Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62023TJ0370

An error occurred. Please try refreshing the page. If the error persists, please contact us.

 BREITHIÚNAS NA CÚIRTE GINEARÁLTA (an Naoú Dlísheomra)

4 Meán Fómhair 2024 ( *1 )

(Comhbheartas eachtrach agus slándála – Bearta sriantacha arna ndéanamh i gcoinne na Siria – Reo cistí agus acmhainní eacnamaíocha – Liosta na ndaoine, na n‑eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir reo cistí agus acmhainní eacnamaíocha – Ainm an iarratasóra a chur ar an liosta – Critéar na ballraíochta teaghlaigh – Pléadáil neamhdhleathachta – Ceanglas nach mór foráil a dhéanamh le dlí d’aon teorannú – Earráid mheasúnaithe – Ceart chun maoine)

I gCás T‑370/23,

Samer Kamal Al-Assad, atá ina chónaí in Lattakia (an tSiria), dá ndéanann W. Woll, Abhcóide, ionadaíocht,

iarratasóir,

v

Comhairle an Aontais Eorpaigh, dá ndéanann T. Haas i gcáil Gníomhaire, ionadaíocht, le cúnamh ó E. Raoult, Abhcóide,

cosantóir,

tugann AN CHÚIRT GHINEARÁLTA (an Naoú Dlísheomra),

agus í comhdhéanta mar seo a leanas: L. Truchot, Uachtarán, H. Kanninen agus R. Frendo (Rapóirtéir), Breithiúna,

Cláraitheoir: V. Di Bucci,

ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn,

ag féachaint don fhíoras nár thíolaic na páirtithe aon iarraidh ar éisteacht laistigh de thréimhse 3 seachtaine ón am a tugadh fógra faoi chlabhsúr an nós imeachta i scríbhinn, agus tar éis cinneadh a dhéanamh rialú ar an gcaingean gan aon nós imeachta ó bhéal, de bhun Airteagal 106(3) de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte,

an Breithiúnas seo a leanas

Breithiúnas ( 1 )

1

Trína chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t‑iarratasóir, Samer Kamal Al-Assad, ar an gcéad dul síos, go gcuirfí ar neamhní Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2023/847 ón gComhairle an 24 Aibreán 2023, lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2013/255/CBES maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria (IO 2023 L 109, lch. 26) agus, ar an dara dul síos, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/844 ón gComhairle an 24 Aibreán 2023 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria (IO 2023 L 109, lch. 1), a mhéid a bhaineann na gníomhartha sin (‘na gníomhartha a chonspóidtear’) leis.

Cúlra na díospóide agus teagmhais i ndiaidh thionscnamh na caingne seo

[omissis]

7

I bhfianaise a thromchúisí atá an staid sa tSiria, mar is léir ó aithris 5, ghlac an Chomhairle, an 12 Deireadh Fómhair 2015, Cinneadh (CBES) 2015/1836 lena leasaítear Cinneadh 2013/255 (IO 2015 L 266, lch. 75) agus Rialachán (AE) 2015/1828 lena leasaítear Rialachán Uimh. 36/2012 (IO 2015 L 266, lch. 1) (le chéile, ‘gníomhartha 2015’).

8

I ndáil leis sin, agus í á mheas nach bhféadadh, leis na bearta sriantacha a glacadh ar dtús le Cinneadh 2011/273, deireadh a chur leis an gcos ar bolg fhoréigneach a rinne réimeas na Siria ar an bpobal sibhialtach, chinn an Chomhairle, mar is léir ó aithris 5 de Chinneadh 2015/1836 ‘gur (ghá) na bearta sriantacha a choinneáil i bhfeidhm agus a n‑éifeachtúlacht a áirithiú, trína gcur chuige spriocdhírithe agus difreáilte a fhorbairt tuilleadh agus dálaí daonnúla dhaonra na Siria (agus) an chaoi go raibh catagóirí áirithe daoine agus eintiteas (an‑ábhartha) maidir le héifeachtacht na mbeart sriantach sin á gcur san áireamh i bhfianaise an chomhthéacs shonraigh atá i réim sa tSiria’.

9

Dá bhrí sin, leasaíodh foclaíocht Airteagail 27 agus 28 de Chinneadh 2013/255 le Cinneadh 2015/1836. Foráiltear leis na hAirteagail sin anois do shrianta ar theacht isteach i gcríoch na mBallstát, nó idirthuras tríd, agus do reo cistí daoine atá bainteach leis na catagóirí daoine dá dtagraítear i mír 2(a) go (g) de na hAirteagail sin, a liostaítear in Iarscríbhinn I, ach amháin mar a fhoráiltear dóibh ina mír 3, i gcás ina bhfuil ‘fianaise leordhóthanach ann nach bhfuil [na daoine sin] bainteach, nó nach bhfuil siad bainteach a thuilleadh, leis an réimeas nó nach n‑imríonn siad tionchar air nó nach bhfuil riosca tromchúiseach imchéimnithe ag baint leo’.

10

Go háirithe, mar is léir ó aithris 7 de Chinneadh 2015/1836, sa mhéid go ‘bhfeidhmítear an chumhacht sa tSiria ar bhonn teaghlaigh [agus] go bunúsach, go bhfuil cumhacht réimeas reatha na Siria i lámha na mball de theaghlaigh Assad agus Makhlouf a bhfuil tionchar acu’, ba ghá foráil a dhéanamh do bhearta sriantacha i gcoinne baill áirithe de na teaghlaigh sin, chun tionchar a imirt ar réimeas na Siria go díreach trí bhaill na dteaghlach sin chun go n‑athróidh sé a bheartas cos ar bolg chun an baol go rachadh baill de na teaghlaigh sin timpeall ar na bearta sriantacha a sheachaint.

11

Dá bhrí sin, ar an gcéad dul síos, tar éis ghlacadh ghníomhartha 2015, cuirtear ‘baill de theaghlaigh Assad nó Makhlouf’ (‘critéar na ballraíochta teaghlaigh’) faoi réir bearta sriantacha le hAirteagal 27(2)(b) agus le hAirteagal 28(2)(b) de Chinneadh 2013/255 chomh maith. Ag an am céanna, forlíonadh Airteagal 15 de Rialachán Uimh. 36/2012 le mír 1(b) lena ndéantar reo sócmhainní de chuid bhaill na dteaghlach sin a áirithiú.

12

Ar an dara dul síos, leagtar amach an critéar ginearálta liostaithe a bhaineann le tairbhe a bhaint as na beartais atá á saothrú ag réimeas na Siria nó le tacaíocht a thabhairt dóibh in Airteagal 27(1) agus Airteagal 28(1) de Chinneadh 2013/255 arna leasú le Cinneadh 2015/1836, Airteagal 15(1)(a) de Rialachán Uimh. 36/2012 arna leasú le Rialachán 2015/1828 (‘critéar maidir le comhcheangal le réimeas na Siria’).

13

An 24 Aibreán 2023, ghlac an Chomhairle na gníomhartha a chonspóidtear. De réir aithrisí 2, 3 agus 5 den Chinneadh sin, beartaíodh an méid seo a leanas:

‘(2)

Is cúis mhór imní don Chomhairle fós an staid sa tSiria. Tar éis níos mó ná 10 mbliana, is fada ó bheith thart an choinbhleacht sa tSiria agus tá sí fós ina húdar fulaingthe agus éagobhsaíochta.

(3)

Tugann an Chomhairle dá haire go leanann réimeas na Siria dá bheartas cur faoi chos a shaothrú. I bhfianaise a thromchúisí atá an staid i gcónaí, measann an Chomhairle gur gá éifeachtacht na mbeart sriantach atá i bhfeidhm a choinneáil ar bun agus a áirithiú, trína bhforbairt a thuilleadh agus a gcur chuige spriocdhírithe difreáilte á choimeád agus dálaí daonnúla mhuintir na Siria á gcur san áireamh. Measann an Chomhairle go bhfuil ábharthacht ar leith ag baint le catagóirí áirithe daoine agus eintiteas maidir le héifeachtacht na mbeart sriantach sin, i bhfianaise an chomhthéacs shonraigh atá ann i gcónaí sa tSiria.

[…]

(5)

Is cúis mhór imní don Chomhairle an méadú atá ag teacht ar thrádáil támhshuanach de thionscnamh na Siria. Mheas an Chomhairle go háirithe go bhfuil an trádáil in amfataimíní tagtha chun a bheith ina samhail ghnó faoi stiúir an réimis, rud a shaibhríonn ciorcal inmheánach an réimis, agus a chuireann ioncam ar fáil dó agus a chuireann lena chumas a chuid beartas cos ar bolg a chothabháil. Measann an Chomhairle gur cheart di foráil a dhéanamh maidir le bearta sriantacha chun na cistí agus na hacmhainní eacnamaíocha uile ar le daoine agus eintitis áirithe iad a bhfuil baint acu le táirgeadh nó gáinneáil támhshuanach de thionscnamh na Siria, atá faoi úinéireacht, i seilbh nó faoi rialú na ndaoine sin, mar a shainaithin an Chomhairle iad agus mar a liostaítear [maidir le Cinneadh Cur Chun Feidhme 2023/847 in Iarscríbhinn I de Chinneadh 2013/255/CBES agus maidir le Rialachán Cur Chun Feidhme 2023/844, in Iarscríbhinn II de Rialachán Uimh. 36/2012], a reo, agus chun srianta a chur ar ligean isteach na ndaoine sin, ionas nach mbeidh siad in ann tacaíocht a thabhairt don réimeas, agus chun cur leis an mbrú atá ar an réimeas a chuid beartas cos ar bolg a athrú. Tá sé d’aidhm ag na bearta sin freisin an baol go mbainfí an bonn d’éifeachtacht na mbeart sriantach a laghdú trí dhíriú ar chumas an réimis dul i muinín fáltais ó thrádáil támhshuanach chun leanúint dá bheartas cos ar bolg.’

14

Sheas an Chomhairle le cuimsiú ainm an iarratasóra ar na liostaí atá faoi chonspóid trí thagairt a dhéanamh do na forais seo a leanas:

‘[...] ball de theaghlach Assad.

Feidhmíonn sé i gcomhthéacs na trádála támhshuanach, go háirithe i dtáirgeadh na dtámhshuanach. Is samhail ghnó faoi stiúir an réimis í trádáil Captagon anois, rud a shaibhríonn ciorcal inmheánach an réimis agus a thugann líne tharrthála dó. Dá bhrí sin, tá sé ag baint tairbhe as an réimeas agus ag tacú leis.’

[omissis]

Saghas ordaithe atá á lorg ag na páirtithe

17

Iarrann an t‑iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

–

na gníomhartha a chonspóidtear a chur ar neamhní a mhéid a bhaineann siad leis;

–

a ordú don Chomhairle na costais a íoc.

18

Iarrann an Chomhairle ar an gCúirt Ghinearálta:

–

an chaingean a dhiúltú toisc í a bheith gan bhunús;

–

a ordú don iarratasóir na costais a íoc;

–

Mar mhalairt air sin, sa chás ina chuireann an Chúirt Ghinearálta na gníomhartha a chonspóidtear ar neamhní a mhéid a bhaineann siad leis an iarratasóir, a ordú go gcoinneofaí éifeachtaí Chinneadh Cur Chun Feidhme 2023/847 a mhéid a bhaineann siad leis go dtí go mbeidh éifeacht ag neamhniú páirteach Rialachán Cur Chun Feidhme 2023/844 ón gComhairle.

An dlí

[omissis]

An phléadáil neamhdhleathachta a ardaítear i gcoinne chritéar na ballraíochta teaghlaigh

26

De bhun Airteagal 277 CFAE, ardaíonn an t‑iarratasóir pléadáil neamhdhleathachta i gcoinne chritéar na ballraíochta teaghlaigh mar a leagtar amach in Airteagal 27(2)(b) agus Airteagal 28(2)(b) de Chinneadh 2013/255 arna leasú le Cinneadh 2015/1836. Iarrann sé go ndéanfaí dearbhú nach bhfuil feidhm ag an gcritéar sin ina leith agus, dá bhrí sin, go gcuirfí ar neamhní liostú a ainm ar na liostaí a chonspóidtear mar thoradh ar chur i bhfeidhm na bhforálacha sin.

27

Déanann an Chomhairle díospóid i ndáil leis an bpléadáil neamhdhleathachta a ardaíonn an t‑iarratasóir maidir le hinghlacthacht na pléadála sin.

Inghlacthacht na pléadála neamhdhleathachta

28

Gan pléadáil do-ghlacthachta a ardú go foirmiúil faoi Airteagal 130(1) de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta, maíonn an Chomhairle gur inghlactha í an phléadáil neamhdhleathachta a ardaíonn an t‑iarratasóir.

29

Dar leis an gComhairle, ní mhíníonn an t‑iarratasóir iarmhairtí na pléadála neamhdhleathachta a ardaítear i gcoinne na ngníomhartha a chonspóidtear agus ina leith. Mar thoradh ar an easpa soiléireachta sin, rud a thagann salach ar cheanglais Airteagal 76(d) de na Rialacha Nós Imeachta, níor ligeadh don Chomhairle a cosaint a ullmhú agus ba cheart, dá bhrí sin, do-ghlacthacht na pléadála sin a bheith mar thoradh uirthi.

30

Cuireann an t‑iarratasóir i gcoinne na hargóinte sin.

31

I ndáil leis sin, tá sé tábhachtach a mheabhrú, de bhun Airteagal 76(d) de na Rialacha Nós Imeachta, nach mór, go háirithe, na saincheisteanna dlí a mbeifear ag brath orthu a cheangal leis an iarratas. Ina theannta sin, beag beann ar aon cheist téarmaíochta, ní mór go mbeadh na saincheisteanna sách soiléir agus beacht chun go bhféadfaidh an cosantóir a chosaint a ullmhú agus an Chúirt Ghinearálta breithiúnas a thabhairt san achomharc, i gcás inarb iomchuí gan aon fhaisnéis eile a lorg. Is gá, chun go mbeidh caingean inghlactha, na sonraí bunúsacha dlíthiúla agus fíorasacha ar a bhfuiltear ag brath a léiriú, i bhfoirm achomair ar a laghad, go comhleanúnach agus go hintuigthe san iarratas féin, chun deimhneacht dhlíthiúil agus riar cuí an cheartais a ráthú (féach breithiúnas an 14 Aibreán 2021, Al-Tarazi v an Chomhairle, T‑260/19, nár foilsíodh, EU:T:2021:187, mír 166 agus an cásdlí dá dtagraítear).

32

Sa chás seo, maíonn an t‑iarratasóir, le hargóint achomair, go bhfuil easpa soiléireachta agus beachtais ag baint le critéar na ballraíochta teaghlaigh, rud a fhágann nach féidir na daoine is dócha a chumhdófar leis an gcritéar sin a shainaithint. Ina theannta sin, dar leis, bheadh mar thoradh ar a chur i bhfeidhm idirdhealú lena gcuirfí na gníomhartha a chonspóidtear ó bhail trí neamhdhleathacht.

33

I ndáil leis sin, is léir ón gcomhad go raibh an Chomhairle in ann a cosaint a ullmhú, mar is léir ón bhfreagra a thug sí ar shubstaint argóintí an iarratasóra sa chosaint agus san athfhreagra araon.

34

Ina theannta sin, measann an Chúirt Ghinearálta go bhfuil an phléadáil neamhdhleathachta faoi réir mionsonraí leordhóthanacha lena gceadaítear di a cumhacht athbhreithnithe a fheidhmiú agus, mar sin, rialú a thabhairt uirthi, gan aon fhaisnéis eile a lorg.

35

Dá thoradh sin, ní mór diúltú don phléadáil do-ghlacthachta a d’ardaigh an Chomhairle agus a dhearbhú go bhfuil an phléadáil neamhdhleathachta, a ardaíodh i gcoinne chritéar na ballraíochta teaghlaigh, inghlactha.

Cuimsitheacht na pléadála neamhdhleathachta

36

I dtaca leis an bpléadáil neamhdhleathachta, maíonn an t‑iarratasóir, go bunúsach, dhá ghearán, lena n‑éilítear:

–

ar an gcéad dul síos, sárú ar phrionsabal na dlíthiúlachta ar dá réir nach mór foráil a dhéanamh le dlí d’aon teorannú ar fheidhmiú na gceart, agus, dá bhrí sin, cur isteach ar an gceart chun maoine agus ar an gceart go ndéantar an saol príobháideach agus saol an teaghlaigh a urramú, faoi seach, le hAirteagal 17(1) agus Airteagal 7 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’) agus le hAirteagal 8(1) den Coinbhinsiún chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, a síníodh sa Róimh an 4 Samhain 1950 (CECD), agus le hAirteagal 1 de Phrótacal Uimh. 1 a ghabhann le CECD;

–

An dara hagóid, lena n‑éilítear sárú ar phrionsabal an neamh-idirdhealaithe, a leagtar amach in Airteagal 21(1) den Chairt agus in Airteagal 14 de CECD.

37

Mar réamhphointe, ba cheart a mheabhrú, mar a dheimhnítear le hAirteagal 6(3) CAE, gur mar chuid de dhlí an Aontais atá na cearta bunúsacha a dheonaítear faoi CECD mar phrionsabail ghinearálta agus ós rud é go bhforáiltear le hAirteagal 52(3) den Chairt go bhfuil an bhrí agus an raon feidhme céanna le bheith ag na cearta atá sa Chairt a chomhfhreagraíonn do na cearta a ráthaítear le CECD agus atá ag na cearta a leagtar síos in CECD, ní hionann an Coinbhinsiún agus ionstraim dlí atá ionchorpraithe go foirmiúil i ndlíchóras an Aontais, ós rud é nár aontaigh an tAontas Eorpach dó (féach breithiúnas an 3 Meán Fómhair 2015, Inuit Tapiriit Kanatami agus páirtithe eile v an CoimisiúnC‑398/13 P, EU:C:2015:535, mír 45 agus an cásdlí dá dtagraítear).

38

Dá bhrí sin, ní mór scrúdú a dhéanamh ar an bpléadáil neamhdhleathachta seo i bhfianaise fhorálacha na Cairte ar a bhfuil an t‑iarratasóir ag brath, agus i bhfianaise na bhforálacha sin amháin.

39

I ndáil leis sin, tá sé tábhachtach a mheabhrú, de bhun Airteagal 277 CFAE, d’ainneoin na tréimhse atá leagtha síos sa séú mír d’Airteagal 263 a bheith caite, féadfaidh aon pháirtí, i gcás imeachtaí ina mbeidh gníomh a bhfuil feidhm ghinearálta aige arna ghlacadh ag institiúid, ag comhlacht, ag oifig nó ag gníomhaireacht de chuid an Aontais faoi shaincheist, neamhfheidhmeacht an ghnímh sin a agairt os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

40

Le hAirteagal 277 CFAE, cuirtear i bhfocal an prionsabal ginearálta lena n‑áirítear do gach duine an ceart chun agóid theagmhasach a dhéanamh, trí iarratas a dhéanamh chun go gcuirfí ar neamhní cinneadh a sheoltar chuige, in aghaidh bhailíocht na ngníomhartha lena bhfuil feidhm ghinearálta is bonn le cinneadh den chineál sin, i gcás nach raibh ceart ag an duine sin, de réir Airteagal 263 CFAE, caingean a thionscnamh i gcoinne na ngníomhartha sin, os rud é nach raibh siad in ann iarratas a dhéanamh go ndéanfaí iad a chur ar neamhní. Ní mór don ghníomh ginearálta a líomhnaítear a neamhdhleathacht a bheith infheidhme, go díreach nó go hindíreach, maidir le hábhar na caingne agus ní mór nasc dlíthiúil díreach a bheith ann idir an cinneadh aonair atá faoi chonspóid agus an gníomh ginearálta atá i gceist (féach breithiúnais an 8 Meán Fómhair 2020, an Coimisiún agus an Chomhairle v Carreras Sequeros agus páirtithe eile, C‑119/19 P agus C‑126/19 P, EU:C:2020:676, míreanna 67 agus 68 agus an cásdlí dá dtagraítear, agus an 15 Samhain 2023, OT v an Chomhairle, T‑193/22, EU:T:2023:716, mír 33 agus an cásdlí dá dtagraítear).

41

Mar sin, tá lánrogha leathan ag an gComhairle, a mhéid a bhaineann le sainmhíniú ginearálta agus teibí ar na caighdeáin dhlíthiúla agus na modhanna lena nglactar bearta sriantacha (féach breithiúnas an 28 Aibreán 2021, Sharif v an Chomhairle, T‑540/19, nár foilsíodh, EU:T:2021:220, mír 167 agus an cásdlí dá dtagraítear).

42

Dá bhrí sin, maidir leis na rialacha a bhfuil feidhm ghinearálta acu lena sainítear na critéir agus na nósanna imeachta sin, cuirtear iad faoi réir athbhreithniú breithiúnach, atá teoranta d’fhíorú a dhéanamh gur comhlíonadh na rialacha maidir le nós imeachta agus maidir leis an ráiteas ar chúiseanna, gur luadh na fíorais go cruinn, nár tharla aon earráid dlí, nó nár tharla aon earráid fhollasach mheasúnaithe ar na fíorais nó ar mhí-úsáid cumhachtaí (féach breithiúnas an 28 Meán Fómhair 2022, LAICO v an Chomhairle, T‑627/20, nár foilsíodh, EU:T:2022:590, mír 59 agus an cásdlí dá dtagraítear).

43

Anuas air sin, de réir cásdlí socair, ní mór do chúirteanna an Aontais, i gcomhréir leis na cumhachtaí a thugtar dóibh de bhun Chonradh FAE, athbhreithniú a áirithiú ar dhlíthiúlacht gníomhartha uile de chuid an Aontais maidir le cearta bunúsacha atá mar dhlúthchuid de dhlíchóras an Aontais (féach breithiúnas an 9 Meán Fómhair 2016, Farahat v an Chomhairle, T‑830/14, nár foilsíodh, EU:T:2016:462, mír 27 agus an cásdlí dá dtagraítear).

44

Is i bhfianaise na bprionsabal sin a chaithfear cuimsitheacht na pléadála neamhdhleathachta a mheas.

– An chéad agóid, lena n‑éilítear sárú, le critéar na ballraíochta teaghlaigh, ar phrionsabal na dlíthiúlachta agus, dá bhrí sin, cur isteach ar an gceart chun maoine agus ar an gceart go ndéantar an saol príobháideach agus saol an teaghlaigh a urramú

45

Maíonn an t‑iarratasóir, cé go bhféadfadh cearta bunúsacha, i gcomhréir le hAirteagal 52(1) den Chairt, a bheith faoi réir cur isteach ó údaráis phoiblí, nach mór go ndéanfaí foráil le dlí d’aon teorannú ina leith sin agus ceanglais na soiléireachta, an bheachtais agus na hintuarthachta a chomhlíonadh chomh maith.

46

Mar sin féin, dar leis an iarratasóir, sáraítear Airteagal 52(1) den Chairt le critéar na ballraíochta teaghlaigh sa mhéid go bhfuil ‘easpa sainiúlachta ann go háirithe’. Dá bhrí sin, fágann an easpa beachtais sin nach féidir na daoine is dócha a chumhdófar, go bunúsach, leis an reachtaíocht bhunúsach a shainaithint.

47

Leanann sé ón méid sin, ar an gcéad dul síos, go ndéanfadh critéar na ballraíochta teaghlaigh dochar, ar an gcéad dul síos, don cheart chun maoine, a ráthaítear le hAirteagal 17(1) den Chairt agus, ar an dara dul síos, don cheart go ndéantar an cháil a urramú, a chumhdaítear leis an gceart go ndéantar an saol príobháideach agus saol an teaghlaigh a urramú, de réir bhrí Airteagal 7 den Chairt.

48

Cuireann an Chomhairle i gcoinne na hargóinte sin.

49

I ndáil leis sin, ba cheart a mheabhrú, nach sainchearta daingne iad an ceart chun maoine agus an ceart go ndéanfaí an saol príobháideach a urramú, a bhfuil an ceart go ndéanfaí an cháil a urramú mar dhlúthchuid dóibh, agus go bhféadfar a bhfeidhmiú a shrianadh faoi na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 52(1) den Chairt, ar dá réir, ar an gcéad dul síos, ‘[nach mór] foráil le dlí d’aon teorannú ar fheidhmiú na gceart agus na saoirsí arna n‑aithint sa Chairt seo agus ní mór ábhar bunriachtanach na gceart agus na saoirsí sin a urramú’ agus, ar an dara dul síos, ‘[f]aoi réir phrionsabal na comhréireachta, ní fhéadfar teorainneacha a dhéanamh ach amháin má tá gá leo agus má fhreagraíonn siad iarbhír do chuspóirí leasa ghinearálta arna n‐aithint ag an Aontas nó don riachtanas cearta agus saoirsí daoine eile a chosaint’.

50

Dá bhrí sin, chun dlí an Aontais a chomhlíonadh, ní mór do shárú ar cheart nó ar shaoirse a dheonaítear leis an gCairt ceithre choinníoll a chomhlíonadh. Ar an gcéad dul síos, ní mór ‘foráil le dlí’ a bheith ann do na teorainneacha atá i gceist, sa mhéid is go gcaithfidh institiúid de chuid an Aontais a ghlacann bearta a d’fhéadfadh srian a chur le ceart nó saoirse duine aonair nó dlítheanach bunús dlí a bheith aici chun na críche sin. Ar an dara dul síos, ní mór go ndéanfaí, leis an teorannú atá i gceist, ábhar bunriachtanach an chirt nó saoirse atá i gceist a urramú. Ar an tríú dul síos, ní mór dó cuspóir leasa ghinearálta, arna aithint ag an Aontas Eorpach, a bhaint amach. Ar an gceathrú dul síos, ní mór don teorainn atá i gceist a bheith comhréireach (féach breithiúnas an 27 Iúil 2022, RT France v an Chomhairle, T‑125/22, EU:T:2022:483, mír 145 agus an cásdlí dá dtagraítear).

51

Mar sin, mar is léir ó mhír 46 thuas, ní mhaíonn an t‑iarratasóir ach nach bhfuil critéar na ballraíochta teaghlaigh beacht go leordhóthanach chun freastal ar an gcéad choinníoll a leagtar síos in Airteagal 52(1) den Chairt, ar dá réir nach mór foráil a dhéanamh le dlí d’aon teorannú ar na cearta bunúsacha. Os a choinne sin, ní chuireann an t‑iarratasóir aon argóint chun cinn maidir leis na trí choinníoll eile dá dtagraítear i mír 50 den bhreithiúnas seo.

52

I ndáil leis sin, ní mór a mheabhrú gur mheas an Chúirt go gciallaíonn prionsabal na dlíthiúlachta, a bhunaítear leis na focail ‘foráil le dlí a dhéanamh’ a léirítear faoi Airteagal 52(1) den Chairt, gur cheart bunús dlí a bheith ag aon teorannú ar na cearta agus na saoirsí a chumhdaítear sa Chairt lena sainítear, go soiléir agus go beacht, raon feidhme an teorannaithe ar a bhfeidhmiú (Tuairim 1/15 (Comhaontú PNR idir an tAontas agus Ceanada) an 26 Iúil 2017, EU:C:2017:592, mír 139; breithiúnais an 16 Iúil 2020, Facebook Ireland agus Schrems, C‑311/18, EU:C:2020:559, mír 175 agus an 8 Meán Fómhair 2020, Recorded Artists Actors Performers, C‑265/19, EU:C:2020:677, mír 86).

53

Ní mór a chur leis sin go gceanglaítear le prionsabal na dlíthiúlachta go sainítear leis an ngníomh lena gceadaítear cur isteach ar chearta bunúsacha féin raon feidhme an teorannaithe ar fheidhmiú an chirt lena mbaineann, nach gcuirtear cosc leis an gceanglas sin, ar an gcéad dul síos, ar an teorannú atá i gceist a fhoirmliú i dtéarmaí atá oscailte go leordhóthanach le bheith in ann dul in oiriúint do chásanna éagsúla agus coinneáil suas le himthosca athraitheacha agus, ar an dara dul síos, go bhféadfaidh an Chúirt, i gcás inarb iomchuí, raon feidhme sonrach an teorannaithe a shonrú, trí bhíthin léirmhíniú, i bhfianaise fhoclaíocht reachtaíocht an Aontais atá i gceist agus i bhfianaise a scéime ginearálta agus na gcuspóirí a shaothraítear léi, mar a léirítear iad i bhfianaise na gceart bunúsach a ráthaítear leis an gCairt (féach breithiúnas an 21 Meitheamh 2022, Ligue des droits humains, C‑817/19, EU:C:2022:491, mír 114 agus an cásdlí dá dtagraítear).

54

Sa chomhthéacs sin, ceanglaítear inter alia le prionsabal na deimhneachta dlíthiúlachta, atá ar cheann de phrionsabail ghinearálta dhlí an Aontais, go mbeidh rialacha dlí soiléir, beacht agus intuartha maidir lena n‑éifeachtaí, go háirithe i gcás ina bhféadfadh iarmhairtí díobhálacha a bheith acu do dhaoine aonair agus do ghnóthais (féach breithiúnas an 15 Meán Fómhair 2021, Ilunga Luyoyo v an Chomhairle, T‑101/20, nár foilsíodh, EU:T:2021:575, mír 201 agus an cásdlí dá dtagraítear). Tá feidhm ag prionsabal den chineál sin maidir le bearta sriantacha, ar nós na bearta a chonspóidtear sa chás seo, a mbíonn tionchar acu ar chearta agus ar shaoirsí na ndaoine lena mbaineann (féach breithiúnas an 15 Meán Fómhair 2021, Mutondo v an Chomhairle, T‑103/20, nár foilsíodh, EU:T:2021:578, mír 205 agus an cásdlí dá dtagraítear).

55

Sa chás seo, de mhalairt ar an méid a mhaíonn an t‑iarratasóir, ní cheadaítear don Chomhairle, le critéar na ballraíochta teaghlaigh, bearta sriantacha a fhorchur ar gach duine a bhfuil an sloinne Assad orthu, bíodh baint acu leis an teaghlach sin, atá i gcumhacht sa tSiria faoi láthair, nó ná bíodh.

56

Ar an gcéad dul síos, i gcomhréir le hAirteagal 27(4) agus Airteagal 28(4) de Chinneadh 2013/255 arna leasú le Cinneadh 2015/1836, is ar bhonn aonair agus ar bhonn cás ar chás a ghlactar gach cinneadh liostaithe maidir leis na liostaí a chonspóidtear, ag féachaint do chomhréireacht an bhirt.

57

Ar an dara dul síos, tá critéar na ballraíochta teaghlaigh leabaithe i gcreat dlíthiúil atá sainithe go soiléir ag na cuspóirí atá á saothrú, go háirithe, leis an Rialachán bunúsach.

58

Mar sin, i gcomhréir leis an gcásdlí dá dtagraítear i mír 53 thuas, ní mór critéar na ballraíochta teaghlaigh a léíriú, inter alia, de réír chuspóirí na mbeart sriantach a glacadh i bhfianaise na staide sa tSiria. Sa chás seo, is léir ó aithris 7 de Chinneadh 2015/1836 go n‑aimsítear cumhacht réimeas na Siria idir ‘lámha na mball de theaghlaigh Assad agus Makhlouf a bhfuil tionchar acu’ agus gur cheart don Chomhairle bearta sriantacha a thabhairt isteach i gcoinne na mball áirithe de na teaghlaigh sin ‘chun tionchar a imirt ar réimeas na Siria go díreach trí bhaill na dteaghlach sin chun go n‑athróidh sé a bheartas cos ar bolg chun an baol go rachadh baill de na teaghlaigh sin timpeall ar na bearta sriantacha a sheachaint’(féach mír 8 thuas).

59

Sa chás seo, maíonn an t‑iarratasóir, ar an gcéad dul síos, go bhfuil critéar na ballraíochta teaghlaigh dírithe, ar an gcéad dul síos, ar dhaoine a bhfuil an sloinne Assad orthu, sloinne atá an‑choitianta sa tSiria, ach nach bhfuil bainteach le teaghlach Assad atá i gcumhacht sa tír sin faoi láthair. Ar an taobh eile, d’eiseofaí ó raon feidhme an chritéir sin na daoine a bhfuil a sloinnte caillte acu trí phósadh.

60

I ndáil leis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara go ndéantar raon feidhme chritéar na ballraíochta teaghlaigh, cé go bhfuil sé foirmlithe i dtéarmaí oscailte, a theorannú le haithris 7 de Chinneadh 2015/1836 (féach mír 58 thuas) agus, dá bhrí sin, nach féidir díriú ach ar dhream daoine atá inaitheanta go soiléir, eadhon iad siúd a bhfuil baint acu le teaghlach Assad atá i gcumhacht sa tSiria faoi láthair.

61

Leanann sé ón méid sin, ar an gcéad dul síos, nach dtagann daoine a bhfuil an sloinne Assad orthu, gan beann ar cé chomh coitianta is atá sé sa tSiria, faoi raon feidhme chritéar na ballraíochta teaghlaigh, ach amháin má tá ceangail teaghlaigh acu le teaghlach Assad atá i mbun rialú ar an tSiria faoi láthair.

62

Ar an dara dul síos, mar a mhaíonn an Chomhairle, féadfaidh na daoine a bhfuil ceangail teaghlaigh acu le teaghlach Assad atá i gcumhacht sa tSiria, a n‑ainmneacha a fheiceáil ar na liostaí a chonspóidtear ar bhonn chritéar na ballraíochta teaghlaigh, fiú mura bhfuil an sloinne Assad orthu.

63

I ndáil leis sin, maíonn an t‑iarratasóir gur neamhbheacht é critéar na ballraíochta teaghlaigh, sa mhéid go bhfuil sé dírithe ar gach ball de theaghlach Assad, gan idirdhealú a dhéanamh idir na daoine a bhfuil tionchar acu agus iad siúd nach bhfuil.

64

I ndáil leis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara nach bhforáiltear le critéar na ballraíochta teaghlaigh d’aon choinníoll a bhaineann le tionchar na mball de theaghlach Assad. Ar an taobh eile, leagtar an coinníoll sin amach go sainráite i bhfoclaíocht Airteagal 27(2)(a) agus Airteagal 28(2)(a) de Chinneadh 2013/255 arna leasú le Cinneadh 2015/1836 agus Airteagal 15(1)(a) de Rialachán Uimh. 36/2012 mar a leasaíodh le Rialachán 2015/1828, atá dírithe ar ‘m[h]órphearsa gnó a bhfuil tionchar aige atá ag feidhmiú sa tSiria’.

65

Leanann sé ón méid sin nach bhfreagraíonn critéar na ballraíochta teaghlaigh ach do bhaill de theaghlach Assad a bhfuil ‘tionchar’ acu agus atá i gcumhacht sa tSiria. Féachann an Chomhairle, trí na bearta sriantacha arna nglacadh de bhun an chritéir sin, baill áirithe den teaghlach sin a spreagadh chun brú a chur ar réimeas na Siria ionas go gcuirfidís deireadh leis an gcos ar bolg ar an bpobal sibhialtach agus an baol go rachadh baill áirithe den teaghlach sin timpeall ar bhearta sriantacha (féach mír 58 thuas).

66

Ar an tríú dul síos, maíonn an t‑iarratasóir go gcuirtear bac le prionsabal na freagrachta pearsanta, atá cumhdaithe i dtraidisiúin bhunreachtúla na mBallstát, ar aon liostú uathoibríoch lena ‘bhforchuirfí pionós’ ar dhuine ar an toisc amháin go bhfuil siad mar bhall de theaghlach Assad, ós rud é nach féidir freagracht a chur ar aon duine as gníomhaíochtaí a dtuismitheoirí.

67

I ndáil leis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara, cé gur léir ón gcásdlí, i bhfianaise phrionsabal na bpionós a bhaineann go sonrach le ciontóir agus na bpionós, nár cheart pionós a fhorchur ar aon duine nádurtha nó dlítheanach ach amháin as gníomhaíochtaí a chuirtear ina leith go leithleach (féach breithiúnas an 7 Meitheamh 2023, Skryba v an Chomhairle, T‑581/21, nár foilsíodh, EU:T:2023:321, mír 27 agus an cásdlí dá dtagraítear).

68

Mar sin féin, is ionann na bearta sriantacha agus bearta coisctheacha dírithe a chuimsítear i gcreat docht na gcoinníollacha dlíthiúla a shainmhínítear le cinneadh arna ghlacadh de bhun Airteagal 29 CAE agus le Rialachán atá bunaithe ar Airteagal 215(2) CFAE lena gcuirtear chun feidhme an cinneadh sin faoi raon feidhme CFAE. Féachtar leo, inter alia, bagairtí ar an tsíocháin agus ar an tslándáil idirnáisiúnta a chomhrac, i gcomhréir leis na forálacha a bhaineann leis an gComhbheartas Eachtrach agus Slándála (CBES). Dá bhrí sin, mar gheall ar a gcineál réamhchúraim agus a gcuspóir coisctheach, tá bearta sriantacha éagsúil ó phionóis choiriúla nó riaracháin (féach, i ndáil leis sin, breithiúnas an 7 Meitheamh 2023, Skryba v an Chomhairle, T‑581/21, nár foilsíodh, EU:T:2023:321, mír 28 agus an cásdlí dá dtagraítear).

69

Go sonrach, mar is léir ó mhír 58 thuas, ní hé an cuspóir atá á shaothrú leis na bearta sriantacha arna nglacadh i bhfianaise na staide sa tSiria pionóis a fhorchur ar na daoine nó ar na heintitis a bhfuil siad ag díriú orthu, ach brú a chur, tríothu sin, ar réimeas na Siria deireadh a chur leis an mbeartas cos ar bolg fhoréigneach a imirt ar phobal sibhialtach na Siria.

70

Go deimhin, mar a luaitear i mír 56 thuas, is ar bhonn aonair agus ar bhonn cás ar chás a dhéantar gach cinneadh liostaithe maidir leis na liostaí a chonspóidtear a ghlacadh, ag féachaint do chomhréireacht an bhirt lena mbaineann, agus mar thoradh air sin ní féidir aon liostú ar bhonn chritéar na ballraíochta teaghlaigh a thabhairt isteach.

71

Mar sin, ní fhéadfadh an t‑iarratasóir prionsabal na freagrachta pearsanta a agairt d’fhonn agóid a dhéanamh in aghaidh dhlíthiúlacht chritéar na ballraíochta teaghlaigh.

72

Is léir ón méid sin roimhe go ndéantar, le critéar na ballraíochta teaghlaigh, arna léamh i gcomhar leis an gcuspóir chun brú a chur ar réimeas na Siria d’fhonn iallach a chur air deireadh a chur leis an gcos ar bolg fhoréigneach, ar bhealach oibiachtúil agus beacht go leor, catagóir de dhaoine a d’fhéadfaí a chur faoi réir bearta sriantacha a shainmhíniú.

73

Dá bhrí sin, measann an Chúirt Ghinearálta go mbunaítear foráil shoiléir agus bheacht le critéar na ballraíochta teaghlaigh, lena gcomhlíontar na ceanglais a leagtar síos le prionsabal na dlíthiúlachta de réir bhrí an chásdlí dá dtagraítear i mír 52 thuas.

74

Sna himthosca sin, ós rud é go gcomhlíontar prionsabal na dlíthiúlachta le critéar na ballraíochta teaghlaigh, ní mór diúltú d’agóid an iarratasóra lena n‑éilítear sárú ar an gceart um maoin agus an ceart go ndéantar an cháil a urramú.

75

Leis sin, ní mór diúltú don chéad agóid.

– An dara saincheist dlí lena n‑éilítear sárú ar phrionsabal an neamh-idirdhealaithe

76

Leis an dara saincheist dlí, maíonn an t‑iarratasóir gurb ionann ‘pionós a fhorchur’ ar dhuine ar an gcúis amháin go bhfuil sé ina bhall de theaghlach, beag beann ar bhrí an choincheapa sin, agus idirdhealú de réir bhrí Airteagal 21(1) den Chairt. Dar leis, beidh toradh díréireach le cur i bhfeidhm chritéar na ballraíochta teaghlaigh i gcomhréir leis an gcuspóir atá á shaothrú, sa mhéid is nach mbeidh sé riamh in ann tuillteanas an chéad fhorais le haghaidh liostú a thabhairt faoi cheist mar chol cúigir d’Uachtarán na Siria Bashar Al-Assad (‘Uachtarán na Siria’).

77

Cuireann an Chomhairle i gcoinne na hargóinte sin.

78

I ndáil leis sin, is fiú a mheabhrú go dtoirmisctear, le hAirteagal 21(1) den Chairt, ‘aon idirdhealú atá bunaithe ar aon fhoras amhail gnéas, cine, dath, tionscnamh eitneach nó sóisialta, airíonna géiniteacha, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairim pholaitiúil nó eile, ballraíocht i mionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois nó treoshuíomh gnéasach’.

79

De réir an chásdlí, le prionsabal na córa comhionainne, atá ina phrionsabal ginearálta de dhlí an Aontais agus ar léiriú ar leith é prionsabal an neamhidirdhealaithe air, cuirtear toirmeasc ar chaitheamh le cásanna inchomparáide ar bhealach éagsúil nó ar chaitheamh le cásanna éagsúla ar an mbealach céanna, ach amháin i gcás ina bhfuil údar oibiachtúil leis an gcóir sin (breithiúnais an 31 Bealtaine 2018, Kaddour v an Chomhairle, T‑461/16, EU:T:2018:316, mír 152 agus an cásdlí dá dtagraítear, agus an 23 Samhain 2022, Bowden agus Young v Europol, T‑72/21, nár foilsíodh, EU:T:2022:720, mír 151 agus an cásdlí dá dtagraítear).

80

Tá údar le difríocht sa chóir má tá sí bunaithe ar chritéar oibiachtúil agus réasúnach, is é sin le rá, má bhaineann sí le haidhm atá incheadaithe ó thaobh an dlí de arna saothrú leis an reachtaíocht lena mbaineann, agus má tá an difríocht sin comhréireach leis an aidhm atá á saothrú leis an gcóir lena mbaineann (féach breithiúnas an 16 Meitheamh 2021, Krajowa Izba Gospodarcza Chłodnictwa i Klimatyzacji v an Coimisiún, T‑126/19, EU:T:2021:360, mír 86 agus an cásdlí dá dtagraítear).

81

Ina theannta sin, ceanglaítear le prionsabal na comhréireachta, a léirítear in Airteagal 5(4) CAE, go mbeidh na modhanna cur chun feidhme d’fhoráil de dhlí an Aontais de chineál chun na cuspóirí dlisteanacha a shaothraítear leis an reachtaíocht atá i gceist a bhaint amach agus nach rachaidh siad thar an méid is gá chun a leithéid a dhéanamh (féach breithiúnas an 16 Nollaig 2020, Haswani v an Chomhairle, T‑521/19, nár foilsíodh, EU:T:2020:608, mír 171 agus an cásdlí dá dtagraítear).

82

Mar sin, maidir le bearta sriantacha, mar is léir ó mhír 41 thuas, tá lánrogha leathan ag an gComhairle maidir le critéir liostaithe a shainmhíniú agus a ghlacadh. Dá bhrí sin, ní bheidh dlíthiúlacht na mbeart sriantach faoi réir cinneadh maidir lena n‑éifeachtaí láithreacha, ach amháin nach bhfuil siad míchuí go follasach i bhfianaise an chuspóra a bhfuil sé beartaithe ag an institiúid inniúil a shaothrú (féach, i ndáil leis sin, ordú an 17 Meán Fómhair 2020, Rosneft agus páirtithe eile v an Chomhairle, C‑732/18 P, nár foilsíodh, EU:C:2020:727, mír 97).

83

Sa chás seo, maíonn an t‑iarratasóir gur idirdhealaitheach é critéar na ballraíochta teaghlaigh, toisc go n‑údaraítear leis ‘pionóis’ i gcoinne ‘roinnt daoine nach bhfuil baint acu le hUachtarán na Siria’, ionas go mbeidh toradh díréireach leis an gcuspóir arna shaothrú.

84

Ar an gcead dul síos, is fiú a thabhairt faoi deara, de réir cásdlí socair, nach n-áirítear leis na bearta sriantacha arna nglacadh ag an Aontas, coigistiú sócmhainní an duine lena mbaineann mar fháltais ó choireacht, ach amháin reo na bhfáltas sin, mar bheart réamhchúraim, ionas nach ionann iad agus smachtbhanna coiriúil. Ní thugann siad le tuiscint, ach an oiread, go bhfuil aon chúiseamh de chineál coiriúil i gceist (féach breithiúnais an 21 Iúil 2016, Hassan v an Chomhairle, T‑790/14, EU:T:2016:429, mír 77 (nár foilsíodh) agus an cásdlí dá dtagraítear, agus an 12 Nollaig 2018, Makhlouf v an Chomhairle, T‑409/16, nár foilsíodh, EU:T:2018:901, mír 129 agus an cásdlí dá dtagraítear).

85

Maidir leis na bearta sriantacha arna nglacadh i bhfianaise na staide sa tSiria, níl sé de chuspóir acu smachtbhannaí a chur ar réimeas na Siria nó ar na daoine a bhfuil a n‑ainmneacha ar na liostaí a chonspóidtear, ach brú a chur ar an réimeas ionas go gcuirfí deireadh leis an mbeartas cos ar bolg fhoréigneach a bhí á himirt ar an bpobal sibhialtach (féach mír 58 thuas).

86

Dá bhrí sin, is cuspóir é atá mar chuid de chomhthéacs níos ginearálta na n‑iarrachtaí a bhaineann leis an tsíocháin agus an tslándáil idirnáisiúnta a chothabháil, dá bhforáiltear in Airteagal 21 CAE, ina dtagraítear d’fhorálacha ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais, agus atá dlisteanach dá bhrí sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 23 Meán Fómhair 2020, Kaddour v an Chomhairle, T‑510/18, EU:T:2020:436, mír 176 (nár foilsíodh)).

87

Mar a chuireann an Chomhairle in iúl, is iomchuí bearta sriantacha a ghlacadh i gcoinne an iarratasóra, ós rud é gurb ionann é agus céim a ghlactar chun cuspóir leasa ghinearálta a bhaint amach, rud atá bunriachtanach don chomhphobal idirnáisiúnta d’fhonn an pobal sibhialtach a chosaint. Dá réir sin, ní féidir a mheas nach leor reo cistí agus acmhainní eacnamaíocha eile ná an toirmeasc ar theacht isteach i gcríoch an Aontais Eorpaigh i ndáil le daoine a shainaithnítear mar dhaoine a bhfuil baint acu le tacaíocht réimeas na Siria (féach breithiúnas an 16 Eanáir 2019, Haswani v an Chomhairle, T‑477/17, nár foilsíodh, EU:T:2019:7, mír 75 agus an cásdlí dá dtagraítear).

88

Leanann sé ón méid sin nach féidir, in imthosca ar bith, caitheamh leis na bearta sriantacha arna nglacadh ar bhonn chritéar na ballraíochta teaghlaigh, ar an mbealach céanna le pionóis agus, thairis sin, ní mór go ndéantar leo cuspóir leasa ghinearálta arna aithint ag an Aontas a shaothrú.

89

Ar an dara dul síos, contrártha leis an méid a mhaíonn an t‑iarratasóir, tagraíonn critéar na ballraíochta teaghlaigh do chatagóir shonrach daoine, eadhon daoine a bhfuil nasc teaghlaigh acu le teaghlach Assad atá i gcumhacht sa tSiria, agus ar baill den teaghlach sin iad dá bhrí sin (féach míreanna 60, 61, agus 72 thuas).

90

Ar an tríú dul síos, ní shonraíonn an t‑iarratasóir cén chaoi nó cé na daoine a mbeadh cur i bhfeidhm chritéar na ballraíochta teaghlaigh idirdhealaitheach ina leith. Anuas air sin, ní thugann sé samplaí sonracha de dhaoine eile atá i gcás inchomparáide lena chás féin agus a gcaitear ar bhealach éagsúil leo de réir bhrí an chásdlí a luaitear i mír 79 den bhreithiúnas seo (féach, chuige sin agus de réir analaí, breithiúnas an 30 Samhain 2016, Export Development Bank of Iran v an Chomhairle, T‑89/14, nár foilsíodh, EU:T:2016:693, mír 120). Sna himthosca sin, níl an Chúirt Ghinearálta in ann a fhíorú cibé an dtacaítear leis na liomhaintí sin le fíricí.

91

Ar an gceathrú dul síos, ní mór diúltú d’argóint an iarratasóra lena maíonn sé go n‑eascraíonn toradh díréireach as critéar na ballraíochta teaghlaigh i gcomparáid leis an gcuspóir atá á shaothrú leis na bearta sriantacha atá i gceist, a mhéid nach féidir leis, mar chol cúigir Uachtarán na Siria, toimhde de cheangal le réimeas na Siria a fhrisnéis a bhréagnú.

92

Mar sin, is leor a dhearbhú chuige sin, de réir bhrí Airteagal 27 agus Airteagal 28(3) de Chinneadh 2013/255 arna leasú le Cinneadh 2015/1836 agus Airteagal 15(1) de Rialachán Uimh. 36/2012 arna leasú le Rialachán 2015/1828, nach bhfuil ainmneacha na ndaoine a chumhdaítear leis na critéir liostaithe éagsúla, lena n‑áirítear, inter alia, baill de theaghlach Assad, le háireamh ná le coinneáil ar na liostaí atá i gceist má tá faisnéis leordhóthanach ann lena léirítear nach bhfuil baint ag na daoine sin leis an gcóras nó nach bhfuil aon tionchar acu air nó nach bhfuil baint acu le fíorbhaol go dtiocfaí timpeall ar na bearta sriantacha.

93

Dá bhrí sin, féadfaidh aon duine, gan beann ar an gcáil nó ar an stádas ar dá réir a cuireadh iad ar na liostaí a chonspóidtear, fianaise a thabhairt ar aird d’fhonn agóid a dhéanamh i gcoinne a ainm a bheith san áireamh ar na liostaí sin nó iad a choimeád ann. Is amhlaidh an cás, sa chás seo, don iarratasóir agus é ina cháil mar chol cúigir de chuid an Uachtaráin.

94

I bhfianaise an mhéid sin, ní mór an dara saincheist agus, mar sin, an phléadáil neamhdhleathachta, a dhiúltú ina hiomlán.

[omissis]

 

Ar an bhforas sin,

Tugann AN CHÚIRT GHINEARÁLTA (an Naoú Dlísheomra)

an dearbhú agus an tOrdú seo a leanas:

 

1.

Déantar an chaingean a dhiúltú.

 

2.

Ordaítear do Samer Kamal Al-Assad na costais a íoc.

 

Truchot

Kanninen

Frendo

Arna thabhairt i gcúirt oscailte i Lucsamburg, an 4 Meán Fómhair 2024.

Sínithe


( *1 ) Teanga an cháis: an Fhraincis.

( 1 ) Ní léirítear ach na míreanna den bhreithiúnas seo a mheasann an Chúirt Ghinearálta a bheith iomchuí.

Top