Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62023CN0108

Cás C-108/23, SmartSport Reisen: Iarraidh ar réamhrialú ó Amtsgericht Groß-Gerau (an Ghearmáin) a taisceadh an 23 Feabhra 2023 – PU v SmartSport Reisen GmbH

IO C 173, 15.5.2023, p. 20–20 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

15.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 173/20


Iarraidh ar réamhrialú ó Amtsgericht Groß-Gerau (an Ghearmáin) a taisceadh an 23 Feabhra 2023 – PU v SmartSport Reisen GmbH

(Cás C-108/23, SmartSport Reisen)

(2023/C 173/28)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Amtsgericht Groß-Gerau

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: PU

Cosantóir: SmartSport Reisen GmbH

An cheist a tharchuirtear

An gcaithfear Airteagal 18(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1215/2015 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2012 maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála (1) a léiriú sa chiall go leagtar síos leis an bhforáil sin, in éineacht leis an riail maidir le dlínse idirnáisiúnta, riail nach mór don chúirt a bhfuil na himeachtaí os a comhair a chur san áireamh maidir le dlínse chríche na gcúirteanna náisiúnta in ábhair a bhaineann le conarthaí taistil i gcás ina bhfuil a suíomh sa Bhallstát céanna ag an tomhaltóir, mar thaistealaí, agus ag a pháirtí conarthach, mar thionscnóir turas, ach nach bhfuil ceann scríbe an turais sa Bhallstát sin ach i dtír eile agus, mar thoradh air sin, go bhfuil an tomhaltóir in ann éilimh chonarthacha a dhéanamh i gcoinne an tionscnóra turais, mar fhorlíonadh ar na forálacha náisiúnta, sa chúirt dá áit chónaithe?


(1)  IO 2012 L 351, lch. 1.


Top