EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62023CN0302

Cás C-302/23, Piekiewicz: Iarraidh ar réamhrialú ó Sąd Rejonowy Katowice — Wschód w Katowicach (an Pholainn) a taisceadh an 10 Bealtaine 2023 – M. J. v C. J. J.

IO C 286, 14.8.2023, p. 22–23 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

14.8.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 286/22


Iarraidh ar réamhrialú ó Sąd Rejonowy Katowice — Wschód w Katowicach (an Pholainn) a taisceadh an 10 Bealtaine 2023 – M. J. v C. J. J.

(Cás C-302/23, Piekiewicz (1))

(2023/C 286/27)

Teanga an cháis: an Pholainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Sąd Rejonowy Katowice – Wschód w Katowicach

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: M. J. J.

Cosantóir: C. J.

An cheist a tharchuirtear

An gcaithfear Airteagal 2(1) agus (3) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/93/CE, (2) i gcomhar le hAirteagal 25(1) agus (2) de, agus aithrisí 12, 13, 18, 21, 22 agus 49 de, a léiriú sa chaoi go bhfuil sé d’oibleagáid ar chúirt Ballstáit glacadh le doiciméad nóis imeachta arna thaisceadh leis an gcúirt sin agus arna shíniú le síniú leictreonach, dá dtagraítear in Airteagal 3(10) den rialachán, i gcás nach bhforáiltear i ndlí náisiúnta an Bhallstáit d’aon fhéidearthacht doiciméid nóis imeachta a thaisceadh leis an gcúirt le ríomhshíniú seachas trí chóras TFC?


(1)  Tugadh ainm dlítheanach don chás seo nach bhfreagraíonn d’fhíorainm cheachtar de na páirtithe sna himeachtaí.

(2)  IO 2014 L 257, lch. 73.


Top