincheap ‘ceanglas eile’)

(C/2026/1315)

Teanga an cháis: an Ungáiris

Páirtithe

Iarratasóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: L. Armati, M. Mataija agus A. Tokár, Gníomhairí)

Cosantóir: An Ungáir (ionadaithe: Z. Fehér, R. Kissné Berta agus K. Szíjjártó, Gníomhairí)

An chuid oibríochtúil

1)

Trí ghlacadh leis na forálacha maidir le táille mianadóireachta sa bhreis a íoc a leagtar síos in a gazdaság újraindítása érdekében fizetendő kiegészítő bányajáradékról szóló 404/2021. (VII. 8.) Korm. rendeletet (Foraithne Rialtais Uimh. 404/2021 (VII. 8.) maidir leis an táille mianadóireachta sa bhreis atá le híoc chun an geilleagar a athógáil), mhainnigh an Ungáir ina cuid oibleagáidí faoi Airteagal 49 CFAE a chomhlíonadh.

2)

Díbhtear an chuid eile den chaingean.

3)

Ordaítear don Choimisiún Eorpach agus don Ungáir a gcostais féin.


(1)  IO C, C/2024/2736.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1315/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top