Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62023TN0040

    Cás T-40/23: Caingean arna tabhairt an 30 Eanáir 2023 – Hatherly v EUAA

    IO C 127, 11.4.2023, p. 45–46 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    11.4.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 127/45


    Caingean arna tabhairt an 30 Eanáir 2023 – Hatherly v EUAA

    (Cás T-40/23)

    (2023/C 127/56)

    Teanga an cháis: an Béarla

    Páirtithe

    Iarratasóir: Xavier James Hatherly (Hamrun, Málta) (ionadaí: A. Grima, Dlíodóir)

    Cosantóir: Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann (EUAA)

    An t-ordú atá á lorg

    Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

    Cinneadh ón mBord Bainistíocht Uimh. 121 an 3 Samhain 2022 a chur ar neamhní;

    an litir lena n-aistarraingítear an tairiscint poist, dar dáta an 8 Aibreán 2022, a chur ar neamhní, de bhun an Nós Imeachta Roghnúcháin leis an uimhir thagartha EASO/2021/TA/007 don phost mar Chúntóir Riaracháin (Próifíl D: Cúntóir Soláthair);

    a ordú do Bhord Bainistíocht EUAA an tairiscint poist atá i gceist a chinntí agus an t-iarratasóir a chur ina ról tráth an 22 Márta 2022;

    a ordú do EUAA an t-iarratasóir a chúiteamh mar gheall ar chaillteanas ioncaim go dtí seo.

    Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

    Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir trí shaincheist dlí.

    1.

    An chéad saincheist dlí, lena n-éilítear léiriú earráideach ar an “gcáilíocht” a éilítear don phost atá i gceist.

    Dearbhaítear i gCinneadh an Bhoird Bainistíochta “go meastar go gcomhfhreagraíonn an tagairt do bhronnadh ‘dioplóma’ san fhógra folúntais ábhartha don tagairt do bhronnadh ‘cáilíochta lena ndeimhnítear gur cuireadh i gcrích an leibhéal staidéir’, ós rud é go ndearbhaítear gur chuir na hiarratasóirí an leibhéal staidéir a éilítear i gcrích leis na dioplómaí atá acu”;

    Ní shainítear leis na Rialacháin Foirne, atá tosaíocht acu thar aon chinneadh ón mBord Bainistíochta, “cáilíocht” go docht mar dhioplóma ach luaitear amháin iontu, in Airteagal 28(d) dóibh, gur féidir oifigeach a ainmniú ar chuntar:

    “gur éirigh leis, faoi réir Airteagal 29(2), i gcomórtas atá bunaithe ar cháilíochtaí nó ar thrialacha, nó ar cháilíochtaí agus ar thrialacha, mar a fhoráiltear in Iarscríbhinn III”;

    Meastar go gcaithfidh gurb ionann an focal “cáilíocht” agus dioplóma, cé go mbeadh sin sonraithe dá mba rud é go raibh sé ceaptha an chiall sin a bheith aige. Is cosúil go maítear leis na Rialacháin Foirne agus an Ghluais Eorpach maidir le hOideachas (dá ndearna an Bord Bainistíochta tagairt ina chinneadh) go bhfuil difríocht idir an dá fhocal. Chuige sin, tharlódh sé go bhféadfaí cáilíocht a bhaint amach le marcanna scrúdaithe amháin lena ndeimhnítear gur baineadh amach leibhéal áirithe ó thaobh cúrsaí acadúla de.

    2.

    An dara saincheist dlí, lena n-éilítear nár aithníodh cáilíochtaí an iarratasóra san Fhorlíonadh Dioplóma Oifigiúil arna chur ar fáil ag Ollscoil Mhálta.

    Leagtar amach go soiléir san Fhorlíonadh Dioplóma Europass, arna eisiúint ag Ollscoil Mhálta in 2016, gur baineadh amach an leibhéal coibhéiseach a éilítear in 2013;

    D’fhorbair an Coimisiún Eorpach, Comhairle na hEorpa agus UNESCO/CEPES an doiciméad seo. Mar a mhaítear sa doiciméad féin, tá sé de chuspóir aige sonraí neamhspleácha leordhóthanacha a chur ar fáil chun “trédhearcacht” idirnáisiúnta agus aitheantas acadúil agus gairmiúil cóir ar cháilíochtaí a fheabhsú. Dá bhrí sin, níl aon chúis dhlisteanach ann nach n-aithnítear an leibhéal coibhéiseach a fuarthas, mar a léirítear leis an bhForlíonadh Dioplóma Oifigiúil, in 2013. Níl údar leis an tuairim go gcaithfidh go ndeimhnítear cáilíochtaí le dioplómaí, seachas doiciméadacht oifigiúil a fhorbraíonn, inter alia, an Coimisiún Eorpach, ós rud é go mbeadh an Forlíonadh Dioplóma Europass gan úsáid.

    3.

    An tríú saincheist dlí, lena n-éilítear go bhfuil an mhainneachtain cáilíochtaí an iarratasóra a aithint idirdhealaitheach agus go bhfuil aistarraingt na tairisceana poist a tharla ina dhiaidh sin neamhréireach.

    Tá iarratasóirí a tharraing siar as a gcéim baitsiléara tar éis dhá bhliain nó níos mó incháilithe do dhioplóma atá coibhéiseach leis an gcomhpháirt oideachais a éilítear san fholúntas;

    Dá bhrí sin, measann an t-iarratasóir go gcomhlíontar leis an méid ama chéanna de dhá bhliain an cuspóir sa chaoi chéanna. Murach sin, thiocfadh staid idirdhealaitheach chun cinn ina mbeadh níos mó bainte amach ó thaobh an oideachais de ag iarratasóirí ná mar a éilítear don phost, ach go measfaí iad a bheith neamh-incháilithe ar an bhforas amháin gur eisíodh an dioplóma deireanach i ndiaidh na bliana ar baineadh an leibhéal a éilítear amach, fiú dá mba rud é go raibh deimhniú oifigiúil acu ó ollscoil de chuid Ballstáit den Aontas mar chuid de dhioplóma den sórt sin ar cuireadh ar fáil don chuspóir sin é. Mar sin, tá aistarraingt tairisceana poist ar an bhforas amháin gur eisíodh an dioplóma níos déanaí ós rud é gur cumhdaíodh leibhéal eile leis idirdhealaitheach agus neamhréireach mar gheall ar léiriú róshimplí agus docht nach bhfuil údar leis.


    Top