This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62023CN0808
Case C-808/23, Högkullen: Request for a preliminary ruling from the Högsta förvaltningsdomstolen (Sweden) lodged on 27 December 2023 — Högkullen AB v Skatteverket
Cás C-808/23, Högkullen: Iarraidh ar réamhrialú ó Högsta förvaltningsdomstolen a taisceadh an 27 Nollaig 2023 – Högkullen AB v Skatteverket
Cás C-808/23, Högkullen: Iarraidh ar réamhrialú ó Högsta förvaltningsdomstolen a taisceadh an 27 Nollaig 2023 – Högkullen AB v Skatteverket
IO C, C/2024/1846, 11.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1846/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/1846 |
11.3.2024 |
Iarraidh ar réamhrialú ó Högsta förvaltningsdomstolen a taisceadh an 27 Nollaig 2023 – Högkullen AB v Skatteverket
(Cás C-808/23, Högkullen)
(C/2024/1846)
Teanga an cháis: an tSualainnis
An chúirt a rinne an tarchur
Högsta förvaltningsdomstolen
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Högkullen AB
Cosantóir: Skatteverket
Na ceisteanna a tharchuirtear:
|
1. |
An bhfuil sé i gcomhréir le hAirteagail 72 agus 80 den Treoir CBL (1) agus forálacha náisiúnta á gcur i bhfeidhm maidir le hathluacháil ar an méid inchánach i gcás ina soláthraíonn máthairchuideachta seirbhisí den sórt atá i gceist sa chás seo dá fochuideachtaí, chun sa seirbhisí sin a mheas i gcónaí mar sheirbhisí uathúla nach féidir a luach margaidh oscailte a chinneadh trí chomparáid a dhéanamh amhail an chomparáid dá bhfhoráiltear i mír 1 d’Airteagal 72? |
|
2. |
An bhfuil sé i gcomhréir le hAirteagail 72 agus 80 den Treoir CBL agus forálacha náisiúnta á gcur i bhfeidhm a mheas gurb ionann an costas arna thabhú ag an gcuideachta agus í ag cur seirbhisí ar fáil dá fochuideachtaí agus caiteachas foriomlán na máthairchuideachta, lena n-áirítear costais a bhaineann le costais scairshealbhóirí agus caipiteal a thiomsú, i gcás inarb é gníomhaíocht aonair na máthairchuideachta bainistíocht ghníomhach a fochuideachtaí agus gur asbhain an mháthairchuideachta iomlán CBL ar ionchur arna íoc ar a héadálacha? |
(1) Treoir 2006/112/CE an 28 Samhain 2006 ón gComhairle maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO 2006 L 347 lch. 1).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1846/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)