Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62023TN0025

    Cás T-25/23: Caingean arna tabhairt an 27 Eanáir 2023 –Orgatex v EUIPO – Longton (Marcáil talún)

    IO C 94, 13.3.2023, p. 59–59 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    13.3.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 94/59


    Caingean arna tabhairt an 27 Eanáir 2023 –Orgatex v EUIPO – Longton (Marcáil talún)

    (Cás T-25/23)

    (2023/C 94/71)

    Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Ghearmáinis

    Páirtithe

    Iarratasóir: Orgatex GmbH & Co. KG (Langenfeld, an Ghearmáin) (ionadaithe: G. Jacobs, M. Maybaum agus M. Dümenil, Dlíodóirí)

    Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

    Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Lawrence Longton (Brindle, an Ríocht Aontaithe)

    Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

    Dílseánach an dearaidh atá faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta

    Dearadh atá faoi cheist: Dearadh pobail nó samhail “Marcáil talún” – Dearadh pobail nó samhail Uimh. 1112155-0001

    Nós imeachta EUIPO: nós imeachta cealaithe

    An cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón dtríú Bord Achomhairc de EUIPO an 17 Samhain 2022 i gCás R 110/2022-3

    An t-ordú atá á lorg

    Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

    an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

    a ordú do EUIPO costais na n-imeachtaí a íoc os comhair na Cúirte Ginearálta agus an Bhoird Achomhairc, lena n-áirítear costais an iarratasóra go háirithe.

    Saincheist dlí

    Sárú ar Airteagal 25(1)(a) agus Airteagal 3(a) de Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 ón gComhairle.


    Top