Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62023CN0100

    Cás C-100/23 P: Achomharc arna thabhairt an 20 Feabhra 2023 ag PNB Banka AS in aghaidh bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Ceathrú Dlísheomra, Comhdhéanamh Méadaithe) a tugadh an 7 Nollaig 2022 i gCás T-301/19, PNB Banka v BCE

    IO C 155, 2.5.2023, p. 37–37 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    2.5.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 155/37


    Achomharc arna thabhairt an 20 Feabhra 2023 ag PNB Banka AS in aghaidh bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Ceathrú Dlísheomra, Comhdhéanamh Méadaithe) a tugadh an 7 Nollaig 2022 i gCás T-301/19, PNB Banka v BCE

    (Cás C-100/23 P)

    (2023/C 155/48)

    Teanga an cháis: an Béarla

    Páirtithe

    Achomharcóir: PNB Banka AS (ionadaí: O. Behrends, Rechtsanwalt)

    Páirtí eile sna himeachtaí: An Banc Ceannais Eorpach (BCE)

    An t-ordú atá á lorg

    Iarann an t-achomharcóir ar an gCúirt Bhreithiúnais:

    an breithiúnas atá faoi achomharc a chur ar leataobh;

    cinneadh an BCE, ar tugadh fógra dó i litir ón 1 Márta 2019, an t-achomharcóir a aicmiú mar eintiteas suntasach faoi réir a mhaoirseacht stuamachta dhírigh a dhearbhú a bheith ar neamhní;

    a ordú don BCE costais an achomharcóra agus costais an achomhairc seo a íoc, agus

    a mhéid nach bhfuil an Chúirt Bhreithiúnais in ann rialú a dhéanamh ar an tsubstaint, an cás a tharchur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta.

    Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

    Mar thaca leis an achomharc, maíonn an t-achomharcóir saincheist dlí amháin lena líomhnaítear go bhfuil an breithiúnas faoi achomharc lochtach ó thaobh nós imeachta de toisc nár dhéileáil an Chúirt Ghinearálta go cuí leis an tsaincheist maidir le hionadaíocht an achomharcóra i gcomhthéacs an nós imeachta os comhair na Cúirte Ginearálta.

    Rinne an Chúirt Ghinearálta earráid nuair a ghlac sí leis nach fadhb í saincheist maidir le sláine an nós imeachta os comhair na Cúirte Ginearálta chomh fada agus is féidir a áitiú nach mbeadh an fhadhb ann dá gcomhlíonfadh an Laitvia, go hipitéiseach, a cuid oibleagáidí. Mar sin sháraigh sí an prionsabal nach ceart do chosaint dhlíthiúil a bheith teoiriciúil agus míthreorach amháin agus ar an gcaoi sin sháraigh sí Airteagal 47 den Chairt.


    Top