Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62023TA0557

Cás T-557/23: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 8 Deireadh Fómhair 2025 – Swissgrid v ACER (Fuinneamh – Margadh inmheánach leictreachais – Treoirlíne maidir le cothromú leictreachais – Airteagal 1(6) agus (7) de Rialachán (AE) 2017/2195 – Ardán Eorpaigh chun fuinneamh don chothromú a mhalartú ó chúlchistí athbhunaithe minicíochta le gníomhachtú láimhe – Easpa rannpháirtíochta oibreoirí córais tarchurtha na hEilvéise – Caingean arna tabhairt i gcoinne Bhord Achomhairc ACER – Coinníollacha agus socruithe mionsonraithe chun caingean a thabhairt – Airteagal 28 de Rialachán (AE) 2019/942 – Do-ghlacthacht mar gheall ar easpa seasaimh os comhair an Bhoird Achomhairc – Easpa cúram díreach – Pléadáil neamhdhleathachta)

IO C, C/2025/6169, 24.11.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/6169/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/6169/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/6169

24.11.2025

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 8 Deireadh Fómhair 2025 – Swissgrid v ACER

(Cás T-557/23)  (1)

(Fuinneamh - Margadh inmheánach leictreachais - Treoirlíne maidir le cothromú leictreachais - Airteagal 1(6) agus (7) de Rialachán (AE) 2017/2195 - Ardán Eorpaigh chun fuinneamh don chothromú a mhalartú ó chúlchistí athbhunaithe minicíochta le gníomhachtú láimhe - Easpa rannpháirtíochta oibreoirí córais tarchurtha na hEilvéise - Caingean arna tabhairt i gcoinne Bhord Achomhairc ACER - Coinníollacha agus socruithe mionsonraithe chun caingean a thabhairt - Airteagal 28 de Rialachán (AE) 2019/942 - Do-ghlacthacht mar gheall ar easpa seasaimh os comhair an Bhoird Achomhairc - Easpa cúram díreach - Pléadáil neamhdhleathachta)

(C/2025/6169)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Swissgrid AG (Aarau, an Eilvéis) (ionadaí: P. De Baere, P. L’Ecluse, K. T’Syen, V. Lefever agus V. Ion, Dlíodóirí)

Cosantóir: Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (ACER) (ionadaí: P. Martinet agus E. Tremmel, i gcáil Gníomhairí, le cúnamh ó B. Creve agus T. Kölsch, Dlíodóirí)

Idiragraí, mar thaca leis an gcosantóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaí: O. Beynet, T. Scharf, B. De Meester agus C. Hödlmayr, i gcáil Gníomhairí)

Ábhar

Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t iarratasóir, Swissgrid AG, go gcuirfí ar neamhní Cinneadh A-007-2022 ón mBord Achomhairc de Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (ACER) an 29 Meitheamh 2023 lena ndiúltaítear don chaingean i gcoinne Chinneadh 14/2022 ó ACER an 30 Meán Fómhair 2022 (‘an cinneadh atá faoi chonspóid’) toisc í a bheith do-ghlactha.

An chuid oibríochtúil

1.

Díbhtear an chaingean.

2.

Ordaítear do Swissgrid AG a chostais féin agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (ACER) a íoc.

3.

Ordaítear don Choimisiún a chostais féin a íoc.


(1)   IO C, C/2023/228 an 23.10.2023.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/6169/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top