EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62023TN0428

Cás T-428/23: Caingean arna taisceadh an 17 Iúil 2023 – ABN AMRO Bank agus ABN AMRO Hypotheken Groep v BRA

IO C, C/2023/142, 16.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/142/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/142/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2023/142

16.10.2023

Caingean arna taisceadh an 17 Iúil 2023 – ABN AMRO Bank agus ABN AMRO Hypotheken Groep v BRA

(Cás T-428/23)

(C/2023/142)

Teanga an cháis: an Ollainnis

Páirtithe

Iarratasóirí: ABN AMRO Bank NV (Amstardam, an Ísiltír), ABN AMRO Hypotheken Groep BV (Amersfoort, an Ísiltír) (ionadaithe: R. Raas agus T. Barkhuysen, Dlíodóirí)

Cosantóir: An Bord Réitigh Aonair

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

An cinneadh ó BRA an 2 Bealtaine 2023 (SRB/ES/2023/23) a chur ar neamhní i bpáirt, lena n-áirítear na hiarscríbhinní a ghabhann leis, a mhéid a dhéantar cinneadh mícheart agus earráideach maidir le ranníocaíochtaí ABN AMRO Hypotheken Groep (‘AAHG’) le haghaidh 2016, 2017, 2018, 2019, 2020, 2021, 2022, agus/nó 2023, trí na hítimí coigeartaithe ar chlár comhardaithe AAHG a áireamh i ríomh na ranníocaíochtaí agus, go háirithe, i ‘ndliteanais iomlána’ AAHG; agus

a ordú do BRA na costais arna dtabhú ag ABN AMRO nó, mar mhalairt air sin, cuid iomchuí dá chostais, a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn na hiarratasóirí trí shaincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí: Tá an ranníocaíocht atá le híoc ag AAHG leis an gCiste Réitigh Aonair (CRA) le haghaidh na mblianta 2016-2023 faoin gcinneadh atá faoi chonspóid ar neamhréir le Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/63, a mhéid a áirítear leis ítim choigeartaithe ar bhealach mícheart agus earráideach sa bhonn measúnachta agus gan é sin a eisiamh ó ríomh na ranníocaíochta le CRA mar dhliteanas inghrúpa de réir Airteagal 5(1) de Rialachán Tarmligthe 2015/63. Tá ABN AMRO lántoilteanach a oibleagáid chun ranníocaíocht a dhéanamh le BRA a chomhlíonadh, ach níl sé ag iarraidh íoc faoi dhó as rud arb é, go bunúsach, an oibleagáid chéanna. Ar an gcaoi sin, áitíonn an t-iarratasóir go ndearna BRA an méid seo a leanas:

nár chuir siad san áireamh go leordhóthanach na cúinsí ar leith a d’eascair as an gcaoi a bhfuil a chuid idirbheart urrúsúcháin leagtha amach ag ABN AMRO;

Airteagal 70 de Rialachán Uimh. 806/2014 a léiriú ar bhealach atá contrártha le foclaíocht, cuspóirí agus comhthéacs an Rialacháin sin, a mhéid nach iad oibleagáidí iarbhír AAHG amháin a chuir sé san áireamh sa bhonn measúnachta;

Cur chun feidhme mícheart agus earráideach ar an sainmhíniú ar ‘Dhliteanais iomlána’ in Airteagal 3(11) de Rialachán Tarmligthe 2015/63 chun an chuid sheasta den ranníocaíocht le CRA a chinneadh, cé nach bhfuil feidhm ag an sainmhíniú sin ach amháin maidir le ranníocaíochtaí riosca-choigeartaithe; agus

Rialachán Uimh. 806/2014 agus Rialachán Tarmligthe 2015/63 a chur chun feidhme ar bhealach atá ar neamhréir lena gcuspóirí, lena ndéantar comhaireamh dúbailte nach bhfuil bonn cirt leis agus nach féidir a mhíniú.

2.

An dara saincheist dlí: Sáraítear leis an gcinneadh atá faoi chonspóid prionsabail na deimhneachta dlíthiúla, prionsabal na n-ionchas dlisteanach agus an ceart chun dea-riaracháin (Airteagal 41 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh), nach mór a mheas freisin i bhfianaise an chirt chun maoine (Airteagal 17 den Chairt).

Contrártha leis an dlí, rinne BRA na cinntí muirearaithe a glacadh go foirmiúil roimhe sin do na blianta 2016-2022 i ndáil le AAHG a tharraingt siar de facto.

Chuaigh BRA — i ndáil le 2023 freisin — siar ar chleachtas seanbhunaithe maidir le ranníocaíochtaí AAHG a chinneadh agus ó na hionchais a chothaigh BRA agus De Nederlandsche Bank N. V (‘DNB’) ionchas ar thaobh ABN AMRO ar feadh na mblianta, ag éirí as comhfhreagras le BRA agus DNB agus as na cinntí foirmiúla maidir le ranníocaíochtaí do na blianta 2016-2022.

Ghníomhaigh ABN AMRO de réir an ionchais a cothaíodh. Mar thoradh air sin, baineadh an fhéidearthacht de ABN AMRO idirbhearta urrúsúcháin a thaifeadadh ar bhealach eile sa chlár comhardaithe, nó iad a fhoirceannadh nó a láimhseáil ar bhealach eile, agus, leis sin, an ítim choigeartaithe a bhaint de chlár comhardaithe AAHG agus an comhaireamh dúbailte gan údar a sheachaint dá réir.

3.

An tríú saincheist dlí: Ina theannta sin, sáraítear le cinneadh BRA féin atá faoi chonspóid prionsabal na comhréireachta (Airteagal 5(4) CFAE agus Airteagal 52(1) den Chairt), a chosnaítear freisin leis an gceart chun dea-riaracháin (Airteagal 41 den Chairt) agus leis an gceart chun maoine (Airteagal 17 den Chairt).

Bhí ar ABN AMRO ranníocaíocht i bhfad ró-ard a íoc le BRA ar son AAHG.

Tá éifeachtaí diúltacha an chinnidh atá faoi chonspóid ar ABN AMRO díréireach leis an gcuspóir atá le saothrú ag BRA.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/142/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top