Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62023CN0167

Cás C-167/23: Caingean arna tabhairt an 17 Márta 2023 –an Coimisiún Eorpach v an Phoblacht Heilléanachan

IO C 173, 15.5.2023, p. 25–25 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

15.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 173/25


Caingean arna tabhairt an 17 Márta 2023 –an Coimisiún Eorpach v an Phoblacht Heilléanachan

(Cás C-167/23)

(2023/C 173/34)

Teanga an cháis: an Ghréigis

Páirtithe

Iarratasóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: A. Bouchagiar agus C. Hermes, i gcáil Gníomhairí)

Cosantóir: an Phoblacht Heilléanach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

a chinneadh, mar gheall go bhfuil teipthe ar an bPoblacht Heilléanach na bearta riachtanacha go léir a ghlacadh chun córas faireachais speiceas choimhthíoch ionrach is ábhar imní don Aontas a bhunú agus chun pleananna gníomhaíochta a ghlacadh, a chur chun feidhme agus a sheoladh chun aghaidh a thabhairt ar na conairí tosaíochta agus chun cosc a chur ar speicis choimhthíoch ionrach a leathadh go neamhbheartaithe, mhainnigh sí na hoibleagáidí atá le comhlíonadh aici de réir Airteagal 14(1) agus (2), agus Airteagal 13(2) agus (5) de Rialachán (AE) Uimh. 1143/2014 (1) agus de réir an Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;

a ordú don Phoblacht Heilléanach na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Measann an Coimisiún nár bhunaigh an Phoblacht Heilléanach córas faireachais speiceas choimhthíoch ionrach is ábhar imní don Aontas (nó nach bhfuil sé mar chuid dá dlíchóras mar atá sé faoi láthair), mar a cheanglaítear le hAirteagal 14(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1143/2014. Toisc nach bhfuil córas faireachais aici, sháraigh an Phoblacht Heilléanach na coinníollacha substainteacha atá le comhlíonadh lena leithéid de chóras faireachais de réir Airteagal 14(2) den Rialachán sin chomh maith.

Thairis sin, measann an Coimisiún Eorpach nach ndearna an Phoblacht Heilléanach aon phlean gníomhaíochta amháin nó tacar de phleananna gníomhaíochta a bhunú agus a chur chun feidhme agus nár sheol sé iad chuig an gCoimisiún gan mhoill. Mar sin, níor chomhlíon an Phoblacht Heilléanach Airteagal 13(2) agus (5) den Rialachán atá faoi chonspóid.

Ar na forais sin, sháraigh an Phoblacht Heilléanach Airteagal 14(1) agus (2) chomh maith le hAirteagal 13(2) agus (5) de Rialachán (AE) Uimh. 1143/2014 mar aon leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.


(1)  Rialachán (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le tabhairt isteach agus leathadh speiceas coimhthíoch ionrach a chosc agus a bhainistiú (IO 2014 L 317, lch. 35).


Top