Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62023CN0040

    Cás C-40/23 P: Achomharc arna thabhairt an 26 Eanáir 2023 ag an gCoimisiún Eorpach i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Seachtú Dlísheomra, Méadaithe) a fógraíodh an 16 Samhain 2022 i gCás T-469/20, Ríocht na hÍsiltíre v an Coimisiún

    IO C 173, 15.5.2023, p. 14–15 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    15.5.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 173/14


    Achomharc arna thabhairt an 26 Eanáir 2023 ag an gCoimisiún Eorpach i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Seachtú Dlísheomra, Méadaithe) a fógraíodh an 16 Samhain 2022 i gCás T-469/20, Ríocht na hÍsiltíre v an Coimisiún

    (Cás C-40/23 P)

    (2023/C 173/20)

    Teanga an cháis: an Ollainnis

    Páirtithe

    Achomharcóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: B. Stromsky, H. van Vliet, I. Georgiopoulos, i gcáil Gníomhairí)

    Páirtí eile sna himeachtaí: Ríocht na hÍsiltíre

    An t-ordú atá á lorg

    Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Bhreithiúnas:

    go gcuirfí ar ceal breithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Seachtú Dlísheomra Méadaithe) an 16 Samhain 2022 i gCás T-469/20, Ríocht na hÍsiltíre v an Coimisiún, EU:T:2022:713;

    go ndiúltófaí don cheathrú saincheist dlí agus don chúigiú saincheist dlí i gCás T-469/20;

    a dlínse a fheidmiú faoin dara abairt den chéad fhomhír d’Airteagal 61 de Reacht Chúirt Bhreithiúnas an Aontais Eorpaigh chun breithiúnas críochnaitheach a thabhairt san ábhar agus an t-ordú a dhíbhe mar ordú gan bunús ina iomláine;

    a ordú do Ríocht na hÍsiltíre na costais a íoc.

    Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

    Ardaíonn an t-iarratasóir saincheist dlí amháin, ina bhfuil dhá chuid.

    Dearbhaíodh leis an gcinneadh ón gCoimisiún sa chéad chéim (1) (“an cinneadh”) go raibh beart ar neamhréir leis an margadh inmheánach gan cinneadh críochnaitheach a thabhairt an Státchabhair de réir bhrí 107(1) CFAE é nó nach ea.

    Éilítear sa chéad chuid go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí lena cinneadh nach féidir leis an gCoimisiún cinneadh a ghlacadh gan aon agóid a dheánamh de réir bhrí Airteagal 4(3) de Rialachán 2015/1589 (2) ach amháin i gcás ina bhfuil rialú tugtha cheana féin an Státchabhair é an beart atá faoi scrúdú nó nach ea. Áitíonn an Coimisiún nach dtacaítear leis an gconclúid seo leis na modhanna éagsúla léirithe ar dhlí an Aontais. Go háirithe, áitíonn an Coimisiún go dtagtar salach leis an mbreithiúnas faoi achomharc ar chuspóir reachtaíocht an Aontais chun a fháil amach go soiléir sciobtha an bhfuil nó nach bhfuil bearta i gcomhréir leis an margadh aonair. Go deimhin, d’fhéadfadh seasamh leis an mbreithiúnas a bheith ina chúis lena cheangal ar an gCoimisiún scrúdú fadálach agus neamhriachtanach a dhéanamh an gcuimsítear nó nach gcuimsítear i mbeart áirithe gach cuid d’Airteagal 107(1) CFAE, in ainneoin go bhfuil sé cinnte dearfa go bhfuil an beart i gcomhréir leis an margadh inmheánach.

    Éilítear sa dara cuid go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid i léiriú an dlí lena cinneadh gur sáraíodh prionsabal na deimhneachta dlíthiúla leis an gcinneadh. A mhalairt ar fad, cuireadh leis an deimhneacht dhlíthiúil leis an gcinneadh trí dhearbhú go raibh an beart i gcomhréir leis an margadh aonair ar theacht don Choimisiún ar chonclúid dá leithéid sin.


    (1)  Cinneadh C(2020) críochnaitheach 2998 ón gCoimisiún an 12 Bealtaine 2020 maidir le Státchabhair SA.54537 (2020/NN) – an Ísiltír – Cosc ar ghual ar mhaithe le táirgeacht leictreachais san Ísiltír.

    (2)  Rialachán (AE) 2015/1589 ón gComhairle an 13 Iúil 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le hAirteagal 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm (IO 2015, L 248, lch. 9).


    Top