This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62023TN0419
Case T-419/23: Action brought on 19 July 2023 — Kiene and Others v Parliament and Council
Cás T-419/23: Caingean arna tabhairt an 19 Iúil 2023 – Kiene agus páirtithe eile v an Pharlaimint agus an Chomhairle
Cás T-419/23: Caingean arna tabhairt an 19 Iúil 2023 – Kiene agus páirtithe eile v an Pharlaimint agus an Chomhairle
IO C 321, 11.9.2023, p. 60–61
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
11.9.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 321/60 |
Caingean arna tabhairt an 19 Iúil 2023 – Kiene agus páirtithe eile v an Pharlaimint agus an Chomhairle
(Cás T-419/23)
(2023/C 321/67)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
Páirtithe
Iarratasóirí: Lorenz Kiene (Hoya, an Ghearmáin), Classic Tankstellen GmbH & Co. KG (Hoya), eFuel GmbH (Hoya), eFuel Projektentwicklung GmbH (Hoya) (ionadaithe: A. Dlouhy, E. Macher agus M. Soppe, Dlíodóirí)
Cosantóirí: Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
— |
go gcuirfí ar neamhní Airteagal 1(1)(a) go (d) de Rialachán (AE) 2023/851; |
— |
a ordú do na cosantóirí na costais a íoc. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Maidir le cúlra na n-iarratais, maíonn na hiarratasóirí, ar gnóthais iad i bhforbairt, táirgeadh agus díol breoslaí sintéiseacha atá neodrach ó thaobh carbóin de le haghaidh iompar ar bóthar, gur ar thomhas astaíochta carbóin ag sceithphíopa na feithicle atá á hoibriú amháin ar bunaíodh na Rialacháin atá faoi chonspóid, lena laghdaítear na luachanna astaíochta carbóin le haghaidh gluaisteáin paisinéirí nua agus feithicil tráchtála éadrom nua san Aontas Eorpach go dtí 2035. Dá bhrí sin, tugadh neamhaird, gan údar, ar aon astaíochtaí le linn mhonarú, dhíol, úsáid agus dhiúscairt táirge ar tharla nach mbaineann le hoibriú na feithicle. Ar dtús, déantar neamhshuim leis sin de na luachanna astaíochta atá ard ó ham go chéile, go háirithe agus feithiclí ceallra-leictreacha á dtáirgeadh agus, anuas air sin, déantar neamhshuim leis sin de go mbíonn táirgeadh breoslaí sintéiseacha atá neodrach ó thaobh carbóin de ag brath ar charbón ón atmaisféir nó ó gháis sceite dhosheachanta a rachaidís isteach san atmaisféir murach sin agus nach ndéantar le dóchán ach an carbón a scaoileadh arís a cheanglaítear le linn táirgthe.
Mar thaca leis an gcaingean, ardaíonn an t-iarratasóir seacht saincheist dlí.
(1) |
An chéad saincheist dlí: sárú ar cheart bunúsach na n-iarratasóirí chun saoirse chun gnó a sheoladh [Airteagal 16 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (1) (‘an Chairt’)]; |
(2) |
An dara saincheist dlí: sárú ar cheart bunúsach na n-iarratasóirí chun maoine (Airteagal 17 den Chairt) trína n-infheistíochtaí roimhe sin a dhíluacháil de facto; |
(3) |
An tríú saincheist dlí: sárú ar cheart bunúsach na n-iarratasóirí chun comhionannais os comhair an dlí (Airteagal 20 den Chairt) trí chaitheamh le breoslaí atá neodrach ó thaobh carbóin de, gan cúis oibiachtúil, (i) go héagóthrom i ndáil le fuinneamh luchtaithe leictreach le haghaidh feithiclí ceallra-leictreacha agus (ii) go cothrom i ndáil le breoslaí iontaise; |
(4) |
An ceathrú saincheist dlí: sárú ar chaomhnú an chomhshaoil faoi Airteagal 37 den Chairt toisc nach gcuirfí san áireamh truailliú an chomhshaoil le linn shaolré na bhfeithiclí agus toisc go dtruaillítear an comhshaol níos mó gan glacadh a bheith ann ar theicneolaíocht; |
(5) |
An cúigiú saincheist dlí: sárú ar phrionsabal na comhréireachta faoi Airteagal 5(4) CAE toisc nach bhfuil na Rialacháin faoi chonspóid iomchuí nó riachtanach agus sáraítear leo an méid is gá chun an laghdú carbóin a bhaint amach mar atá ina sprioc ag an Aontas Eorpach; |
(6) |
An séú saincheist dlí: sárú ar cheanglais bheartais an Aontais maidir leis an gcomhshaol faoi Airteagal 191 CFAE toisc nach gcuirtear san áireamh, gan údar, truailliú an chomhshaoil le linn shaolré feithiclí, nach gcomhraictear é ag an bhfoinse agus nach gcomhraictear leis i gcomhréir leis an bprionsabal ‘íoc mar a thruaillítear’, ach déantar á aistriú go tíortha eile an Aontais i ndeireadh na dála; |
(7) |
An seachtú saincheist dlí: sárú ar an oibleagáid cúiseanna a lua faoi Airteagal 296(2) CFAE toisc nach dtugann an reachtóir údar le cur chuige rialála na bhforálacha atá faoi chonspóid, lena gclaontar ó Rialacháin eile an Aontais. |