This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62023TA0503
Case T-503/23: Judgment of the General Court of 4 September 2024 – Sharif v Council (Common foreign and security policy – Restrictive measures adopted in view of the situation in Syria – Freezing of funds – Restrictions on entry into the territories of the Member States – Maintaining the applicant’s name on the lists of persons, entities and bodies concerned – Criterion of association with members of the Assad or Makhlouf families – Plea of illegality – Errors of assessment – Non-contractual liability)
Cás T-503/23: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 4 Meán Fómhair 2024 – Sharif v Comhairle (Comhbheartas eachtrach agus slándála – Bearta sriantacha arna nglacadh i bhfianaise na staide sa tSiria – Reo sócmhainní – Srianta ar dul isteach i gcríoch na mBallstát – Ainm an iarratasóra a choinneáil ar liostaí na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí lena mbaineann – Critéar dlúthnasc idir baill teaghlaigh Assad nó Makhlouf – Pléadáil neamhdhleathachta – Earráidí measúnaithe – Dliteanas neamhchonarthach)
Cás T-503/23: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 4 Meán Fómhair 2024 – Sharif v Comhairle (Comhbheartas eachtrach agus slándála – Bearta sriantacha arna nglacadh i bhfianaise na staide sa tSiria – Reo sócmhainní – Srianta ar dul isteach i gcríoch na mBallstát – Ainm an iarratasóra a choinneáil ar liostaí na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí lena mbaineann – Critéar dlúthnasc idir baill teaghlaigh Assad nó Makhlouf – Pléadáil neamhdhleathachta – Earráidí measúnaithe – Dliteanas neamhchonarthach)
IO C, C/2024/6097, 21.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/6097/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/6097 |
21.10.2024 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 4 Meán Fómhair 2024 – Sharif v Comhairle
(Cás T-503/23) (1)
(Comhbheartas eachtrach agus slándála - Bearta sriantacha arna nglacadh i bhfianaise na staide sa tSiria - Reo sócmhainní - Srianta ar dul isteach i gcríoch na mBallstát - Ainm an iarratasóra a choinneáil ar liostaí na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí lena mbaineann - Critéar dlúthnasc idir baill teaghlaigh Assad nó Makhlouf - Pléadáil neamhdhleathachta - Earráidí measúnaithe - Dliteanas neamhchonarthach)
(C/2024/6097)
Teanga an cháis: an Fhraincis
Páirtithe
Iarratasóir: Ammar Sharif, (Beyrouth, an Liobáin) (ionadaithe: G. Karouni agus K. Assogba, Dlíodóirí)
Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh, (ionadaithe: S. Lejeune agus V. Piessevaux, Gníomhairí)
Ábhar
Lena chaingean, iarrann an t-iarratasóir, M. Ammar Sharif, ar an gcéad dul síos, de bhun Airteagal 263 CFAE, go gcuirfí Cinneadh (CBES) 2023/1035 ón gComhairle an 25 Bealtaine 2023 lena leasaítear Cinneadh 2013/255/CBES maidir le bearta sriantacha i gcoinne na Siria (IO 2023 L 139, lch. 49) agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1027 ón gComhairle an 25 Bealtaine 2023 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria (IO 2023 L 139, lch. 1) (‘na gníomhartha atá faoi chonspóid) ar neamhní a mhéid a bhaineann na gníomhartha seo leis agus, ar an dara dul síos, de bhun Airteagal 268 CFAE, go gcúiteofaí an damáiste neamhábhartha a líomhnaítear a bhain dó dá thoradh na gníomhartha thuasluaite a ghlacadh. Iarrann an t-iarratasóir go dteagmhasach, de bhun Airteagal 277 CFAE, dearbhú nach bhfuil feidhm ag Airteagal 27(2)(b) agus (3), Airteagal 28(2)(b) agus (3) de Chinneadh 2013/255/CBES ón gComhairle an 31 Bealtaine 2013 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na Siria (IO 2013 L 147, lch. 14) arna leasú ag Cinneadh (CBES) 2015/1836 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2015 (IO 2015 L 266, lch. 75) agus Airteagal 15(1)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 ón gComhairle an 18 Eanáir 2012 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na Siria agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 442/2011 (IO 2012 L 16, lch. 1) arna leasú ag Rialachán (AE) 2015/1828 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2015 (IO 2015 L 266, lch. 1).
An chuid oibríochtúil
|
1. |
Díbhtear an chaingean. |
|
2. |
Ordaítear do M. Ammar Sharif na costais a íoc. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/6097/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)